Don gcéad ghlúin a mhairfidh tréis bhás na Gaeilge
Ní fiú mórán dua a chaitheamh leis an ndán so.
Ní bheidh tusa ábalta é a léamh pé scéal é
is tá nithe thairis sin ar m’aire ar maidin;
m.sh. dán réasúnta slachtmhar a scríobh dóibhsean
gur féidir leo fós Gaeilge a thuiscint.
Cé chreidfeadh go bhfaighfí slí di
i Reilig na mBalbh?
Shamhlaíos uair amháin í
ag leagadh bláth ar uaigh a sinsear:
Laidin, Fraincis, Lochlannais, Béarla
ach is féidir libhse anois dul ar cuairt
go dtí a huaigh féin tráthnóintí Domhnaigh;
má tá Domhnach is Satharn fanta
sa domhan ina maireann sibhse ina diaidh.
Is cuimhin liom scéal
fén gcainteoir deireanach Meiriceánaise
á thaifeadadh ar leaba a bháis
in árasán ar an míliú urlár
fé phluid déanta de leathanaigh stractha
as foclóirí ársa, fógraí, is bíoblaí athláimhe.
Ach an Ghaeilge? Dar linn gurbh í amháin
a mhínigh gach aon ní, teanga dhúchais
an tsaoil a labhair Éabha is Ádhamh
sa ghairdín: athair, nathair, úll.
Ar ndóigh, tá focail eile ar na nithe seo
ach cá bhfaighfeá aon ní níos fearr ná
farraige, ciúnas, tigh,
tine, arán, gualainn?
Mo leithscéal. Tá an iomarca ama caite agam leis seo.
Lean ort chomh fada agus is féidir leat gan í
dod chur féin in iúl le poncaíocht do lámh san aer,
le hataí, balúin, is bláthanna páipéir.
Tá tú díreach ar nós na ndaoine sin a mhaíonn
ná tuigeann siad filíocht
ach go bhfuil leithscéal agatsa ar a laghad.
Táim ar an gcéad leathanach eile anois
is do scéal gruama á dhearmad agam cheana.
Tá línte á scríobh agam fé bhlátha dearga
ar dhá thaobh an iarnróid
ag beannú dos na leanaí
atá ag stánadh orthu
tré fhuinneog na traenach amach.
Ní bheidh a fhios agatsa go deo
cé hiad ná cad tá i ndán dóibh.
(claonaithris, le mórmheas, ar dhán le Billy Collins)