Caitheamh na Cloiche
Simon Ó Faoláin
Caitheamh na Cloiche
don Direánach
Tá fallaí aolchloiche pas coimhthíoch domsa as críoch gaineamhchloiche rua;
an moirtéal ag titim as a chéile le haois, an chloch féin fós teann dlúth,
smionagar ruacan is bairneach sa mhoirtéal, sliogán slán sa chloch,
siar trí, nó b’fhéidir ceithre, chéad milliún bliain: cén difear dúinne?
Am Doimhin 'sea ghlaonn geolaithe air, is téann cách go tóin poill ann.
Tá ciall, tá leanúnachas deimhin ag baint le bheith ag baint le cloch,
le buncharraig, le dúshraith, glúin ar ghlúin, bheith riamh beag beann
ar imeacht aoiseanna gan áireamh, gan chorraí, fanacht ann,
gan ligint d'aon ní hob ná hé a bhaint as d'fhalla, do shliogán,
fiú titim dreigíte ollmhóire a mhúch formhór beo ar domhan –
Sinne fáslaigh gan fóid a chuaigh thar fóir, a bhain slat a bhuail iad féin,
dhein flaisc éabhlóide: géaga, gluaiseacht, súile, guth, intinn,
dhein tine chnámh de ghaois na sinsear, dhein rince, chonaic an ghrian,
Is lá dár saol é inniu - an splanc seo - is bhí ár lá againn.