Filí an tSrutháin ...
Máirtín Ó DireáinDánta le Máirtín Ó Direáin, Tomás Ó Direáin, Seán Ó Direáin agus Máire Áine Ní Dhireáin
Níorbh aon eisceacht é Máirtín i measc Dhireánaigh an tSrutháin, óir rith bua na filíochta leis an gceathrar clainne a saolaíodh do Pheige agus Seáin Mháirtín Thaidhg Uí Dhireáin. Má bhí an nádúr, an fharraige agus an chomhchaint ina spreagadh acu, dar le Máire Áine Ní Dhireáin, iníon dearthár le Máirtín, gurb é an spreagadh is mó a fuair siad ná an t-uchtach a tugadh dóibh faoi chaolach an tí féin. Nuair a cailleadh a fear le heitinn i 1917, b’éigean do Pheige an chlann a thógáil aisti féin agus thuig sí go dteastódh oideachas uathu le dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Cheannaíodh sí leabhar do na gasúir ag an margadh i nGaillimh agus deirtear go gcuireadh sí fataí ar bhord na cistine len iad a chur ag comhaireamh. Is léir gur fhág an flosc chun foghlama seo a rian ar na gasúir, agus mar a deir Máire Áine, ‘as an mbochtanas, tháinig saibhreas’.
Ba é Tomás, a rugadh i 1914, an chéad duine den cheathrar ar foilsíodh dán leis nuair a cuireadh, ‘Thar Sáile Thiar’, i gcló in Ar Aghaidh i Meán Fómhar 1933. D’fhoilsigh sé lear mór dánta in Feasta agus Comhar sna 1940idí. Is mór an dea-theist ar a cheird mar fhile gur cuireadh dánta leis i gcló in Nuabhéarsaíocht (1950) in eagar ag Seán Ó Tuama agus in Nuafhilí 1942-1952 (1965) ag Séamus Ó Céileachair. Deirtear ina thaobh in Nuafhilí gurb ‘iad na radharcanna is beo ina chroí an t-oileán iargúlta síochánta agus na scórtha curachaí ag imeacht go réidh ar bharr na farraige tráthnóna ciúin Fómhair agus iad ag iascach ronnach’.
Bhí an-mhianach sa deartháir ab óige, Seán, freisin, agus tá dán amháin leis a foilsíodh in Ar Aghaidh. Tá an dán i gcló anseo agus gan aon chaighdeánú déanta air. Cailleadh den titimeas é i 1946 agus é 29 bliain d’aois.
Chaith Máire a saol ar fad ar an oileán, agus deirtear go raibh féith na filíochta agus na drámaíochta go smior inti. Faraor, níorbh fhéidir teacht ar aon dán léi le cur i gcló anseo.
Fágadh oidhreacht seo na filíochta ag iníon Thomáis, Máire Áine, a bhfuil cnuasach filíochta amháin curtha i gcló aici, Bean Árann (Nuascéalta 2015). Tá díolaim filíochta lena hathair á cur i dtoll a chéile aici faoi láthair.
BoigeAn té a thógann máthair
Gan athair ina dháil
Ní rí ar thada é;
Is mogha ar bhoige é.
Ar bhrollach, ar chíoch,
Is bog í a chríoch,
A choisceadh is mall.
Ó bhrollach go cíoch
Is ó chíoch go brollach,
Sin agaibh dán
An té a thógann máthair.
Is tar éis an ghnó
Ar tuirse a leath is níos mó,
Déan gol a mhogha,
Ní miste deoir nó dhó.
An gad imleacáin do chuing,
Go brách ní ghearrfaidh;
An té a thógann máthair
Dar m’anam! gur silte.
Máirtín Ó Direáin
As Crainn is Cairde (1970)
An tÁrannach
Féach é ina sheasamh ar an leic,
Atá liath agus lom,
Ag guí chun Dia
Le neart agus stuaim
Go gcuirfidh sé toradh
(Le anró agus pian)
Ar an áit atá lom
Leis na mílte blian.
Le allas a bhaithis,
Le fuil a chroí,
Déanfaidh sé talamh
As na scalpachaí.
Tomás Ó Direáin
Comhar, Deireadh Fómhar 1946.
An tSean-Bhó Mhaol
A’ dhul siar dom an bóithrín le tuitim na hoídh’
Casadh san tslighe dom an tseanbhó mhaol
Bhí a croiceann chomh rocach, chomh brocach, chomh buidhe
Níor aithnigheas an tráth sin í, ‘gus chuireas romham rítheach.
Aon amhrac amháin, ach sin a raibh ann,
An sgáth ’gus an sgread, ’gus na hiosgadaí lag’
An ghruaig ina seasamh, dá dhéanamh níos measa,
’Gus mise go traochta, trom tuirseach a’ treasnú an bháin.
Bhíos mar sin seal gur casadh dom fear
A d’fhiafraigh gan deifir díom, de chúis mo bhróin
Ní rabhas i ndon é freagairt i n-am
Cé gur labhras ar éigin, ’gus gur dúbhras leis, “fan”.
Do shuidh seisean síos, ’gus níor labhair go ceann sgathaimh:
“An bhfuairis aon bhiseach, nó an bhfuil a’ teacht ort aon rath?”
Ar seisean go hobann, “mar tá ormsa deifir.
’Gus ní fhéadfaidhe mé fanacht níos fuide a’ cainnt”.
Do chorruigheas mo cheann ’gur chinneas ar a rádh:
“Ainsprid nó taisídhe, a chonnaiceas thall”
Do shíneas mo mhéar, ’gus d’innsígheas cé’n cheaird,
Chomh maith ’gus d’fhéadfas, cé go raibh creathadh ’mo láimh.
“Nach bocht an nidh dhom-sa,” ar seisean, go teann,
‘M’aghaidh thabhairt san áit sin, le dul a’ bhleághan,
Má tá a leithéid d’ainsprid nó taisídhe sin ann
A chuir i gcrot táirnighthe an ghruaig ar do cheann.
D’éirigheas suas, ’gus rugas ar a láimh.
Thug seisean conghnamh dhom le dul go dtí ’n-áit,
An dóigh leat, a dhuine, céard a bhí ann,
An tSeanbhó Mhaol a bhí sé le bhleághan.
Seán Ó Direáin
Ar Aghaidh, Iúil, 1936.
A Shlí Seasmhach
Nuair a bhí mé bídeach
Bhreathnaigh mé ar fhear
Ina shuí
Ar bhalla aolchloiche.
An chulaithe choiteann air.
Geansaí
Báinín
Pampútaí
Níor theastaigh uaidh
Foghlaim faoi shaol eile.
Iascaireacht, currach, feamainn,
Cneasacht na slat mara.
Ach a bhogadáil mhuiníneach
Ag tabhairt le tuiscint
Go raibh
Athrú aimsire
Ag teacht ar an Atlantach
A chaipín ar thaobh a chinn
A chorrán géill go láidir
Féin-iontaobh agus ábaltacht.
Dhearc mé air
Béaloscailte
Le fiosracht pháiste
Bhí sé sa bhaile
Ag an bpointe sin
Agus mise mar lucht féachana
Gan smaoineamh agam
Go bhfaigheadh sé bás.
Anois táim ag stánadh
Ar an bhfolús mar a bhíodh sé
An spás a líonadh sé.
Agus mise féin
Ina áit, go seasmhach.
Máire Áine Ní Dhireáin
As Bean Árann, Nuascéalta 2015.
Miotal Á Dhlúthú
An bhean de mo chineál féin
A d'fhág mé i mo dhiaidh
Tá tú slán id’ inbhear suaimhnis
Rug mé greim ar shaol na cathrach
Ar shluaite dochuimsithe
Agus ar uaigneas dá bharr
Bím ag iniúchadh na n-aghaidh
Ar lorg na ngeáitsí ba ghnáthach liom
At i mo chroí ar chlos
Seanteanga mo bhreithe
An réimse rithmeach fuaime
Go bhfuil caoincheol ann
Táim dom bháthú in aigéan éagsúlach
Na gcultúr glórach
Aigheanna éadaí agus gluaiseacht
A thig chugam ina dteannta
Agus a fhéachann le glór na mná
A d’fhágas i mo dhiaidh
A mhúchadh go buan.
Máire Áine Ní Dhireáin
As Bean Árann, Nuascéalta 2015.
Máirtín Ó Direáin