‘Tharlódh gurb ea agus tharlódh nárbh ea ...’

Fadó fadó nuair a thugtaí deis don chainteoir dúchais Gaeilge, mar chuid dá chúrsa Ardteiste, eolas a chur ar litríocht a theanga agus taitneamh agus tairbhe a bhaint aisti, bhíodh Feamainn Bhealtaine ar cheann de na sé leabhar a bhíodh le léamh ar an gcúrsa sin.

Scéalta, ailt agus sleachta a bhí scríofa i nGaeilge nádúrtha faoi ábhair agus téamaí a bhain lenár saol féin agus saol ár muintire agus a raibh an greann agus an croí éadrom fite fuaite ina lár.

Ní raibh siad rófhada mar ní dheachaigh an t-údar i bhfad scéil le haon ábhar agus ní dea-litríocht a bhí uainne ach muid féin a fheiceáil i scáthán éigin i saol aduain sin na scolaíochta.

Sa ré sin roimh YouTube, RnaG agus TG4 ba thíolacadh ó neamh téip den fhile mór as Árainn a chloisteáil ag léamh a chuid dánta – amhail maidhmeanna na farraige móire ag lascadh faoi uaimheanna an chladaigh nó toirneach i ndeireadh oíche, fuaimeanna agus siollaí ag ramhrú san aer agus an t-éisteoir óg i dtámhnéal suaimhnis acu.

Filíocht a thuig muid agus a raibh dáimh againn léi a bhí ina chuid filíochta – tobar, láí, seál, cladach, Gaillimh, saint, bás, brón, fiodmhagadh. Níorbh aon ualach na seoda seo a chur de ghlanmheabhair ná a mhíniú.

Ach céard seo? Na nótaí i ndíolaimí beaga na gcomhlachtaí foilsitheoireachta – trácht ar stoiteachas, coimhthíos, buairt, uaigneas, ísle brí agus an t-éan corr sa gcathair scéiniúil chontúirteach i measc an dream doicheallach sin gan ainm.

Blianta ina dhiaidh sin agus mé féin ag saothrú liom i measc na dtrodán lán deannaigh sin, thuig mé gur dána an mhaise saol duine a mheas ar a mbíonn ar pár. Bíonn lá fireann agus lá baineann againn uilig agus scalann an ghrian i ndiaidh na doininne.

Ní fear gan ainm a bhí i bhfile an tSrutháin i mBaile Átha Cliath mar ba dheacair don fhathach fir sin siúl tharat nó suí ar bhus gan suntas a tharraingt air féin – é gléasta go péacach ina chulaith agus a chóta bréidín agus hata ar a cheann, samhradh agus geimhreadh. Faoileán Fhaiche Stiabhna féin, shantaigh sé an hata galánta sin! Meangadh na suáilce ar a bhéal agus cluas air ag cnuasach scéalta agus eachtraí barrúla.

Súile Mháirtín is mó a fhanann i mo chuimhne-se – bhídís ag rince ina cheann le teann rógaireachta agus é aibí chun abarthachta agus dea-chaint. Cuimhním ar na rachtanna breátha a dhéanadh sé agus múinteoirí ag míniú a chuid dánta féin dó. Tar éis míniú mór fada (a bhuíochas do dhíolaim foilsitheora), d’fhiafrófaí de ‘nach é sin a bhí i gceist agat leis sin?’

Freagra an fhile agus fad á bhaint aige as gach siolla agus an falrach gáire á phlúchadh aige, ‘Tharlódh gurb ea agus tharlódh nárbh ea…’.

Freagra gur bheag an cúnamh é don mhúinteoir Gaeilge bocht i rang Ardteiste Gaeilge trí Bhéarla lá arna mhárach ach bhain an file an-spórt go deo as an léamh a bhíodh á dhéanamh ar a intinn agus a mheon ag daoine nárbh eol dóibh a acmhainn grinn ná a chroí mór Gaelach, dhá thréith nár chothaigh scrúdú na hArdteiste.

Bhí an tÁrannach Bleá Cliathach seo lán le béadán, scéalta beaga faoi bhoic mhóra agus bheaga shaol na Gaeilge, na litríochta, na hamharclainne agus na státseirbhíse, ach is go cáiréiseach stuama a chloisfeá iad dá bhféadfaí thú a thrust.

Thuig an Direánach a cheard féin, bhí de mhuinín aige a róidín réabhlóideach féin a leanacht lena chuid filíochta cé gurbh éigean dó dul in aghaidh shaoithe acadúla na héigse agus lámh a chur ina phóca féin ar an mbealach.

Nocht Máirtín Ó Direáin fuinneog chun na filíochta Gaeilge domsa agus an nádúr, an tráthúlacht, an ghontacht, an tsnoiteacht agus an chaoithiúlacht chéanna a thugann pléisiúr fós dom.

Ní beag sin ag aon fhear amháin.

Is eagarthóir, scríbhneoir agus teagascóir í Máire Ní Fhinneadha.