Ar léigh Aire Stáit na Gaeltachta an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge?
An Cúigiú ColúnaíIs léir don dall faoin tráth seo go bhfuil an Teachta Dála agus iar-aire Éamon Ó Cuív tinn tuirseach de na freagraí seachránacha seachantacha a bhíonn go minic ag an Aire Stáit Joe McHugh.
Thagair muid anseo cheana don fhrustrachas a bhíonn ar Ó Cuív bocht le cur i láthair agus friotal neamhghnách McHugh.
Ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí, ba chosúil go raibh sé beartaithe ag Ó Cuív gurbh fhearr dó gan géilleadh ar fad don chantal agus sult éigin a bhaint as sruth cainte líofa lofa an Aire Stáit.
“Tá ceist an-sciobtha agam. Beidh freagra ‘sea’ nó ‘ní hea’ i gceist. Ar léigh an tAire Stáit an Straitéis [20 Bliain don Ghaeilge] riamh ó chlúdach go clúdach?’ a d’fhiafraigh an t-iar-aire den aire stáit.
‘Léamh…’ an freagra gonta a thug McHugh air.
‘Léigh’ a cuireadh i mbéal McHugh ar thaifead oifigiúil an Oireachtais.
An Cúigiú Colúnaí