Ar léigh Aire Stáit na Gaeltachta an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge?

Ar léigh Aire Stáit na Gaeltachta an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge?

Is léir don dall faoin tráth seo go bhfuil an Teachta Dála agus iar-aire Éamon Ó Cuív tinn tuirseach de na freagraí seachránacha seachantacha a bhíonn go minic ag an Aire Stáit Joe McHugh.

Thagair muid anseo cheana don fhrustrachas a bhíonn ar Ó Cuív bocht le cur i láthair agus friotal neamhghnách McHugh.

Ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí, ba chosúil go raibh sé beartaithe ag Ó Cuív gurbh fhearr dó gan géilleadh ar fad don chantal agus sult éigin a bhaint as sruth cainte líofa lofa an Aire Stáit.

“Tá ceist an-sciobtha agam. Beidh freagra ‘sea’ nó ‘ní hea’ i gceist. Ar léigh an tAire Stáit an Straitéis [20 Bliain don Ghaeilge] riamh ó chlúdach go clúdach?’ a d’fhiafraigh an t-iar-aire den aire stáit.

‘Léamh…’ an freagra gonta a thug McHugh air.

‘Léigh’ a cuireadh i mbéal McHugh ar thaifead oifigiúil an Oireachtais.