EALA

Seán Ó Leocháin

Ag imeacht is ag síorimeacht

gan ceann scríbe a bhaint amach,

na sciatháin ag tabhairt uathu,

gan uaim ach áit le tuirlingt

feicim abhainn thíos fúm, í dubh cúng lonrach:

mar a thitfinn anuas ón spéir

tuirlingím de thuairt is buailim go trom

rud crua garbh naimhdeach neamhghéilliúil,

ré roithleagán i mo cheann,

mo leathchos ag cur fola,

gan teacht ná imeacht i ndán dom.

Gan ionam corraí leis an mbail atá orm,

gan mhothú gan mheabhair

nuair a thagann bean óg i mo threo

trasna an bhóthair, abhainn gan uisce

atá fliuch lonrach i gcónaí,

féachann sí orm is fágann sí ann mé.

Go gairid ina dhiaidh sin

stopann carr le mo thaobh,

léimeann fear óg is bean óg amach as.

Tagann cáithníní ar mo chraiceann

nuair a dhéanann sé orm

go gcaitheann pluid i mo mhullach -

rud gorm dorcha le gorm níos dorcha tríd -

greim orm i gcúl an chairr

gan léaró solais le feiceáil

ach, cé nach féidir liom é a mhíniú,

tugann sé sin chun suaimhnis mé.

I seomra geal soilseach baintear an clúdach díom,

mé in airde ar bhord acu

fear le cóta bán ann

a scrúdaíonn ó bhun go barr mé

is a dhéanann amach nach baol dom.

Faoi dhroichead bán nó liathbhán

tugann siad ar ais don abhainn mé.

Fáiltíonn an abhainn romham,

aithníonn an abhainn mé -

cuireann an t-uisce ríméad orm

cé go ndónn an teagmháil an chréacht.

Agus bogaim liom go buíoch,

súil in airde leis an gcuid eile agam,

ag imeacht i bhfad ón dainséar,

imníoch nuair a bhím liom féin - fíorimníoch

nuair a bhíonn comhluadar agam.