Masla d’fhoireann na nuachta?

Masla d’fhoireann na nuachta?

Tá deireadh faoi dheireadh le réimeas Michael Lally i seomra nuachta TG4. 22 bliain a thug Lally ina Phríomh-Eagarthóir ar sheirbhís nuachta Gaeilge RTÉ agus TG4 agus cuirfear go leor suime dá bharr sa chur chuige a bheidh ag an té a cheapfar mar chomharba air. Idir an dá linn, dúradh san fhógra don fholúntas a scaipeadh go hinmheánach in RTÉ go mbeadh ar an té a cheapfar sa phost a bheith ábalta daoine ‘a threorú, a spreagadh agus a mhúscailt’.

A leithéid de mhasla do chosmhuintir an tseomra nuachta go ndéarfaí gur gá iad a mhúscailt! An amhlaidh go gceaptar gur ina gcodladh atá siad? Thuigfeadh An Cúigiú Colúnaí dá mbeadh sé riachtanach go mbeadh an Príomh-Eagarthóir nua ábalta misneach nó dóchas a mhúscailt san fhoireann. Bheifeá ag súil go mbeadh an bua sin ag ceannaire ar bith. Ach iad a mhúscailt?

Mura bhfuil gearán déanta faoin achasán gránna seo ag duine den fhoireann, níl tada eile le rá faoin scéal ag An Cúigiú Colúnaí ach, dúisígí a chomh-haiceannna Gael!