Na mílte beo ...

Na mílte beo ...

Suas le seacht míle duine a bhí ag an mórshiúl Beo i mBaile Átha Cliath, de réir na ceannlíne ar Nuacht RTÉ/TG4.

7,000 duine? Ba ghaire do 2,000 duine a bhí ann, dar leo siúd a bhí i láthair ar labhair an Cúigiú Colúnaí leo.

‘Na mílte’ a bhí ann, de réir meáin eile. ‘Na mílte’ a bhí ann de réir Chonradh na Gaeilge féin chomh maith, cé nár cheartaigh siad scéal RTÉ.

Cad as a tháinig an 7,000 duine mar sin? An é go bhfuil Sean Spicer fostaithe go rúnda ag an eagraíocht teanga is ársa in Éirinn? ‘Ba é an mórshiúl Gaeilge is mó riamh, period,’ a déarfadh an fear a sheas go diongbháilte le cuntas Donald Trump ar líon na ndaoine a bhí i láthair ag a insealbhú.

Pé scéal é, labhair Uachtarán s’againne amach ón gcroí ag an ócáid chéanna i mBaile Átha Cliath. Bhí ceist shuimiúil faoin rud ar fad ag fear amháin ar ár n-aithne, fear a choinníonn súil beagnach chomh géar céanna leis An Cúigiú Colúnaí ar na cúrsaí seo. ‘Nach bocht an scéal é,’ ar sé, ‘nuair atá Uachtarán neamhpholaitiúil na hÉireann níos radacaí faoi chás na teanga ná mar atá na heagraíochtaí teanga féin?’

Tá an tuairim anois ag cuid mhaith de chairde eolacha An Cúigiú Colúnaí go bhfuil an iomarca den chomhghuaillíocht le tamall idir eagraíochtaí teanga agus lucht an Stáit agus gur ar éigean gur ann a thuilleadh don naimhdeas folláin a bhíodh mar chomhartha sóirt ar chaidreamh na n-eagraíochtaí le leithéidí Roinn na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge. Is fíor gur beag dul chun cinn a dhéanfaí mura mbeadh ag teacht ó na ceanneagraíochtaí ach ráitis ag cáineadh an Rialtais, na Roinne nó an Aire, ach is annamh anois a chloistear aon ráiteas dá leithéid. Ba dhóigh le duine uaireanta gur i lár ré órga atáimid ó thaobh thacaíocht an Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní hin an léamh atá againne anseo ar an scéal, mar is eol go maith don dream beag ámharach sin a dtugaimid ‘léitheoirí dílse An Cúigiú Colúnaí’ orthu. Ach ná glac lenár bhfocal air, éistigí le hUachtarán na hÉireann.