Tá comóradh an Chomhaontaithe thart, cad atá i ndán anois don Tuaisceart?

Póilín Ní Chiaráin
Tá comóradh an Chomhaontaithe thart, cad atá i ndán anois don Tuaisceart?

Is furasta a rá gur thórramh ab ea comóradh 20 bliain an Chomhaontaithe ach seafóid atá ansin, a deir Póilín Ní Chiaráin

Ní ceiliúradh a bhí ann. Níor deineadh gairdeachas. Ach rinneadh comóradh ar an 10 Aibreán, cothrom an lae fiche bliain ó shin nuair a rinneadh an margadh i Stormont, Comhaontú Aoine an Chéasta. B’fhiú é a chomóradh cé nach bhfuil bail sheasmhach ar an bpolaitíocht. Seans gur cheart é a chomóradh toisc nach bhfuil an pholaitíocht ag feidhmiú – meabhrú nach mór díriú ar acmhainní luachmhara a chaomhnú agus a fhorbairt, meabhrú ar thábhacht na bprionsabal a leagadh síos sa chonradh idirnáisiúnta sin ar ghlac móramh na vótóirí ar an oileán seo leo i dhá reifreann.

Seoid a thug iarUachtarán Mheiriceá, Bill Clinton ar an gComhaontú. An rud ab fhearr a rinne sé riamh, a dúirt an Tiarna Caomhach, iarcheannaire an UUP, David Trimble. Ní raibh John Hume, an té a bhuaigh an gradam síochána Nobel le Trimble, i láthair de bharr drochshláinte ach, thar éinne eile, ba é Hume ailtire an Chomhaontaithe; ba í a aisling í. Bhí iarPhríomh-Aire na Breataine, Tony Blair agus an t-iarThaoiseach, Bertie Ahern fós mórtasach as a n-éacht agus údar acu. Ní dhearna George Mitchell gaisce as a shaothar féin ach ba léir don dall go raibh an ról a d’imir an cathaoirleach neamhspleách cinniúnach. Nuair a bhailigh ‘laochra’ 1998 i mBéal Feirste sheachain siad milleánú ar cheannairí an lae inniu ach rinne a ndícheall chun iad a ghríosú leis an tsáinn i Stormont a fhuascailt.

Díol suntais ab ea gurbh ar éigean a ghlac rialtas na Breataine páirt in aon cheann de na hócáidí cuimhneacháin. Bhí státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley i láthair ag imeacht in Ollscoil na Ríona, i bhfochair an Tánaiste, Simon Coveney a d’fhreastail ar imeachtaí eile freisin. Is ar an mBreatimeacht agus gnóthaí idirnáisiúnta a bhí Whitehall ag díriú seachas ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is minic a dhéanann na Breatimeachtóirí is díograisí beag is fiú den Chomhaontú, ag maíomh go bhfuil a ré thart. Bua mór de dheasca an Chomhaontaithe ab ea an dlúthchairdeas idir Éirinn agus an Bhreatain ach tá dochar déanta don chaidreamh sin ag an mBreatimeacht. Gné eile den Chomhaontú is gá a leigheas.

Is furasta a rá gur thórramh ab ea comóradh 20 bliain an Chomhaontaithe ach seafóid atá ansin. Airímid suáilce an chomhaontaithe gach lá. Nuair a théim amach an doras ar maidin ní gá dom a bheith ar m’airdeall faoi charr atá páirceáilte in aice láimhe. Is gá do dhuine atá sna póilíní breathnú faoin ngluaisteán lena chinntiú nach bhfuil bobghaiste curtha ann ag easaontóirí poblachtacha ach ní bhíonn údar imní ag ár bhformhór. Ní gá a dhul trí gheataí slándála ag dul isteach i lár na cathrach ná a dhul faoi scrúdú colainne ag doras siopa. Ní gá do dhaoine cois teorann a bheith buartha go n-ionsófar túr faire is iad ag dul thar bráid nó go stopfar ar an mbóthar iad. Ní gá don mhóramh a bheith eaglach gur fear gunna an té atá ag an doras. Ní gá míniú do chuairteoirí go bhfuil sé níos sábháilte a bheith gar don fhuinneog i mbialann nó tábhairne ná a bheith cúpla slat uaithi má chaitear clocha (nó níos measa) tríd an bhfuinneog. Comharthaí sóirt na síochána a bhfuilimid buíoch beannachtach astu.

Dhearbhaigh Comhaontú Aoine an Chéasta an tsíocháin. Admhaím gur tharla an t-uafás ba mheasa ar fad ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa 1998 nuair a mharaigh an Fíor-IRA naoi nduine is fiche agus cúpla gan bhreith. Iarracht ab ea an t-ionsaí buamála sin chun an bonn a bhaint den Chomhaontú agus den tsíocháin. Theip air. Baineadh croitheadh as an gComhaontú go minic – nuair a robáil an IRA Banc an Tuaiscirt, marú Robert McCartney nó fíoch marfach idir paraimíleataigh Dhílseacha, gan ach cuid de na fadhbanna a lua. Rinne siad dochar mór ach níor bhuillí mharfacha a bhí iontu.

Nuair a chuimhnímid gur maraíodh os cionn 3,700 agus gur gortaíodh na mílte eile le linn na dTrioblóidí b’iontach an saothar é an Comhaontú. Ní raibh sé gan locht, ar ndóigh, bhí easnaimh shuntasacha ann, ceisteanna a bhí ródheacair ach leag sé amach múnla tairbheach bunaithe ar phrionsabail a bheadh chun leasa gach duine. Féach an chéad leathanach:

DEARBHÚ TACAÍOCHTA

1. Creidimidne, na rannpháirtithe sna caibidlí ilpháirtí, go dtugann an comhaontú atá caibidlithe againn deis fhíorstairiúil chun tús nua a dhéanamh.

2. D’fhág na tragóidí san am a caitheadh iarmhairt dhomhain fulaingthe ar ábhar mór aiféala í. Ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh choíche ar na daoine a fuair bás nó a gortaíodh, ná ar a dteaghlaigh. Ach is é an t-ómós is fearr is féidir linn a thabhairt dóibh ná tosach nua a dhéanamh ina dtiomnaímid muid féin go daingean d’athmhuintearas, do chaoinfhulaingt agus do chomhiontaoibh a bhaint amach agus do chearta daonna gach éinne a chosaint agus a shuíomh.

3. Táimid tiomanta don chomhpháirtíocht, don chomhionannas agus don chomhurraim mar bhonn leis na caidrimh laistigh de Thuaisceart Éireann, idir an Tuaisceart agus an Deisceart, agus idir na hoileáin seo.

4. Athdheimhnímid go bhfuilimid tiomanta go huile agus go hiomlán do mhodhanna daonlathacha, síochánta amháin chun easaontais ar shaincheisteanna polaitiúla a shocrú,.....

5. Aithnímid na difríochtaí substaintiúla atá idir ár dtoilmhianta polaitiúla leanúnacha agus comhdhlisteanacha. Déanfaimid ár ndícheall ar gach slí praiticiúil, áfach, chun athmhuintearas agus athchaidreamh a bhaint amach laistigh den chreat socruithe daonlathacha agus comhaontaithe. Geallaimid go n-oibreoimid, de mheon macánta, chun a áirithiú go n-éireoidh le gach uile cheann de na socruithe a bhunófar faoin gcomhaontú seo ...

6. Dá réir sin, le meon an chomhcharadra, molaimid go láidir an comhaontú seo do na daoine, Thuaidh agus Theas, lena dtoiliú a fháil air.

Níorbh údar achrainn iad na prionsabail - an tiomantas do chearta daonna do gach duine, comhionannas, polaitíocht dhaonlathach shíochánta agus dícheall chun athmhuintearas a chothú. Níor cheistigh éinne na trí ranna, gnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann á rialú faoi roinnt na cumhachta i Stormont, bhí aontachtaithe ag iarraidh forais thuaidh/theas a theorannú oiread agus ab fhéidir ach ghlac siad leo agus cé go raibh Sinn Féin sceipteach faoi thairbhe an chaidrimh thoir/thiar idir Tuaisceart Éireann, an Phoblacht agus gach réimeas san Ríocht Aontaithe, bhíothas sásta leis.

Ba léir go luath gur sna gnóthaí inmheánacha i dTuaisceart Éireann a bheadh na príomhdheacrachtaí, ní nárbh ionadh. Bhí an UUP amhrasach faoi leagan amach na bPoblachtach; bhí glactha ag Sinn Féin le tiomantas don pholaitíocht shíochánta amháin – an ndéanfadh an IRA díchoimisiúnú? Fuair David Trimble litir ó Tony Blair ag cur in iúl go bhféadfaí páirtíocht Shinn Féin sa bhFeidhmeannas a athbhreithniú i gceann leathbhliana mura mbeadh díchoimisiúnú déanta ag an IRA. Chreid Trimble gur gheallúint í an litir go ruaigfí Sinn Féin – bhí an litir débhríoch, in aon turas.

Ní dhearna an IRA Sealadach díchoimisiúnú go dtí 2005 nuair nach raibh an dara rogha acu tar éis 9/11 i Meiriceá, na conspóidí faoi robáil agus marú agus toisc go raibh siad ag iarraidh margadh a dhéanamh leis an DUP. Faoin am sin ba iad an DUP agus Sinn Féin an dá phríomhpháirtí, an SDLP agus an UUP ag meath. Bhí David Trimble scriosta mar cheannaire aontachtach, cheal díchoimisiúnaithe, agus tar éis blianta faoi bhrú taobh istigh den UUP, agus ionsaithe an DUP. Chomh maith leis an díchoimisiúnú bhí daoine san UUP nach nglacfadh le saoradh na bpríosúnach paraimíleatacha; ina measc sin bhí Jeffrey Donaldson, Arlene Foster agus Peter Weir, réalta san DUP anois.

Níor ghlac an DUP riamh le Comhaontú Aoine an Chéasta. Nuair a d’fhreastail iarcheannaire an pháirtí sin, Peter Robinson ar an gcomóradh 20 bliain i mBéal Feirste dúirt se go neamhbhalbh gur amhlaidh an scéal fós. “Is le Cill Rímhinn a tháinig i gcomharbacht ar Chomhaontú Bhéal Feirste [an t-ainm aontachtach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta] a ghlac an DUP; é sin agus na socruithe a tháinig níos deireanaí, Stormont House agus Tús Nua,” arsa Robinson.

Tá tábhacht leis an ráiteas sin mar gur baineadh de nádúir ollpháirtí an Chomhaontaithe i gCill Rímhinn. Rinneadh roinnt idir an dá phríomhpháirtí de, seachas ollroinnt na cumhachta. Thairis sin, i dtaca le cnámh spairne an lae inniu, bhí Robinson soiléir in 2006 nach nglacfadh an DUP le hAcht Gaeilge agus, dá réir ní raibh an tAcht sa reachtaíocht; fágadh faoi Stormont é.

Glacann an DUP le bunphrionsabail áirithe – roinnt na cumhachta agus comhionannas, dar le Robinson. Níor thagair sé dó ach ba léir le fada nár ghlac an DUP leis an bhforáil sa chomhaontú i 1998 go raibh an dá aidhm pholaitiúla comhdhlisteanach; is é sin go raibh sé chomh bailí céanna a bheith ag gníomhú um Éire Aontaithe, go síochánta, is a bhí sé gníomhú chun an tAontas a chaomhnú. Ó tharla nach raibh buaiteoir ar bith ann nuair a cuireadh stop leis na Trioblóidí tá aontachtaithe agus poblachtánaithe seasta ag iarraidh a chur in iúl gur ar an taobh eile a bhí an locht nó gurbh iad ba mheasa. Shílfeá ag éisteacht le daoine áirithe i Sinn Féin gurbh iadsan agus a lucht leanúna ba mhó a d’fhulaing; ní fíor sin. As an 3,739 duine a maraíodh bhí poblachtánaithe freagrach as 2,167 acu; bhí an IRA Sealadach ciontach as 1,771 acu, poblachtánaithe eile as 396 díobh, paraimíleataigh dhílseacha as 1,115 , fórsaí stáit as 362 agus tá éiginnteacht ann faoi 95 bás eile.

Is mór ag aontachtaithe de gach cineál an gheallúint gur le toil an mhóraimh amháin a d’fhéadfaí Tuaisceart Éireann a dhealú ón Ríocht Aontaithe. Tar éis 30 bliain d’fheachtas Brits Out an IRA ba mhór an chaithréim d’aontachtaithe é sin. Bua freisin ab ea leasú an Bhunreachta ó dheas ach níor dhíol an UUP an dá chéim sin mar éacht. Is baolach go gceapann siad gur chailliúint dóibh gach rud eile.

Cluiche an neamhní nó zero sum game mar a thugtar air sa Bhéarla is ea aitheantas cearta do gach duine i súile roinnt aontachtach. Áiféis is ea maíomh Jim Allister agus aontachtaithe eile go mbainfeadh aitheantas don Ghaeilge de Bhriotanacht Thuaisceart Éireann ach tá sé i dtiúin leis an bport diúltach faoi chomhionannas agus cearta. Cibé uair a thabharfaidh páirtithe an tuaiscirt faoi idirbheartaíocht arís – agus déanfaidh, luath nó mall- caithfidh siad streachailt leis na ceisteanna a bhaineann le féiniúlacht. Ós siombail í an Ghaeilge ar dhlisteanacht an Éireannachais ó thuaidh, sa mhullach ar bhailíocht an éilimh ar chearta teanga, ní ceist í seo a scuabfar ar shiúl.

Bhí Bertie Ahern meáite de nach mór don dá rialtas a bheith níos gníomhaí ná mar a bhí chun an tsáinn i Stormont a fhuascailt. Fiú d’uireasa réiteach idir an DUP agus Sinn Féin, tá céimeanna a d’fhéadfaí a ghlacadh. Is deacair aon chiall a bhaint as pairilis an Státrúnaí Karen Bradley seachas faitíos roimh olc a chur ar an DUP. Is laincis sa bhaile é tacaíocht an DUP chun Theresa May agus na Tóraithe a choinneáil i gcumhacht. Mar sin féin is doiligh a thuiscint cén fáth nach gceadaítear maoiniú d’ionchoisní nó cabhair d’íobartaigh eile na dtrioblóidí a fágadh ar an bhfaraor géar.

Ní gá ach éisteacht leis na Breatimeachtóirí ar mhaith leo Breatimeacht crua chun a thuiscint cé chomh mór is atá imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ag goilliúint ar an gcaidreamh Angla-Éireannach. Beidh éifeacht achrannach aige thuaidh agus theas ach buairt ar leith ag baint lena iarmhairt cois teorann. Ba í ballraíocht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach faoi ndear imeacht na n-ionad custaim ach cén cinneadh thairis sin a rinne neamhní nó ar a laghad rud dofheicthe den teorainn? Comhaontú Aoine an Chéasta gan dabht. Ba é sin faoi ndear oscailt na mbóithre, baint anuas na dtúr slándála agus imeacht na saighdiúirí. Claochlú ar shaol na ndaoine.

Tá obair mhór riachtanach sa tuaisceart, obair thuaidh/theas agus thoir/thiar.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.