Uair Mharbh na hOíche
Gearrscéal: Mícheál Ó Ruairc
Bhí an t-ifón 7 ar an dtaisceadán taobh leapa ag dordán go toll, íseal amhail beach chráite a bheadh i ngéibheann i bpróca gloine a raibh an claibín daingnithe air.
Níor ghá dom an gléas a ardú chun féachaint cé a bhí ann.
Lára.
Bheadh orm m’uimhir a athrú arís eile. Ansan bheadh faoiseamh agam ar feadh ráithe ar a mhéad sula n-aimseodh sí í ar bhealaí nach bhféadfainn a thuiscint riamh. Chuirfeadh sí glao ar m’ionad oibre ag ligint uirthi go mba dhuine de mo lucht aitheantais í. D’fhéadfadh an bhean chéanna braon uisce a mhealladh ó dhuine a bhí ag fáil bháis den tart. Bhí sí dochloíte. Ní fhéadfaí an ruaig a chur uirthi.
An bheirt againn scartha óna chéile le scór bliain ach uair sa mhí ar a laghad chuirfeadh sí scairt orm ag uair mharbh na hoíche. Í ina haonar ina hárasán galánta ar an séú hurlár is fiche den túrcheap ar an dTaobh Thoir de Manhattan. Í caoch ar meisce ina seasamh ag an bhfuinneog mhór leathan ag breathnú anuas ar shoilse na cathrach ag síneadh go fíor na spéire thíos fúithi.
Deora léi, seans maith. Gan ar a cumas glacadh leis go raibh deireadh go deo lenár gcumann ná gurbh í féin faoi deara é. D’fhéachas ar m’uaireadóir. Bhí sé deich chun a trí ar maidin. Taobh liom bhí Sibéal ina sámhchodladh, a cuid gruaige fada finne leata amach ar an bpiliúr.
Ba í Sibéal a d’fhuascail mé ón gcruachás ina rabhas. An t-ádh dearg orm gur bhuaileas léi siúd i ndiaidh turnamh gangaideach ár gcumainn. Ár mac aonair, Conall, sa seomra ag bun an dorchla.
Uair amháin deich mbliana roimhe sin d’fhreagair mé í de thaghd tar éis di mé a dhúiseacht as mo thromshuan. Mé im aonar sa bhaile. Bhíos tar éis a bheith ag ól agus bhí Sibéal ag fanacht i dtigh a máthar don oíche.
‘A Phroin . . . Phroin . . . Phroinsias,” ar sise agus í ag sciorradh thar na focail de bharr go raibh an braon faoin bhfiacail aici, “a Phroinsias,’bhfuil ’fhios agat go bhfuil clinic cóireála IVF tógtha in aice linn anseo i Manhattan Íochtarach atá ar an gceann is fearr ar domhan? Deirtear go bhfuil an ráta ratha chomh hard le 75%. D’fhéadfaimis coinne . . .’
‘. . . in ainm Dé, a Lára, an imithe as do mheabhair ar fad atá tú? Nach dtuigeann tú go bhfuilim féin agus Sibéal le chéile le dhá bhliain anois . . .?’
‘. . . ní bheidh sí siúd riamh oiriúnach duit. Is mise an t-aon duine atá in ann tú a thuiscint agus atá in ann tú a shásamh. Táim fós i ngrá leat agus beidh . . .’
‘. . . a Lára, tá tú ar meisce arís. Dúirt mé leat gan a bheith ag glaoch orm. Tá sé a leath i ndiaidh a trí ar maidin anseo . . .’
‘. . . táim i ngrá leat, an dtuigeann tú é sin? Bhíos riamh agus beidh go deo. Dá mbeadh páiste againn bheadh gach rud go breá. B’in an fáth gur imigh tú uaim. Déanfaidh tú é sin a shéanadh ach tá sé fíor. Nílimse ach bliain sa bhreis ar an dá scór. Tá mná sa chathair seo atá i bhfad níos sine ná mise agus leanaí á nginiúint acu. Thug Clóda cuairt ar an gclinic seo agus tá tí taobhthrom torrach anois. Is cuimhin leat Clóda, nach cuimhin? Í dhá scór agus seacht mbliana d’aois. Dochreidte ach fíor. Seo ár seans, a Phroinsias . . .’
‘. . . cuir uait, in ainm Dé! Níor luaigh mise páiste riamh leat. Tú féin amháin a bhíodh ag caint faoi pháiste a bheith againn. Tá tú ar deargmheisce. Mar a bhíonn i gcónaí. Nach dtuigeann tú go bhfuil deireadh lenár gcumann le fada an lá agus táim féin agus Sibéal sona sásta i dteannta a chéile anseo . . .’
‘. . . cad chuige ar ghlaoigh tú orm gach lá ar feadh bliana nuair a scaramar ar dtús, mar sin? Cad chuige ar fhan tú páirceáilte trasna na sráide thíos fúm anseo oícheanta áirithe ag breathnú aníos ar fhuinneog an árasáin go dtí gur fhág tú Nua-Eabhrac? Cad chuige ar ionsaigh tú Risteard, mo leannán nua ag an am sin, go raibh air cóir leighis a fháil san ospidéal? Cad chuige . . . “
‘. . . seanstair í sin go léir faoin am seo, a Lára. Ní raibh teagmháil dá laghad agam leat le nach mór deich mbliana anuas. Agus tusa do mo chrá is do mo chiapadh ag uair mharbh na hoíche. Tá deireadh lenár gcumann. Nach dtuigeann tú é sin? Tú féin faoi deara é. Tú féin agus do dhlúthchara, Jack Daniels, agus . . .’
‘. . . bhí tú breá sásta liom a bheith ag ól nuair a bhíomar le chéile. Tusa a mhóidigh nach bhféadfadh an bás an bheirt againn a scarúint óna chéile fiú, go mba phéire réaltaí reatha an bheirt againn agus go mbeimis ag sciorradh trasna na firmiminte i dteannta a chéile go Lá Philib a’ Chleite . . .’
‘. . . bíonn an grá caoch, a Lára, agus amaideach . . .’
‘. . . nach é a bhíonn, a Phroinsias! Agus bhí tusa caoch i ngrá liomsa mar a bhíos leat. Ní fhéadfá mé a ligint as do radharc . . .’
‘. . . ach bogann an saol ar aghaidh, a Lára. Ní féidir an clog a chur siar . . . ‘
‘. . . dá mbeadh páiste againn, a Phroinsias, ní bheadh cíos, cás ná cathú orainn . . . ‘
‘. . . tá an bád áirithe sin tar éis an cuan a fhágáil, a Lára. Ar aon chaoi tá Sibéal ag iompar . . .’
Ligeadh scread ghéar chráite ar an dtaobh eile den line theileafóin agus crochadh suas an glacadán de phlimp.
D’fhéadfainn í a fheiscint ag iompó ón bhfuinneog ar an séú hurlár is fiche den mbloc árasán agus ag déanamh a bealaigh go mall, tuisleach i dtreo na leapa móire dúbailte sa chúinne agus á caitheamh féin anuas uirthi agus na deora léi agus gach racht caointeoireachta le cloisteáil go soiléir sa seomra mór le pictiúir chostasacha ar crochadh ar na fallaí agus le grianghraf órfhrámaithe den mbeirt againn agus sinn ar saoire i mBeirmiúda ina sheasamh ar an mbord maisiúcháin.
De m’ainneoin tháinig tocht orm. Bhí trua agam di an oíche sin. Dá mba rud é go raibh sí i ngiorracht céad míle díom thabharfainn cuairt uirthi agus dhéanfainn iarracht í a chur ar a suaimhneas. Dhéanfainn iarracht a mhíniú di nach rabhamar riamh in oiriúint dá chéile agus nach bhféadfaimis fanacht le chéile. Bhí orm éirí amach as an leaba agus dul isteach sa seomra folctha agus an t-uisce a scairdeadh ar m’aghaidh. Bhíos fós leathbhogtha ó a bheith ag ól an oíche chéanna. Bhíos tar éis a fháil amach an mhaidin sin go raibh Sibéal ag iompar agus chuaigh an nuacht sin i bhfeidhm go mór ar an mbeirt againn. Bheartaigh Sibéal go dtabharfadh sí cuairt ar a máthair a raibh cónaí uirthi i gCathair Chorcaí agus go bhfanfadh sí léi ar feadh na hoíche.
B’fhéidir nár cheart dom a lua léi go raibh Sibéal ag iompar. B’fhéidir go ndeachaigh mé thar fóir ar fad. Buille tubaisteach ba ea é sin, buille nach raibh tuillte aici. Tháinig fonn millteanach orm glao thar n-ais uirthi. Féachaint conas a bhí aici. Féachaint an mbeadh sí ceart go leor. Ghlan mé an t-uisce dem aghaidh leis an tuáille agus dhearc isteach i mo shúile féin sa scáthán. D’fhanas mar a raibh agam ar feadh tamaill. Ansin d’fhilleas ar an leaba. Ar ór ná ar airgead ní fhéadfainn géilleadh don chathú a bhí ag bailiú nirt istigh ionam. Luíos siar ar an leaba agus dhírigh mé m’aird ar an tsíleáil os mo chionn in airde.
Tar éis comhrá na hoíche sin ní bhfuaireas glao teileafóin uaithi go ceann trí bliana eile. Arís, ba i gceartlár na hoíche a tháinig an glao. Níor fhreagair mé í. Thuig Sibéal mar a bhí cúrsaí. Ghríosaigh sí mé a huimhir a bhlocáil ar mo chóras nó dul chuig dlíodóir agus litir dlíodóra a sheoladh chuici. Ach chuireas ar an méar fhada i gcónaí é ar chúiseanna nár thuigeas nó nach dtuigim fós.
Thuigeas go maith nár thaitin sé le Sibeál go mbeadh teangmháil de chineál ar bith eadrainn. Tá instinn na mban i bhfad Éireann níos láidre ná instinn na bhfear sna cúrsaí seo. Thuig sí go raibh an cumann a bhí idir mé féin agus Lára níos láidre ná an cumann a bhí idir mé féin agus í féin. Thuig sí freisin gur leagan leasaithe dár gcumann a thugas di, gur fhágas codanna tábhachtacha den am a chaitheamar le chéile i Nua-Eabhrac ar lár ...
An chollaíocht. An fiántas. An díth céille. An paisean. An splanc a lasadh ar an gcéad oíche a chasamar ar a chéile ag seisiún snagcheoil sa Blue Note agus an bualadh craicinn sa tacsaí ar an mbealach thar n-ais go dtí a hárasán i Manhattan. An bheirt againn amhail is go rabhamar trí thine. Ní fhéadfaimís fanacht amach óna chéile. Ní fhéadfaimis maireachtaint gan an bheirt againn a bheith le chéile. An rud míorúilteach sin a tharlaíonn uair amháin i do shaol má bhíonn an t-ádh leat. Bhíomar leithleach, gan náire, lán de theaspach. Bhíomar fiáin, as ár meabhair, d’fhéadfaí a rá, ar feadh bliana nó mar sin go dtí gur shocraíomar síos beagáinín agus gur dheineamar iarracht ar a bheith normálta.
Chuir a cuid fuinnimh mar dhuine, mar ealaíontóir agus mar leannán faoi gheasa mé. Chaith sí gach lá amhail agus gurbh é an lá deireanach dá saol a bhí ann. Bhí an-tóir go deo ar a cuid pictiúr freisin agus ag trácht ar thaispeántas a bhí aici sa Guggenheim sa bhliain 1993, dúirt Mona Hataum ina taobh ‘go bhfuil sí ar dhuine de na healaíontóirí teibí is fearr i Nua-Eabhrac’.
Go gairid ina dhiaidh sin d’éirigh le péist seilbh a ghlacadh ar pheiteal ár ngrá, áfach. Theastaigh uaithi go mbeadh páiste againn. Chun ár gcumann ‘a chomhlánú’ mar a chuir sí é. Ó mo thaobhsa de, ní rabhas róchinnte faoina dearcadh i leith thodhchaí ár gcumainn. “B’fhearr fanacht,” dúras léi, “go dtí go mbeidh an bheirt againn pósta.” “Teastaíonn uait mé a phósadh?” Baineadh stangadh asam.“I gceann bliana nó dhó nó trí . . .”
‘. . . i gceann deich mbliana! Sea, fanfaimid go ceann scór bliain agus tig linn dul faoi chuing an phósta ansin . . .’
‘. . . a Lára, ná bí mar sin! Tuigeann tú an cás ina bhfuilimse. Táim ag iarraidh mo chosa a chur fúm faoin mbord sa chathair seo agus post buan a fháil leis an New York Times. Faoi mar atá cúrsaí níl aon bhuannacht ag gabháil . . .’
‘. . . ná níl aon bhuannacht ag gabháil le saol an ealaíontóra ach chomh beag. Tá an saol ar rothaí agam faoi láthair ach i gceann bliana d’fhéadfainn a bheith ag bun an rotha. Pós mé, a Phroinsias agus tarlóidh a dtarlóidh. Tá tú i ngrá liom nach bhfuil?’
Ón bpointe sin ar aghaidh d’athraigh bunsraith ár gcumainn. Níor thagair sí riamh don gcomhrá áirithe sin a bhí eadrainn go ceann bliana. Oiread agus focal amháin.
Bhí an bhliain úd ar an mbliain ab fhearr i mo shaol. Théimis amach istoíche seacht n-oíche na seachtaine. Bhíomar mar fhéileacáin shóisialta sa chathair. Bhíodh grianghrafanna dínn sna nuachtáin agus sna hirisí ar bhonn rialta ag oscailtí taispeántais ealaíne, ag seoltaí leabhar, ag an gcéad léiriú de dhrámaí nua ar Broadway, ag ceolchoirmeacha i Halla Carnegie agus ag ócáidí eile nárbh iad.
Ansin oíche Aoine amháin d’fhilleas ar an árasán tar éis a bheith ag ól le mo chairde sa New York Times agus ní raibh sí ann romham. Maidin an lae áirithe sin ní fhaca le fada an lá í chomh gealgháireach agus chomh istigh léi féin.
‘Beidh mise i mo shámhchodladh roimh a deich anocht, a Phroinsias. Táim marbh ón oíche dhéanach i Rosie O’Grady’s aréir. Bain sult as an oíche tusa agus bí cinnte go ndúisíonn tú mé nuair a thiocfaidh tú isteach chun na scannail go léir a roinnt liom. Agus b’fhéidir go bhféadfá a bheith in ann a chur ina luí orthu go mba chóir dóibh poiblíocht a dhéanamh ar an taispeántas a bheidh agam sa Guggenheim an t-earrach seo chugainn!’
Thug sí póg éadrom dom ar mo leiceann agus bhí sí imithe uaim i dtreo an ardaitheora agus boladh álainn a cumhráin ag séideadh ina leoithne mhilis ina diaidh aniar. Nuair nach raibh sí fillte oíche Dé Domhnaigh d’éirigh mé buartha. Ghlaoigh mé ar a cairde go léir ach ní raibh tásc ná tuairisc acusan ar cá raibh sí imithe. Ag a trí a chlog tráthnóna Dé Luain phreab an guthán ar mo dheasc.
‘Cá rabhais?’ d’fhiafraigh mé di go grod.
“In Acapulco.’
‘In Acapulco? I d’aonar?’
‘Bhí Risteard liom.’
Bhí sí romham san árasán nuair a d’fhilleas abhaile. A ceann fúithi aici agus í ina suí ar an tolg.
‘Cad chuige nár inis tú dom go raibh tú ag imeacht don deireadh seachtaine?’
D’fhéach sí orm amhail agus go mba strainséir mé.
‘Ní gá dom aon rud a insint duit.’
‘Tuigim é sin go maith. Ach ar son na cúirtéise . . .’
‘ . . . ar son na cúirtéise! An bhfuil sé tagtha go dtí an pointe sin, a Phroinsias? Ní bhacann tusa le cúirtéis mórán nuair nach n-oireann sé duit.’
‘Agus an Risteard seo? Leannán nua, ab ea? Agus táimse chun glacadh leis? An gceapann tú gur pleidhce amadáin amach is amach atá ionam, a Lára? Go bhfuilim éirithe bog sa cheann?’
D’fhéach sí suas idir an dá shúil orm.
‘Níl ann ach cara. Níl aon rud eadrainn. Theastaigh comhluadar uaim. Nílim i ngrá leis. Chodlaíomar i seomraí éagsúla.’ D’fhéachas go géar uirthi. ‘B’fhéidir nach bhfuil tú i ngrá leis, a Lára, ach an bhfuil sé siúd i ngrá leatsa?’ ‘Níl ’fhios agam agus is cuma liom. Theastaigh comhluadar uaim. Bhíos uaigneach agus theastaigh uaim labhairt le duine éigin a thabharfadh cluas dom, a thuigfeadh mo chás.’
‘Labhairt fúinne?’
‘Sea, fúinne. Bhí orm labhairt le duine éigin mar nach mbíonn tusa riamh sásta labhairt liom.’
‘Ó, a Lára, ná habair go bhfuil tú chomh scriosta sin go raibh ort ábhar leannáin a thabhairt leat go hAcapulco chun ár gcumann a phlé. Táimse ag imeacht.’
Tháinig dath an bháis ar a ceannaithe. Thosnaigh na deora ag cruinniú ina súile.
‘Ní féidir linn feidhmiú mar seo a thuilleadh, a Phroinsias. Tá bliain caite againn ar an drabhlás sa chathair seo ach focal níor chuala mé uait. Níl tuairim agam cá seasaim leat. Ní féidir dul ar aghaidh níos faide leis an gcur i gcéill seo.’
Chroith mé mo cheann go cantalach.
‘Gheall mé duit go bpósfainn tú nuair a bheinn socraithe síos anseo, nuair a bheadh sé ar m’acmhainn é sin a dhéanamh . . . ‘
‘ . . . b’in breis agus bliain ó shin! Anois tá post buan agat agus neart léitheoirí aimsithe agat dod cholúin a bhuíochas san domsa . . .’
‘ . . . maith thú, a Lára! Cá mbeinn gan tú? An giolla bocht d’iriseoir ag gabháil timpeall leis an réalta mór d’ealaíontóir ... ... á, cuir uait an fhéintrua, a Phroinsias, ní oireann sé duit! Tá tusa ag tuilleamh i bhfad Éireann níos mó airgid as do chuid giollaíochta ná mar atáimse as mo chuid pictiúr. Agus cuireadh faighte agat ón Irish Times ...’
‘ . . . táimse réidh leat, a Lára. Ní gá dom cur suas leis an gcacamas seo a thuilleadh. Táimse ag imeacht. Tiocfaidh mé thar n-ais tráthnóna Dé Sathairn má oireann sé duit agus baileoidh mé mo chuid balcaisí. Ní gá duit a bheith anseo. Fágfaidh mé m’eochair sa bhosca litreach ar mo bhealach amach.’
‘Ó, nach iontach an fear tú! Níl le déanamh agat ach mé a chaitheamh uait mar a dhéanfá le seanbhábóg cheirteacha.’
D’fhéach mé uirthi le déistin.
‘Féach cé atá lán den fhéintrua anois! Táimse ag imeacht.’
Chonac cuma an uafáis ar a ceannaithe.
‘Nach féidir linn caint faoi seo? Ní gá duit . . .’
‘ . . . is gá, a Lára. Is gá.’
‘Imigh mar sin, más é sin atá uait. Bailigh leat as mo radharc!’
D’iompaigh mé uaithi agus dhruid i dtreo an dorais. Ag an doras d’iompaigh mé timpeall agus chonac go raibh a ceann ina lámha aici agus a guaillí ag croitheadh le neart a tochta.
B’in an uair dheireanach go rabhamar beirt ar an láthair chéanna.
B’in ceann scríbe . . .
Thugas sracfhéachaint ar m’uaireadóir. Bhí sé fiche nóiméad tar éis a trí. Luíos síos sa leaba arís. Oíche Shathairn. Bheadh sos breá againn amárach. Ar an Luan bheinn ag tosnú i mo phost nua mar eagarthóir liteartha leis an Times Literary Supplement. Lig Conall béic phlúchta uaidh thíos ag bun an dorchla agus ansin chas go tobann sa leaba. Tromluí níorbh fholáir. Bhíos nach mór i mo chodladh arís nuair a chualas dordán toll íseal an ghutháin taobh liom.
Ní raibh sé mar nós aici riamh glao faoi dhó an oíche chéanna. Phiocas suas é, shleamhnaíos amach as an leaba go discréideach agus seo liom isteach sa seomra folctha. Dhruideas an doras i mo dhiaidh. ‘Lára?’ Bhí ciúnas iomlán ar an dtaobh eile den line.
‘Lára? An tú atá ann?’
‘Is mé.’
‘An bhfuil tú ceart go leor?’
‘Níl.’
‘Cad tá cearr leat?’
‘Táim scriosta, briste, brúite . . .’
‘. . . ar mhaith leat go rachainn sall chugat.’
Bhí a guth chomh híseal, chomh lagbhríoch, chomh spíonta amach gurbh ar éigean go raibh ar mo chumas í a chloisint.
‘Ba mhaith, a Phroinsias. Bheadh . . sé sin . . go hiontach . . go hiontach ar fad.’
‘Cuirfidh mé eitilt in áirithe láithreach bonn don oíche anocht. Sciorrfaidh mé trasna na firmiminte chugat mar a bheadh réalt reatha ann ionas go mbeimid beirt le chéile go Lá Philib a’ Chleite.’
Ní raibh sé i gceist agam a raibh díreach ráite agam a rá ar chor ar bith ach sciorr na focail as mo bhéal i gcoinne mo thola amhail is go rabhas faoi gheasa droma draíochta.
Nuair a d’fhreagair sí, bhí beocht agus neart nua ina guth traochta.
‘Ó, a Phroinsias, a ghrá, chreideas i gcónaí go dtarlódh sé seo, go n-athrófá d’intinn, go mbeimis beirt le chéile go . . .’
‘ . . . caithfidh mé an eitilt a chur in áirithe, a Lára. Slán go fóill. Beimíd le chéile go luath.’
‘Slán. Slán go fóill. Ní féidir liom fanacht le tú d’fheiscint arís, a ghrá.’
Leagas anuas an fón ar an gcóifrín.
Tharraing mé m’anáil isteach go láidir agus scaoileas amach go mall arís í.
Bhíos ar ballchrith.
Dhearcas idir an dá shuil orm féin sa scáthán os cionn an doirtil.
Ba ar éigean a d’aithin mé m’íomhá scanraithe, scéiniúil, sceirdiúil istigh ann.