An lucht sí

Gréagóir Ó Dúill

Gréagóir Ó Dúill 

Ní chreideadh na girseachaí iontu go hiomlán, sióga bhun an ghairdín,

Ach ba dheas leo an scéal, an cur i gcéill, an fhantais, agus bhaineadh siad taitneamh

As carachtair a chumadh den lucht álainn sí nár bhain

Le traidisiún na tíre seo, le béaloideas crua na hÉireann.

D’fhásadar, d’aipíodar, mo chlann iníon, d’fhoghlaim an saol

Mar a bhíonn, mar nach féidir leis a bheith,

Is d’imíodar. Is é creideamh na gcailíní anam an lucht sí

Agus cheal creidimh, rinneadh dearmad de shióga bhun an ghairdín.

D’fhás sceach agus toir tiubh ainrialach, mar a tharlaínn sna scéalta,

Gur ghlac mé lena ndúshlán, ghearr siar go balla cúil agus bhain anuas

An bharacáid de bhrainsí teorainne a chosc mo radharc ar ghrian mochmhaidne.

Fianaise de chónaí a fuair mé romham, puball, málaí codlata, éadaí i málaí plaisteacha

Ag crochadh de na craobhacha, bruscar de phacáidí bia,

Agus tamall beag ón láthair, áit don chac. Níór champa aonlae é

Ach cónaí nár ghoirid, comharsa fréamhaithe. Cad tá le déanamh?

Ba bhaol é seo, gan amhras, do shláinte agus sábháilteacht lucht na dtithe timpeall.

Ba bheag an tsuim a chuir na Gardaí ins an scéal,

Ba lú arís a chuir an comhluadar de shagairt, úinéirí talaimh.

An chorparáid ardteicneolaíochta atá ann ar léas na linne,

Is mo chomharsa, baincéir óg, teaghlach air, ba lú arís a spéis.

Lig mé don fhásra tiubh ag bun an ghairdín, chuir soilse aláraim in airde

A ghardáil chúl an tí, rinne cinnte den ghlas ar an doras, thug freagra grod

Ar dhuine a thagadh ag déircínteacht ó am go chéile, is bhrúigh an campa

Is a áitritheoir go himeall coinfheasa. Seo anois tús mhí na Nollag,

Cár an gheimhridh ag drannadh linn. Tá tuairisc a bháis den fhuacht ar nuacht a naoi.

Gréagóir Ó Dúill