Cén fáth nach bhfuil rogha cheart á cur faoinár mbráid ag an Rialtas?

Deir Róisín Ní Fhloinn gur cheart vótáil i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú i reifreann na míosa seo

Ar feadh na mblianta, bhíodh caint faoi ghinmhilleadh mar ‘freagra’ i gcásanna eisceachtúla: éigniú, cás Savita agus i gcás - an téarma gránna sin - fatal foetal abnormality.

Bhíodh trua ag gach duine againn do dhaoine ina leithéid de chásanna. Sé mhí ó shin, áfach, leag an Rialtas sprioc nua rompu agus bheartaigh siad an reifreann seo. Ní ginmhilleadh i gcásanna eisceachtúla atáthar a mholadh ach ceart forleathan chun ginmhilleadh a fháil.

Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas go bhfuil rún acu reachtaíocht a chur faoi bhráid an Oireachtais má dhéantar Airteagal 40.3.3° de Bhunreacht na hÉireann (‘an tOchtú Leasú’) a aisghairm. Tá an reachtaíocht soiléir agus lom. Cheadódh an reachtaíocht atá i gceist deireadh a chur le saol an linbh sa bhroinn gan chúis ar bith le linn na chéad 12 seachtain agus i bhfad ina dhiaidh sin (suas go 6 mhí). Cheadófaí sin ar chúiseanna arb iad na cúiseanna céanna iad ba shiocair leis an ‘ginmhilleadh ar éileamh’ i ndlínsí agus i dtíortha eile.

Anuas air sin, d’fhéadfaí srian le ginmhilleadh ar bith a chuirfí sa reachtaíocht a chur ar ceal am ar bith amach anseo gan cead an phobail.

Is de thoradh ar an athrú poirt seo agus moltaí forleathana radacacha an Rialtais, go bhfuilimse, agus na mílte daoine óga eile, ag vótáil i gcoinne na haisghairme. Dá mbeadh an rún teoranta chuig cásanna eisceachtúla, bheadh plé agus díospóireacht eile ar fad ar bun againn, ach ní ‘Sasana nua darbh ainm Éire’ atá ag teastáil uaim. Ach is í sin an fhís atá ag baill áirithe den Rialtas atá ag brú na ceiste seo orainn.

San Ochtú Leasú, deirtear:

“[a]dmhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Aithníonn an tOchtú Leasú ceart máithreacha chun a mbeatha. Mar is léir ón bhfoclaíocht, ní chosnaíonn sé ceart na mbeo gan bhreith chun a mbeatha ach sa chás nach gcuireann an chosaint sin isteach ar cheart na máthar chun a beatha sise. Socraíodh an pointe dlí sin na cianta ó shin. Ina theannta sin, ní fíor a rá go gcaithfear fanacht go dtí go mbeidh máthair i mbéal an bháis chun a ceart chun na beatha a chosaint: rialaíodh an méid sin sa Chúirt Uachtarach sin 26 bliain ó shin.

Céard atá i gceist sa reifreann mar sin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach le déanaí sa chás M –v- An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go bhfuil cearta na mbeo gan bhreith faoin mBunreacht teoranta do na cearta sin a admhaítear san Ochtú Leasú.

Dá réir sin, b’ionann an tOchtú Leasú a aisghairm agus an t-aitheantas atá anois ann maidir le ceart na mbeo gan bhreith chun a mbeatha a bhaint amach as an mBunreacht ar fad agus gach cosaint bhunreachtúil don bhuachaill nó don chailín gan bhreith sa bhroinn a thógáil glan amach as an mBunreacht.

Cothrom an ama seo cúig bliana ó shin, bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Simon Harris, an tAire Sláinte, ar son na beatha agus i gcoinne an ghinmhillte, ach chuaigh siad ar ‘aistear’ agus tá siad anois ag brú ‘réiteach’ orainn a bhí as dáta i 1967 nuair a glac na Sasanaigh leis. Cá bhfios cén ‘aistear’ a mbeidh siad air i gceann cúig bliana eile?

An dlí a chruthaíonn an cultúr. Faoi láthair, tugann dochtúirí cosaint do bheirt – máthair agus leanbh – agus de thoradh air sin, tá Éire mar cheann de na tíortha is sábháilte ar domhan le bheith ag iompar linbh inti. Cruthaíonn dlíthe ar son an ghinmhillte cultúr mídhaonnachtúil. Tá an cultúr seo le feiscint go láidir i dtíortha eile. Sa Bhreatain áit a ndéantar ginmhilleadh ar leanbh amháin as gach cúigear, déantar ginmhilleadh ar 90% de linbh a bhfuil an Siondróm Down orthu.

Bhí gach duine againn sa bhroinn tráth. De réir mar a théimid in aois, méadaíonn ar ár gcumas cearta a éileamh agus a bhaint amach. Chomh maith leis sin, is féidir go laghdódh ár gcumas cearta a éileamh de dheasca tinnis, seanaois nó cúiseanna eile. Ag gach staid den turas seo, áfach, sa mbroinn nó taobh amuigh fán saol mór, is muid na daoine céanna i gcónaí agus an dínit dhúchasach chéanna agus na cearta comhionannais doshéanta céanna againn. An ceart chun na beatha is bunchloch do na cearta daonna seo ar fad. Is í an bheatha an rud buan a cheadaíonn agus a ligeann duit feidhm a thabhairt do gach ceart daonna eile.

Tá dóchas agam agus machnamh déanta againn ar an méad atá idir dhá cheann na meá sa reifreann seo agus ar mholtaí forleathana radacacha an Rialtais, go dtiocfaidh an tsochaí seo againne ar an tuiscint go mbeadh sé éagórach ó bhonn na cosaintí atá anois sa Bhunreacht a bhaint ón leanbh sa bhroinn nó an chumhacht atá á lorg acu a thabhairt don Rialtas aon reachtaíocht gur mhian leo a thabhairt isteach sa tír seo.