Colúr Coille

Gréagóir Ó Dúill

Gréagóir Ó Dúill 

Rómhór d’fhaiche an ghairdín chúil sa bhruachbhaile

Atá an colúr ramhar, a chleití gealdaite, a shiúl mall luascach,

A eitilt anuas, aníos; rómhór

Agus saghas amscaí, ciotach,

Corp an cheannaí láidir aige,

Slabhra óir ar a veist lán. Ar ardú eireabaill

An tón cuimir, an bolg cruinn,

An líne aniar, an cloigeann, an muineál, an droim

Grástúil, iomlán, dínit chléirigh ann.

Ní haon cholúr cathrach é, ach colúr coille,

An feisteas cuí. Is áille dá réir, is dúchasaí,

Nó is andúchasaí ach is aiceanta,

Síochánta – gan aon uirlis chosanta aige

Ach monamar sásta baincéara, sin nó

Teicheadh callánach, a imeacht ag briseadh brainsí.

Gréagóir Ó Dúill