Earrach

Gréagóir Ó Dúill

Gréagóir Ó Dúill 

Liathghlas, neonghlas an earraigh ag cúlú formhothaithe fán dúlra uilig,

Diaidh ar ndiaidh i dtobainne ionas gurb iontas gach uair a chímid

Bachlóg le géag, ceo úr ar chrainn, fás an fhéir féin.

Mar a dhéantar cailín de ghirseach, an áilleacht sin

A thagann as ucht na torthúlachta

A raideann folt siar den aghaidh, amharc díreach sa dá shúil.

Leánn airgead beo an tsamhraidh, ritheann

Fud chuartha an talaimh, éalaíonn le sleasa;

Suíonn an geimhreadh ar a ghogaide i gcúl cheilte, ag fanacht.

Gréagóir Ó Dúill