Soiscéal Bhliain na Gaeilge 1909

Soiscéal Bhliain na Gaeilge 1909

markwickham.org

Agus Bliain na Gaeilge ar bun i mbliana, is tráthúil súil siar a chaitheamh ar thuras bóthair a rinne triúr athbheochanóirí nach mór 100 bliain ó shin, a scríobhann Pól Mac Uistin

Mar chonnac-sa Éire le Peadar Ó hAnnracháin.

Agus Bliain na Gaeilge 2018 ar siúl, is go deas tráthúil a thugtar anseo faoi athléamh a dhéanamh ar Mar chonnac-sa Éire le Peadar Ó hAnnracháin. Má tá amhras ann faoi cad atá le ceiliúradh againn i saol na Gaeilge faoi láthair, níl amhras ar bith ann gur fiú ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Chonradh na Gaeilge 125 bliain ó shin, agus ar athbheochan na Gaeilge a d’eascair as. Agus dá mbeifí ag lorg leabhair chun léargas a fháil ar an tréimhse dhóchasach sin, ba dheacair an leabhar gleoite seo a shárú.

Bhí Peadar Ó hAnnracháin, a rugadh in 1873 i Ros Ó gCairbre le hais an Sciobairín, ina thimire de chuid Chonradh na Gaeilge. Is éard atá sa leabhar seo ná cuntas ar chamchuairt a thug sé timpeall na hÉireann i 1909, agus é ar ghnó an Chonartha.

Ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall, siar go Gaillimh, agus ansin ó dheas go Ciarraí agus Corcaigh a chuaigh sé, ag scaipeadh an dea-fhocail, ag fáil eolais faoi stádas na teanga sa tír, ag caint le bunadh na háite, idir óg is aosta, agus ag déanamh cur síos ar scoileanna, céilithe, aeraíochtaí, agus féilte eile. Bhí beirt eile ina chomhluadar: Seán Ó Muirthile, Cairbrineach eile, fear ard dubh dealraitheach a bhí tráth ina Ard-Rúnaí ar an gConradh, agus Pilib de Bhaldraithe, fear deisbhéalach a bheadh gníomhach i gCogadh na Saoirse níos déanaí. Ar a rothair a rinne an triúr an chuid is mó den turas.

Is é an dea-ghiúmar an phríomhthréith a thugtar faoi deara sa leabhar seo. Tá greann agus spraoi i bhfeidhm i gcónaí agus sin in ainneoin na n-eachtraí éagsúla a thiteann amach: achrann le pílir, rógairí agus tincéirí, polladh boinn agus briseadh rothair, aimsir fhliuch ghaofar, agus fiadhúlra taibhsiúil i lár na hoíche. Déanann an t-údar agus a chomrádaithe beag is fiú de gach mí-ádh; níl rian cnáimhseála ann. Agus greann agus magadh dea-chroíoch idir an triúr acu an t-am ar fad.

Is deacair na Corcaígh a thuiscint mar go bhfuil sibh chomh glic le muintir Chiarraí agus chomh sleamhain le muintir na nDéise. (1)

Rud eile atá ann chomh maith ná léargas iontach suimiúil ar staid na Gaeilge le linn na tréimhse sin, tréimhse ina raibh cinniúint na teanga idir dhá cheann na meá agus amhras ann faoi cad a bhí i ndán di. Léirítear ann speictream fairsing tuairimí ó cheann ceann na tíre. Guthanna éagsúla as gach cúlra:

Bhí seanduine ag argóint linn, eisean á rá gur fearr a chuirfeadh Béarla duine chun cinn sa saol agus nach feasach do aon tairbhe a dhéanfaidh Gaeilge do dhuine ar bith agus mar dheimhniú ar a thuairim féin thagair sé dom slite nár chuir an sagart paróiste aon suim sa teanga agus as gach aicme:

Bhuail máistir scoile isteach chugainn, bhí fiche éigin mionfhocal Gaeilge aige, sin a raibh, fear óg is ea é, a bhfuil an-mheas aige air féin, mo thrua iad na leanaí atá ag brath air chun eolas a fháil ar an nGaeilge.

Feictear chomh maith na deacrachtaí a bhí ann chun Gaeilge a fhoghlaim - i bhfocail seanchainteora dúchais :

Tá a lán daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, agus a lán daoine ag iarraidh í a chaitheamh uathu. Bhíodh na sagairt agus na daoine móra i gcoinne Gaeilge nuair a bhí mé óg, agus tá cuid acu anois ar buile chun í a thabhairt ar ais. Is deacair do mo leithéidse an scéal a thuiscint. Bíonn cuid de mo chlann féin ag iarraidh í a fhoghlaim, agus ní rómhaith atá ag éirí leo. Na leabhairíní atá acu níl aon mhaith iontu, níl scéal ná amhráin iontu, níl iontu ach nithe beaga gan éifeacht.

Amhail cuid mhaith luathghníomhaithe an Chonartha, ina measc Dúbhglas de hÍde, bunaitheoir, níor chainteoir dúchas é an t-údar. Murarbh ionann is a thuismitheoirí, is le Béarla a tógadh é. Agus amhail a lán nuafhoghlaimeoirí eile, chuaigh sé i ngleic leis an leabhar gramadaí cáiliúil Simple Lessons in Irish lena chuid Gaeilge a fhoghlaim. Is fiú trácht a dhéanamh ar an leabhar gramadaí seo, mar is leabhar lárnach é i scéal athbheochan na Gaeilge, agus bhí an-ráchairt air i measc lucht foghlama na Gaeilge. Is é an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh, i gcomhar le hEoin Mac Néill, a chuir le chéile an tsraith ceachtanna a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge agus sa Weekly Freeman ar dtús. Ba é an Conradh a chuir na Simple Lessons amach ina leabhar sa bhliain 1894 agus díoladh na mílte cóip de. I gcomparáid le háiseanna na linne seo, is cinnte gur dhúr agus dholéite an leabhar é. Ach chuaigh an leabhar chun sochair Ó hAnnracháin, agus de réir fianaise, bhí an teanga aige go blasta agus go nádúrtha. Níorbh amhlaidh an cás do chách. Bhí scríbhneoir eile i mBaile Átha Cliatha ag dul i ngleic leis an nGaeilge ag an tráth sin freisin, agus tugann sé cur síos ar a chuid deacrachtaí le graiméar an Athar ina úrscéal dírbheathaisnéiseach, Stephen Hero. Agus b’amhlaidh go raibh deacracht chomh maith ag an scríbhneoir áirithe lena mhúinteoir Gaeilge, fear a bhí beagán righin agus ceartaiseach - Pádraig Mac Piarais féin. Ach níor dhíol trua é an scríbhneoir: murar éirigh leis sa Ghaeilge, bhí toradh níb fhearr aige i dteanga eile na tíre, agus bhí píosa beag rath ar a chuid saothar sa teanga sin - Ulysses agus Finnegans Wake ina measc. (2)

Cé gur sa bhliain 1909 a tharlaíonn eachtraí Mar chonnac-sa Éire, ba i 1937 a foilsíodh é. Níor athfhoilsíodh é ach uair amháin, faraor. Dála a lán leabhar fiúntach eile sa Ghaeilge, tá sé as cló le fada agus beagnach ligthe i ndearmad. Ar an drochuair, níl leagan digiteach ann ach an oiread. Is i siopa leabhair athláimhe a tháinig mé féin air, de thaisme.

Bhí tóir ar an leabhar nuair a foilsíodh é, áfach. Foilsíodh leabhar tábhachtach eile An Béal Bocht cúpla bliain ina dhiaidh sin i 1941 agus cé nach bhfuil aon fhianaise chinnte ann, is dócha go raibh leabhar Uí Annracháin léite ag Brian Ó Nualláin, mar tá sleachta ann nach mbeadh as áit i scigleabhar Myles na gCopaleen. Mar shampla, an cur síos seo ag Ó hAnnracháin ar an aeraíocht i nDún na nGall ( cé go bhfuil amhras beag orm in amanna an bhfuil teanga an údair ina leathphluc aige):

Ba é deireadh na hóráide gur gheall cuid mhaith acusan a bhí ag éisteacht agus nach raibh Gaeilge acu, go ndéanfaidís a ndícheall ar í a fhoghlaim ón lá sin amach. Ansin, thug na daoine a raibh Gaeilge acu gealltanas doscaoilte nach labhróidís Béarla go brách arís le chéile ná le héinne eile a tuigeadh Gaeilge uathu. Ghealladar leis a bheith fíorGhaelach i ngach cuma eile agus a ndícheall a dhéanamh ar feadh a saol chun ceasnaí na hÉireann a réiteach, agus namhaid na hÉireann a bhascadh.

Is cinnte go raibh an nimh san fheoil ag Ó Nualláin do lucht bailithe an bhéaloidis agus do Ghaeilgeoirí gairmiúla na hathbheochana araon, cé gur Choimisiún Béaloideasa Éireann, seachas an Conradh príomhsprioc a ghrinn ghéir. Is cinnte gur saothar máistriúil é a úrscéal scigaithrise ach ní mór an feall air a rá go raibh a lán soiniciúlachta agus searbhais ina shaothar. Níor cheart go dtabharfaí neamhaird ar an rud tábhachtach a tharla i ndáiríre le linn thréimhse na hathbheochana, is é sin gur cruthaíodh caidreamh bisiúil agus cothaitheach idir na cainteoirí dúchais agus na foghlaimeoirí nua, saibhreas na Gaeilge ag dream amháin agus díograis ag an ceann eile. Tá léiriú iontach ar an gcaidreamh sin sa leabhar, mar shampla sa chomhrá seo idir an t-údar agus seanfheirmeoir sna sléibhte taobh thiar de Bheanntraí :

‘Cad ina thaobh gur Doire na Creiche a tugadh ar an mbaile seo?’ arsa mise.

‘Cuir ceist orm ambaiste’ ar sé.

‘Chuireas agus cá bhfuil an freagra?’

‘Na daoine a thabharfadh an freagra ceart duit, níl siad anseo anois,’ ar sé

‘Cé hiad féin?’

‘Cé hiad féin ach na daoine a thug an t-ainm air. Cá bhfios domsa cérbh iad féin.’

‘Och, ní haon maith bheith ag brath orthu sin. Nach bhfuil aon tuairim agat féin cad é an chiall atá leis an ainm?’

‘Tá tuairim an-mhaith agam, ach ní hé an cheist a chuiris chugam, ach cad ina thaobh gur tugadh an t-ainm sin air?’

‘Táim cuachta agat, a fhir mhaith...’

....

Ach thréig sé an searbhas, agus thug sé an-chuid eolais dom i dtaobh an cheantair, agus i dtaobh na dtailte ann, agus i dtaobh oíche a tháinig sé i mbád ó Bheanntraí nuair ba bheag nár bádh cúigear acu... agus faoi dheireadh fuair mé rudaí iontacha a chur i leabhar.

Agus feictear i gcónaí gur dhaoine modhúla a bhí i lucht na hathbheochana a raibh meas as cuimse acu ar lucht na Gaeilge seanbhunaithe - rud a léirítear sa ghiota beag comhrá i gCill Rois:

Scoláirí sibhse, arsa cailín, agus ní foláir ná tá an Ghaeilge cheart agaibh. Ní róbhuíoch a bhíomar dá caint, agus dúirt mé léi go mb’fhearr liom ná rud maith a teanga féin a bheith agam. Níor chreid sí mé.

Faightear sa leabhar léargas suimiúil ar an mborradh cultúrtha a bhí faoi lán seoil i dtús an chéid. Tar éis dóibh Ulaidh agus Connachta a thrasnú ar rothar, baineann an triúr Contae an Chláir agus Boirinn amach, tagann siad ar fhear beagán aisteach ina shuí le hais an chlaí, píopa ina bhéal. Tá seanaithne ag an údar air; múinteoir de chuid an Chonartha i Londain agus scríbhneoir atá ann, Pádraic Ó Conaire féin:

Pádraic agus gan puinn caint aige, ach a phíopa aige seolta ina bhéal agus é chomh mínlabhartha le cailín beag; a shúile ar lasadh le greann go minic, ag insint fo-scéil i dtaobh Chontae an Chláir. Is deas an duine é Pádraig. Ní cheapfá air an tráthnóna sin go raibh sé tar éis bheith ag scríobh ar feadh ráithe ar ‘Deoraíocht’. Duine ciúin is ea é, ar deacair a mheon a thuiscint.

Foilsíodh Deoraíocht an bhliain ina dhiaidh, i 1910. Ba é an chéad úrscéal sa Ghaeilge é agus ba é agus saothair fhicsin chomhaimseartha eile a chuir tús le ré nua i litríocht na Gaeilge.

Ach tá níos mó ná cúrsaí teanga agus cultúir i gceist sa leabhar seo. Tá spraoi agus sult le baint as an aistear chomh maith, lúcháir ar an triúr agus iad ag rothaíocht ar fud na hÉireann, ag spochadh go dea-chroíoch as a chéile agus greann á bhaint acu as a dturas. Tá cur síos greannmhar ann, mar shampla, ar achrann le beirt phílear mar gheall ar gan aon solas a bheith ar cheann de na rothair. Diúltaíonn an triúr a n-ainmneacha a thabhairt don beirt phílear as Béarla. Ba é an cleas céanna a sheol an t-údar i bpoll dubh na beairice i 1912. Cause célèbre

a bhí ann ag an am, agus chum Brian Ó hUiginn amhrán grinn faoin eachtra , ‘Ochón for the Peelers of Éireann!’, a raibh tóir air. (3)

Anuas air sin, is blasta agus fileata an cur síos a dhéantar in Mar chonnac-sa Éire ar an tírdhreach, na láithreacha stairiúla, agus áilleacht na tíre. Agus tá pléisiúr agus suirí ann. Tugtar cuntas ar na féilte sna bailte, agus léirítear ann - de réir tuairiscí an údair ar aon nós - gur shaol oscailte, réchúiseach a bhí ann ar an iomlán, gur shochaí í a bhí lán gliondair in ainneoin na bochtaineachta agus gur bheag rian a bhí fágtha ar an saol sin ag an bhféintrua nó ag cuing na cléire. Sa Daingean, freastalaíonn an t-údar agus Ó Muirthile - an bheirt Chairbrineach dheisbhéalach - ar chéilí ina bhfuil aird chailíní na háite dírithe orthu. Bíonn comhrá, cliúsaíocht agus magadh ann, agus is é deireadh an scéil ná go gcaitheann an bheirt an lá ina dhiaidh i gcomhluadar bheirt bhan óg ón áit, ag rothaíocht thart ar Cheann Sléibhe agus Dún Chaoin. Bíonn comhrá breá taitneamhach eatarthu faoin bhfilíocht, faoin teanga agus faoin tírdhreach. Murach gnó an Chonartha a bheith á mbrú ar aghaidh go baile eile, d’fhanfaidís tamall beag eile sa cheantar.

Ar aon chuma agus de réir na fianaise, níl dabht ar bith gurbh fhear dóighiúil, deisbhéalach é Ó hAnnracháin. Agus bhí na dea-thréithe céanna ag baint lena shliocht. Bhí beirt dá pháistí ina n-aisteoirí - Neasa agus Ciarán. D’éirigh thar na bearta lena mhac Ciarán i Sasana agus in Hollywood mar ar oibrigh sé faoin ainm stáitse Kieron Moore. Is eisean a bhí ina cheann feadhna, mar Count Vronsky, le Vivien Leigh sa scannán Anna Karenina i 1948. Is oth liom a rá go raibh sé ina cheann feadhna freisin i scannán amaideach a raibh an-tóir air sa bhliain 1959 – Darby O’ Gill and the Little People, saothar inar thug lucht Hollywood a leagan áiféiseach féin de chultúr na nGael. Ní heol cad a cheap a athair faoi na daoine ba chúis leis an truflais sin. Gan dabht mhaithfeadh sé dóibh mar Phoncáin iad. Faoin am sin bhí cuid mhaith Éireannach ag tabhairt faoin ngnó céanna agus ‘maisiúchán’ leamh á dhéanamh acu de thraidisiún agus teanga shaibhir na tíre. Ní dóigh go mbeadh an t-údar chomh maiteach céanna ina gcás siúd.

Uaireanta tugtar spléachadh beag ar Éire eile in Mar chonnac-sa Éire.

Tamall beag agus chonaiceamar na Blascaodaí, agus is beag a cheapfadh éinne go mbeadh daoine ina gcónaí ann. Ní raibh ann ach carraigeacha, dar liom, amuigh san fharraige - carraigeacha loma, garbha agus a gciumhaiseanna go bearnach, briste.

Ach is amhlaidh go raibh daoine ina gcónaí ann, ina measc bean amháin a chuaigh isteach ann nuair a phós sí fear ón oileáin beagnach 15 bliana roimhe sin - bean a bhí ar chomhaois leis an údar, agus amhail eisean, ag cur a cuid smaointe agus a cuimhní i dtoll a chéile, cuimhní a d’fhoilseofaí níos déanaí. Caithfear a rá gur suntasach an difríocht atá idir leabhar na mná sin Peig agus an leabhar seo. Cé gur leabhar breá saibhir é Peig ó thaobh teanga agus scéalaíochta de, tá rian an chruatain, na

hainnise agus an éadóchais go daingean ann, rud nach féidir a rá faoi leabhar Uí Annracháin. Níl in Mar chonnac-sa Éire ach an dea-ghiúmar, an dóchas agus an greann, agus níl lorg dá laghad ann den chráifeacht nó den fhéintrua. Dhéanfadh an leabhar seo maitheas dá lán daoine atá réamhchlaonta i leith scríbhneoirí na Gaeilge.

Agus an turas beagnach críochnaithe, tá an t-údar ina aonar anois. Ar a bhealach abhaile chun an Sciobairín, caitheann sé cúpla lá i gceantar Shliabh Luachra, idir contaetha Chorcaí agus Chiarraí, áit ina mbaineann sé sult as a bheith ag plé na filíochta le muintir na háite.

Seo é ceantar na bhfilí - Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Aogán Ó Rathaille go háirithe - agus ní féidir gan smaoineamh ar leabhar eile a bhí an-tábhachtach in athbheochan na Gaeilge - The Hidden Ireland le Daniel Corkery a foilsíodh i 1924.

Is leabhar é a chuaigh go mór i bhfeidhm orthusan a bhí gníomhach sa ghluaiseacht chun athshealbhú a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge. Cuirtear in iúl i leabhar Corkery cruinneshamhail thraidisiún fhilíocht na Gaeilge in Éirinn: traidisiún a bhí cruthaitheach agus comhtháite, agus go hiomlán éagsúil le haon traidisiún eile. Déanann Corkery cur síos go sonrach ar an mbaint a bhí ag muintir na Mumhan le traidisiún na filíochta agus an gean a bhí acu ar Eoghan Rua. Luaitear ann an méid a scríobh Dineen i 1902:

two subjects which never failed to arouse the dying fires, to bring light into fading eyes and a flood of speech to toothless gums, the Great Famine and Eoghan Rua, the wastrel poet whose voice had been stilled for more than a hundred years ... When I mention Eoghan Rua, the old men raise their heads .. I have met old women who at the mention of his name forget all the hardship they have come through since their young days.

Cheapfá gur áibhéil atá ann, ach i leabhar Uí Annracháin, más fíor a chuntas, feicimid gurbh amhlaidh a bhí sé. Sa cheantar seo, tá an fhilíocht i ngach aon áit. Bíonn trácht uirthi ar na bóithre agus cois teallaigh, bíonn giota dáin i mbéal gach duine, agus labhraítear le cion faoi fhilí na háite: Diarmuid na Bolgaighe, Tadhg Na Cluaise, agus go háirithe Eoghan Rua - Eoghan an Bhéil Bhinn, Eoghan Bocht – fear a mbíonn daoine ag caint faoi mar a bheadh sé fós beo ina measc.

Is cinnte go ndeachaigh Eoghan Rua, file agus réice, i bhfeidhm ar shamhlaíocht scríbhneoirí na hathbheochana. Bhí sé ann sa charachtar ‘Red Hanrahan’ a chruthaigh W.B. Yeats, agus bhí sé ann freisin i gcaint Pegeen sa Playboy of The Western World -dráma nár scríobhadh as Gaeilge é, ach i mBéarla a raibh múnlú na Gaeilge air:

If you weren’t destroyed travelling, you’d have as much talk and streeleen, I’m thinking, as Owen Roe O’Sullivan or the poets of the Dingle Bay, and I’ve heard all times it’s the poets are your like, fine fiery fellows with great rages when their temper’s roused.

Ag deireadh an tsamhraidh 1909, baineann Peadar Ó hAnnracháin an fód dúchais sa Sciobairín amach. Tá cuid mhaith d’Éirinn siúlta aige, agus staid na teanga feicthe aige. Tá sé idir dhá chomhairle faoin méid a chonaic sé. Is mór an tógáil croí dó an díograis a chonaic sé i measc na ndaoine, ach tá imní air faoi mheath na teanga ina lán áiteanna ar nós an Daingin:

Baile leathGhaelach is ea é fós. Níl aon bhaile eile chomh Gaelach leis sa Mhumhain, ná in aon ghar dó...ach de réir an fhuadair atá faoi dhaoine ann beidh sé chomh Gallda leis an An Sciobairín lá éigin. Is gránna an galar é an Galldachas céanna, agus tá frídíní an ghalair sin ag déanamh a ngnóthaí go tiubh sa tír.

Ach, faoi dheireadh, is é an dóchas is mó a bhraitear sa leabhar. Agus tá údar maith leis i gcomhthéacs na tréimhse sin. Amhail an Cairbrineach eile, Ó Muirthile, bhí an t-údar gníomhach sna hÓglaigh agus páirteach i gCogadh na Saoirse. An fhís chéanna a bhí acu is a bhí ag an bPiarsach agus ag gníomhaithe an Chonartha: ‘Not only would we have Ireland free, but we would have Ireland Gaelic’. Bhí dlúthcheangal, dar leo, idir saoirse na tíre agus athshealbhú a cultúir. Agus fiú má bhí an teanga i mbaol, bheadh réiteach ann ar ball; creideadh go docht go mbeadh an Ghaeilge i dtús áite sa Phoblacht nua.

Agus Bliain na Gaeilge 2018 ar siúl, agus sinn ag smaoineamh ar an 125 bliain atá imithe thart, is go drogallach a admhaímid fírinne an scéil; má bhí dóchas dochloíte ag an nglúin sin, b’amhlaidh an scéal mar nárbh eol dóibh cad a bhí i ndán don Ghaeilge. Ba bheag ab eol dóibh go ndéanfadh an chéad rialtas cinneadh, cinneadh a raibh an pobal comhpháirteach ann, nárbh í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre, agus ba bheag a shíl siad gur teip leanúnach shistéamach a bheadh i ngach iarracht dá ndéanfadh gach rialtas eile ina dhiaidh sin dul i ngleic le meath na teanga.

(1) breac-chaighdeánú déanta agam ar an téacs
(2) https://archive.org/details/SimpleLessonsInIrishPart1OGrowney_86

(3) https://tuairisc.ie/on-gcartlann-james-joyce-agus-an-ghaeilge-you-are-an-irishman-and-you-must-write-in-your-own-tradition/