Staitisticí

Splancfhicsean le Pól Mac Uistín

Na staitisticí, na figiúirí, ba bhreá leat riamh iad. Nach ea, a Róisín. Is cuimhin leat fós an dúil a bhí agat iontu is tú ar scoil breis is tríocha bliain ó shin. Agus anois go bhfuil ré na bhfigiúirí buailte linn, tá tú faoi gheasa acu arís. Féach thú anois, féach thú i mbreacsholas na maidine, i do shuí i do chistin Ikea, os comhair an laptop nua a thug do chomhlacht duit, ag scrúdú na staitisticí is déanaí - líon na gcásanna, rátaí báis, ráta scaipthe, in Éirinn, thar lear.

Ag tús na géarchéime, chuir siad scaoll ionat, na figiúirí, na staitisticí, a n-iolracht agus a loime, iad á n-athrú, á síormhéadú, gach lá, gach uair an chloig. Ach tá tú imithe i dtaithí orthu le tamall. Mar is eol duit le fada, téitear i dtaithí ar gach rud. Agus anois, ar bhealach éigin, is túisce faoiseamh ná scaoll atá iontu. Mar seachas tráth eile de do shaol, ar an aimsir seo ní duitse atá an drochrud ag tarlú, ach do dhaoine eile, agus de réir calcalais atá chomh míloighciúil is atá sé dosháraithe, fad is atá slad á dhéanamh ar na mílte eile, is lú is dóichí tusa a bheith buailte.

Agus tá na téarmaí go léir ann, nach bhfuil, na téarmaí a d’fhoghlaimíodh tú ar scoil. Ar shuímh áirithe - suímh shainfheidhme ar a bhfuil mioneolas curtha agat anois - déantar plé ar théarmaí amhail airmheán, leibhéal muiníne, cóimheas agus comhchoibhneas. Léirítear staitisticí an ghalair le cairteacha seiftiúla, graif cholúin, graif charnacha, graif logartamacha. Ach is fada uait laethanta na scoile, tá na coincheapa imithe i bhfainne agus na téarmaí leath-dhearmadta. Bhainfeá amach do sheanleabhair scoile, ach tá siad loiscthe agat le fada – mar aon le beagnach gach rud eile a bhain le d’óige.

Sin é, an rang matamaitice ar scoil, nach minic a ritheann sé isteach i d’aigne le déanaí. Cuimhníonn tú ar an sult a bhainteá as, mar níorbh rang amháin é ach tearmann, do thearmann féin aoibhinn. Is cuimhin leat do mhúinteoir mánla muiníneach, is cuimhin leat boladh breá na cailce i lagsholas séimh an tráthnóna, is cuimhin leat na léaráidí gleoite a bhíodh ar an gclár dubh, na huimhreacha agus na siombailí faoi mar a bheadh rúnscríbhinn fuascailteach, agus na cothromóidí innealta, a dteanga féin dhiamhair acu ina raibh éachtaint ar shaol eile, saol ina mbeadh an tsimplíocht is an tsoineantacht i réim.

Is ea, a Róisín, tá na cuimhní ar ais chugat. Ach i measc na gcuimhní tá an chuimhne eile, nach bhfuil, an tseanchuimhne, an droch-chuimhne. Is cuimhin leat anois deireadh an lae sa seomra scoile agus an scéin á géarú ort, clagarnach bhagrach na báistí ar an bhfuinneog, an fonn a bhíodh ort fanacht sa rang, an t-uamhan a bhíodh ort roimh dhul abhaile, fonn ort fanacht i measc thearmann na bhfigiúirí, fanacht sa rang, aon rud ach dul abhaile. Mar b’in í bliain an drochruda, bliain mheilte bhláth d’óige, an bhliain ar thosaigh d’athair ag sleamhnú isteach i do sheomra codlata, bliain do bhriste. B’in í an bhliain a bhfuair tú amach nach raibh aon mhaith i bpaidir ná i ngol, an bhliain a ndearna do mháthair beag de d’achainí agus do dheora, ar thug boiseog duit ar chloisteáil di an focal mí-úsáid, an bhliain ar theith go tobann do dheirfiúr mhór, an t-aon duine amháin a raibh iontaoibh agat ann.

Ach cé gur rífhada uait do theaghlach, is ar éigean a bhí ionadh ort oíche aréir nuair a fuair tú glaoch ó do dheirfiúr mhór, an chéad cheann le breis is deich mbliana. Bhí tú leath ag súil leis, mar le seachtain anuas tá glaonna, ríomhphoist agus litreacha ag teacht ón teach altranais ag iarraidh ort teagmháil phráinneach a dhéanamh mar gheall ar do thuismitheoirí.

An bheirt acu scuabtha ag an víreas, faoi cheann cúpla lá dá chéile, dar le do dheirfiúr. Labhraíonn sí go lom fuarchúiseach, agus is ar éigean a thugann tú freagra di. Níl a lán le rá agat léi, is beag mothú i do chroí agus is lú fós focal i do bhéal. Nach cuí, atá tú chun a rá, nach cuí go bhfuair siad bás le chéile, a gcomhpháirtíocht nimhneach i bhfeidhm go deireadh na scríbe. Ach ní deir tú faic. Ní anois tráth na mbriathra, ach tríocha bliain ó shin. Ní bheidh ceachtar agaibh ag dul chuig an tsochraid.

Agus féach thú sa chistin arís, a Róisín, ar do laptop nua, suíomh na staitisticí oscailte romhat, cailéideascóp gáifeach na bhfigiúirí os do chomhair - líon na gcásanna, ráta báis, an uimhir R - táscairí laethúla na míchinniúna, tá siad go léir ann, agus borradh giodamach faoi gach ceann díobh. Lonnaíonn do shúile ar staitisticí báis na hÉireann agus fanann beagán níos faide ná mar is gnách. Mar is staitisticí iad ina bhfuil píosa beag de do shaol féin anois. Ritheann sé leat go bhfuil a scéal féin taobh thiar de gach staitistic agus gach figiúr, ach ní fada a mhaireann an machnamh mar níl tú tugtha den mhaoithneachas le tamall maith.

Faoi dheireadh is beag idir staitisticí an lae seo agus na laethanta eile. Tá an gnáthrud ann, an ghnáthbhuairt - an gnáthscéal a bhfuil seanchleachtadh air anois. An gnáthscéal, ach amháin rud beag nua a bhaineann creathán grod asat. Tá léarscáil ar leathanach den suíomh ina bhfuil tíortha an domhain go léir ann. Tá ciorcal beag dearg ar gach ceann chun scaipeadh an ghalair agus an bháis a léiriú. An domhan go léir atá os do chomhair, ach é smálaithe, é breactha leis na spotaí dearga, agus ar feadh nóiméad taibhsítear duit nach ciorcail dhearga iad ach na céadta de chneácha agus gurb í an Chruinne féin atá ag cur a cuid fola.