Stair na pleanála teanga

Bhí scéalta go leor ann le tamall anuas faoin bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Scéalta a bhaineann le heaspa maoinithe, easpaa dul chun cinn agus easpa muiníne a bhformhór.

Is faoi Acht na Gaeltachta 2012 a tugadh an córas pleanála teanga isteach. Ar go leor bealaí ní haon iontas na drochscéalta seo faoin bpleanáil teanga nuair a chuimhnítear ar scéal na reachtaíochta sin agus ar eachtra amháin go háirithe. Ar an 19 Iúil 2013 bhí an bille Gaeltachta os comhair na Dála, agus bhí an méid a tharla an lá áirithe sin chomh háiféiseach sin gur chuir sé an oiread alltachta ar Fintan O’Toole féin gurbh fhiú leis tagairt a dhéanamh san Irish Times do scéal a bhain le cás na teanga.

Dar le O’Toole, ba ionann an ‘díospóireacht’ faoin mbille Gaeltachta an lá sin agus ‘a perfect expression of the way parliamentary scrutiny really works’.

Cad a tharla? Toisc gur léir dóibh nach raibh an Rialtas chun glacadh le hoiread is ceann amháin de na leasuithe a bhí molta ar an reachtaíocht, shiúil an 34 Teachta Dála de chuid an fhreasúra a bhí i láthair amach as an Dáil. D’fhág imeacht pholaiteoirí an fhreasúra nach raibh fágtha chun ‘díospóireacht’ a dhéanamh faoin mbille ach aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley agus a chomhghleacaithe ar thaobh an Rialtais, Paul Kehoe, Joe Carey agus Patrick O’Donovan.

Sular bhailigh lucht an fhreasúra leo d’iarr Éamonn Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, ar an aire stáit ‘don uair dheireanach seasamh siar ó bhruach na haille’ agus an bille a chur siar go dtí an fómhar. Mura ndéanfaí sin ní ghlacfadh Fianna Fáil páirt ‘sa chur i gcéill’, a dúirt sé.

Dúirt Peadar Tóibín, Sinn Féin, gur chuir an scéal ar fad ‘déistin’ air agus mhaígh fear an Pháirtí Shóisialaigh Joe Higgins gur léir nach raibh an rialtas sásta éisteacht in aon chor leis na moltaí i dtaobh an bhille a bhí ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

‘Ní féidir suí anseo ar feadh na n-uaireanta, dul tríd an Bhille go foirmeálta agus gan aon mholadh substaintiúil a ghlacadh ós na daoine a dteastaíonn uathu an Bille, agus todhchaí na Gaeltachta, a shábháil,’ arsa Higgins.

Agus a gcuid ráite acu chuaigh lucht an fhreasúra an doras amach agus thug Dinny McGinley faoina óráid. Bhí sé chomh maith aige a bheith ag caint
leis féin.

Ceithre fhocal a dúirt Paul Kehoe – ‘Hear, hear’ agus ‘mé féin’.

Dhá fhocal a dúirt Joe Carey –
‘Sinn Féin’.

Ní dúirt Patrick O’Donovan ach, ‘They are packing their cases for their holidays’, tagairt do theitheadh Theachtaí Dála an fhreasúra.

Cé nach raibh aon duine ar an taobh thall chun éisteacht leis bhí cuid mhaith le rá ag Dinny McGinley.

Dúirt sé gur mhol an scríbhneoir Conallach Seosamh Mac Grianna i 1932 gur chóir smacht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ar a gcinniúint féin agus go raibh an rialtas ag déanamh amhlaidh anois.

Chuir sé ‘fimíneacht’ agus ‘street politics’ i leith an fhreasúra nárbh ann dó.

‘There were two areas where the House never divided: the Irish language and the national question. We always thought the Irish language was above politics and we do not divide on it.

‘I hope the Opposition will come with me on this expedition to try to save the Gaeltacht and the Irish language,’ arsa an t-aire stáit.

Lena cheart a thabhairt do McGinley, ghéill sé go raibh géarchéim teanga ann sa Ghaeltacht, fírinne a sheachain na hairí stáit a tháinig ina dhiaidh.

‘Mura gcuirtear stad leis sin ní bheidh aon Ghaeltacht fágtha,’ arsa McGinley.

Ghéill sé chomh maith nach mbeadh caighdeán na díospóireachta thar mholadh beirte agus polaiteoirí an fhreasúra bailithe leo agus stuaic orthu.

‘It is very difficult to settle any differences when one is obliged to speak to empty benches on the other side of the House.’

Déarfadh an dream a d’fhág, is dócha, gur dheacair chomh maith teacht ar réiteach le duine a raibh ráite aige nach mbeifí ag glacadh le moladh ar bith uathu.

Moladh os cionn 200 leasú ar fad ar an mBille, idir mholtaí na bpolaiteoirí agus mholtaí na n-eagraíochtaí teanga. Bhain cuid mhaith de na moltaí leis an gcinneadh deireadh a chur le toghchán Údarás na Gaeltachta ach bhí imní mhór ar dhaoine freisin faoina raibh sa bhille faoin gcóras pleanála teanga nua a bhí beartaithe. Bhí imní orthu nach mbeadh dóthain maoinithe agus acmhainní ar fáil ann don chóras agus bhí imní orthu go háirithe go bhfágfadh an reachtaíocht nua go mbeadh an chuid is mó den obair ó thaobh na pleanála á déanamh ag an bpobal seachas ag an Stát.

Ar ndóigh, tá na rudaí céanna ag déanamh imní do dhaoine inniu, go háirithe i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Ar an 19 Iúil 2013 glacadh gan aon leasú leis an mBille Gaeltachta 2012 sa Dáil. Cúis ‘áthais’ ab ea é sin do Dinny McGinley.

‘In view of the structures we are establishing under the legislation, tá mise an-dóchasach go gcasfaidh an Bille an taoide agus go sábhálfaidh sé an teanga,’ ar sé.

Dá áiféisí imeachtaí na Dála an lá sin ba lá stairiúil é agus glactha sa Dáil le bille Gaeltachta den chéad uair le 56 bliain.

Dúirt McGinley gur mhaith leis a shamhlú go mbeifí ag trácht faoi cheann 56 bliain eile ar ardú seachas ar laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

‘Nothing would give me greater pleasure than the turning of the tide as a result of this Bill so that we see an increase of 50% or 60%,’ a dúirt sé.

Ó shin i leith léiríodh i bhfigiúirí daonáirimh gur tháinig laghdú 11% idir 2011-2016 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.

In ainneoin a ndeir an tAire Stáit Gaeltachta atá anois againn, is beag dul chun cinn atá déanta ó shin ach oiread i gcás na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Níl oiread is pingin caite fós ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga atá beartaithe sna 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá saineolaithe éagsúla den tuairim nach bhfuil aon ní cóir i ndán don chóras toisc gan a ndóthain maoinithe a bheith ar fáil dóibh siúd a bhfuil dua caite acu le hullmhú na bpleananna.

An bhfuil sé in am arís ag dream éigin áit éigin siúl amach?