James Joyce agus an Ghaeilge

James Joyce agus an Ghaeilge

markwickham.org

Caitheann J.J.O’ Reilly súil ar dhearcadh James Joyce i leith na Gaeilge

In alt a scríobh An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich dar teideal ‘James Joyce agus foghlaim na Gaeilge’ in Everyman i 1968 tá cur síos spéisiúil ar chás Joyce agus Conradh na Gaeilge idir 1899-1900 agus é ina mhac léinn san Ollscoil Chaitliceach i mBaile Áth Cliath.
Ba é bunús taighde an Chairdinéil ná leabhar dírbheathaisnéiseach Joyce, A Portrait of the Artist as a Young Man, ina bhfiafraíonn Davin de Stephen ‘Why did you drop out of the League class after the first lesson?’.
Bhí an carachtar Davin bunaithe ar George Clancy, cara de chuid Joyce san ollscoil. Ba bhall den Chonradh é Clancy agus dhein sé a dhícheall mic léinn eile a mhealladh ann. Sa Claidheamh Soluis i nDeireadh Fómhar 1899 foilsíodh fógra faoi ranganna Gaeilge a bhí á n-eagrú go speisialta do mhic léinn an Choláiste. In eagrán na Samhna foilsíodh ainmneacha iad siúd a chláraigh, ach ní raibh ainm Joyce ina measc.
Is beag Gaeilge a fhaightear i saothair Joyce agus is léir nach raibh suim aige sa réabhlóid chultúrtha a bhí faoi lánseol ag tús an fhichiú haois. Bhí masla sa mhéid a dúirt sé ina dhán The Holy Office, a chum sé i 1904, faoi cheannródaithe na gluaiseachta sin, leithéidí Yeats, Synge, Gregory, Moore. Ba i dtreo na hEorpa a bhreathnaigh seisean agus chruthódh sé a réabhlóid liteartha féin in Ulysses agus Finnegans Wake.

But all these men of whom I speak
Make me a sewer of their clique.
That they may dream their dreamy dreams
I carry off their filthy streams
For I can do those things for them
Through which I lost my diadem
Those things for which Grandmother Church
Left me severely in the lurch.
Thus I relieve their timid arses,
Perform my office of Katharsis.
My scarlet leaves them white as wool
Through me they purge a bellyful.


Foghlaimeoir
Ba é Stephen Hero réamhtheachtaí A Portrait of the Artist as a Young Man. Iarracht neamhaibí a bhí sa chéad saothar sin a scríobh Joyce idir 1901-1906. D’athscríobh sé an t-iomlán agus foilsíodh é faoin teideal nua é i 1916. Is in alt XV11 de Stephen Hero a fuair Ó Fiaich a chuid fianaise bhreise faoi Joyce agus an Conradh. De réir an tsaothair sin, d’fhreastail Stephen ar ranganna Gaeilge an Chonartha a bhí á dteagasc ag Pádraic Mac Piarais i Sráid Uí Chonaill. B’in láthair na ranganna ag an am, ach maidir leis an múinteoir is deacair an cur síos a rinne Joyce air a shamhlú leis an bPiarsach féin:
The teacher was a young man in spectacles with a very sick-looking face and a very crooked mouth. He spoke in a high-pitched voice with a cutting Northern accent… On enquiry Stephen found that Hughes who was the son of a nationalist solicitor in Armagh, was a law student in King’s Inns.
Bhí nós ag Joyce tréithe daoine éagsúla a mheascadh i gcarachtar amháin. Tá an nós seo coitianta in Ulysses go háirithe, áit, mar shampla, ina bhfuil an raidhse carachtar a théann trasna chathair Átha Cliath bunaithe ar chairde athar Joyce den chuid is mó.
Mura bhfuil an cur síos a dhéantar ar mhúinteoir Stephen ag teacht go beacht leis an bPiarsach féin, tá féith na fírinne sa chur síos ann ar an seomra ranga, dar le Ó Fiaich:

The Irish class which Stephen attended was held in a very sparsely furnished room lit by a gasjet which had a broken globe. Over the mantlepiece hung the picture of a priest with a beard, who, Stephen found, was Father O’Growney.

Tá an scéal amhlaidh maidir leis na tagairtí do shuaitheantas agus do théacsleabhair an Chonartha:

He bought O’Growney’s primers published by the Gaelic League but refused either to pay a subscription to the League or to wear the badge in his button-hole.

Tugann na giotaí seo le fios go raibh Joyce ina bhall den Chonradh agus gur ghlac sé páirt sna ranganna Gaeilge, cé nár thángthas ar fhianaise bhailí chinnte faoin méid sin go fóill. Luann Sarsfield Hogan ina leabhar A Page of Irish History, ainmneacha na mac léinn a d’fhreastail ar na ranganna ach níl ainm Joyce san áireamh ansin ach oiread. Níor éirigh le Ó Fiaich a ainm a fháil ar liosta na ndaoine a chláraigh san Ardchraobh in 1899 agus 1900 ach tá a dhlúthchara, J F Byrne, ann agus is cosúil go raibh Joyce ina chuideachta ag ócáidí An Chonartha ó am go chéile. I dtuairisc sa Chlaidheamh Soluis ar an 2 Meitheamh 1900, luaitear ainmneacha na beirte – Joyce agus Byrne – i measc na ndaoine a bhí sa lucht éisteachta ag cruinniú sna Antient Concert Rooms ar an 17 Bealtaine. Ba é ábhar an chruinnithe ná an Ghaeilge i gcúrsaí oideachais, ábhar a raibh conspóid ag baint léi ag an am.
Má d’fhreastail Joyce ar an gcruinniú sin is léir go raibh níos mó suime aige i gceist na Gaeilge agus gníomhaíochtaí an Chonartha ná mar a lig sé air. Sin áiteamh Uí Fhiaich chomh maith agus maíonn sé nach bhféadfadh Joyce cur síos chomh cruinn, cuimsitheach a dhéanamh ar ranganna na heagraíochta in Stephen Hero mura mbeadh déanta aige féin ach aon rang amháin.
Glacann beathaisnéisithe Joyce, Richard Ellman, John McCourt, Frank Budgen agus na scoláirí Declan Kiberd agus Seamus Deane leis an tuairim gur fhreastail Joyce ar ranganna Gaeilge. Deir Budgen, cara agus comhairleoir Joyce in Zurich, gur sheachain Joyce an Piarsach toisc go mbíodh an Ghaeilge á moladh aige agus an Béarla a leagadh aige. Ba é an Béarla teanga ealaíonta Joyce agus mar uirlis litríochta nua-aoiseach, an meán ina gcruthódh sé foirmeacha nua scríbhneoireachta.
In ainneoin na fianaise in Stephen Hero agus araile, tá go leor nach bhfuil ar eolas againn fós faoi scéal Joyce agus foghlaim na Gaeilge, cé gur beag gné dá shaol nach bhfuil nochta don phobal, fiú na gnéithe ba phríobháidí, ba phearsanta agus ba rúnda.
Nuair a cuireadh tús leis an ngrinnscrúdú ar Joyce i ndiaidh a bháis i 1941, tosaíodh ar thaighde a dhéanamh faoi gach focal a scríobh sé nó dár tháinig as a bhéal. Is minic a thráchtann na scoláirí agus na saineolaithe do ráiteas Joyce: ‘I’ve put in so many enigmas and puzzles that it will keep the professors busy for centuries arguing over what I meant…’ Le teann mórtais a dúirt sé an méid sin le Jacques Benoist-Méchin i bPáras i 1922. Ag labhairt dó lena chol ceathrar Katsy Murray i Londain an bhliain chéanna dúirt sé “if Ulysses isn’t fit to read, life isn’t fit to live”. Agus an oiread sin scríofa faoi shaol agus faoi shaothar Joyce is aisteach an ní é nár thángthas ar ráiteas uaidh faoin teagmháil a bhí aige lena theanga dhúchais ina óige.

Teangeolaí
Ba theangeolaí den scoth é Joyce. Labhair sé Iodáilis, Fraincis agus Gearmáinis. In aois a ocht mbliana déag agus é san ollscoil, foilsíodh léirmheas leis san iris liteartha an Fortnightly Review i Londain ar dhráma nua Henrik Ibsen When We Dead Awaken. Mhúscail sé seo ionadh agus éad i measc a chomhghleacaithe sa choláiste, go háirithe nuair a fuair siad amach gur shaothraigh sé dhá ghine dhéag dá bharr. Scríobh Ibsen é féin chuig eagarthóir na hirise ag rá go raibh sé faoi chomaoin ag Joyce as an léirmheas, rud a chuir go mór le féinmhuinín an fhir óig, cé nach ar chúl sceiche a bhíodh sé riamh maidir lena chuid barúlacha. Chun tuiscint cheart a fháil ar dhrámaíocht Ibsen, thosaigh Joyce ag staidéar Dano-Norwegian. I gColáiste Belvedere agus le linn dó a bheith san ollscoil d’fhoghlaim sé Fraincis, Iodáilis agus Laidin. Dá mbeadh an toil aige d’fhéadfadh sé Gaeilge a fhoghlaim gan stró, d’ainneoin nach raibh an teanga ar churaclam na scoileanna go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1922. Ach níor thapaigh sé an deis nuair a chuir George Clancy an dúshlán sin roimhe.
Chuir Joyce tús lena chuid oideachais i gColáiste Choill Chluana Gabhann (Clongowes Wood) in 1888, scoil chónaithe phríobháideach de chuid na nÍosánach, ach ní fada gur chuir béasa aite a athar isteach ar a chuid scolaíochta. Níor fhill James ar an scoil tar éis an tsamhraidh in 1891 agus thosaigh a theaghlach ag dul ar gcúl i ndáiríre an bhliain chéanna nuair a bhog siad ó dheisceart na cathrach chuig an taobh neamhfhaiseanta ó thuaidh. Chaith James agus a dheartháir Stanislaus tréimhse ghearr i scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Richmond Thuaidh, ach ní dhearna James tagairt dó seo riamh. Bhí an t-ádh air nuair a d’éirigh lena athair áit a fháil dó i gColáiste Belvedere saor in aisce, rud a lig dó leanúint lena chuid oideachais faoi stiúir na nÍosánach.
Ba mhinic do Joyce an tOrd sin a mholadh as an oideachas a fuair sé, ach léirigh sé dímheas d’Ord Naofa eile, na Bráithre Críostaí, sa chur síos scigiúil atá aige orthu sa Portrait:

A squad of Christian Brothers was on its way back from the Bull… The uncouth faces passed him two by two, stained yellow or red or livid by the sea…

Tá macalla sa mhéid sin de dhearcadh drochmhúinte a athar a ghlaoigh ‘Paddy Stink and Mickey Mud’ orthu.
Is deacair éalú ón mbreithiúnas gur choinnigh Joyce scéal an Chonartha agus na mBráithre Críostaí faoi cheilt d’aon ghnó. Níor thug sé aon aird ar athbheochan na Gaeilge ina óige agus más fíor do ráiteas i ndialann a dhearthár Stanislaus, Triestine Book of Days, bhí sé iomlán ina coinne:

‘Jim considered every hour spent in the study of Irish an hour wasted.’

An áibhéil a bhí anseo nó an fíor é? An raibh an oiread sin fuatha ag Joyce don Ghaeilge?

Deoraí
Is dóigh nár fheil sé do Joyce meas a léiriú don teanga nuair a chinn sé Éire a fhágáil i nDeireadh Fómhair 1904, cúig bliana i ndiaidh dó teagmháil a bheith aige leis an gConradh. Sa Portrait d’fhógair sé go hardnósach nárbh fhéidir leis freastal ar a theaghlach, a thír dhúchais ná a eaglais óir nár chreid sé iontu a thuilleadh.
Mar dheoraí, treisíodh ar an dearcadh duairc a bhí ag Joyce faoina thír mar gheall ar an gconspóid fhada leadránach faoi fhoilsiú a chnuasaigh gearrscéalta Dubliners, nár cuireadh i gcló go dtí 1914. Sa dán Gas from a Burner, a scríobh sé i 1912, cháin sé an foilsitheoir agus an tír lenar bhain sé go géar:

This lovely land that always sent her writers and artists to banishment. And in the spirit of Irish fun betrayed her own leaders one by one.

Caithfear a chur san áireamh, áfach, go raibh saol Joyce míshona ar go leor bealaí i 1904. Ba é an rud ba mhó a thug air imeacht ar deoraíocht, b’fhéidir, ná riocht a theaghlaigh. Cailleadh a mháthair an bhliain roimhe sin, bhí a athair dífhostaithe gan dóthain aige chun naonúr clainne a chothú. Fear faillitheach é a bhí tugtha go mór don ól. Bhog James, an duine ba shine, amach i mí an Mhárta agus fuair sé lóistín dó féin. Go gairid ina dhiaidh sin d’fhág sé an tír le Nora Barnacle as cathair na Gaillimhe. Chuir siad fúthu in Trieste san Iodáil, áit a bhfuair sé post mar mhúinteoir Béarla. Ba in Trieste a thosaigh sé ag bláthú mar scríbhneoir agus ba ann a chuir sé tús lena aistear cinniúnach ar bhóthar na cruthaitheachta. Le himeacht ama, d’éirigh Joyce níos ceanúla ar Éirinn agus a muintir agus tháinig maolú ar an díspeagadh agus an searbhas. Tá an t-athrú seo soiléir i roinnt alt a scríobh sé in Trieste don nuachtán Il Piccolo della Sera agus is feiceálaí fós an t-athrú i léacht a thug sé san ollscoil Universitá Popolare faoin teideal Ireland, Island of Saints and Sages. Deir John McCourt in The Years of Bloom gur léirigh ábhar na léachta sin go raibh Éire lárnach in aigne Joyce agus go raibh sé iomlán gafa le polaitíocht agus cultúr na tíre.

Cúiteamh
Cé nár éirigh linn ár dteanga dhúchais a tharrtháil mar phríomhtheanga na tíre, tá comhréir, nathanna cainte agus tréithe sainiúla na Gaeilge go mór sa treis sa Bhéarla a labhraímid gach lá, Hiberno-English. Murar dhearbhaigh Joyce a dhílseacht riamh do theanga na Gaeilge, léirigh sé meas uirthi ina shaothar liteartha trí leas a bhaint as an gcineál Béarla atá chomh mór sin faoina hanáil agus aisti féin.
Tá neart samplaí den Hiberno- English i scéalta Dubliners agus sa chaibidil Cyclops in Ulysses, mar shampla: ‘I’ve a sup taken’, ‘Is there any chance of a drink itself’, ‘not like some of those he does be with’, ‘and he shouting at the bloody dog’. Úsáideann Joyce focail Ghaeilge freisin – ‘deoc and doruis’, ‘smahan’, ‘musha’, ‘raimeis’ ‘omadhauns’ agus tá an Ghaeilge ar cheann de theangacha Finnegans Wake. Sa leabhar sin aistríonn sé, mar shampla, ‘Conas atá tú mo dhuine uasail fionn?’ go ‘Guinness thaw tool in jew, me dinner ouzel fin?’.
Tá tionchar Nora soiléir chomh maith. Chuir sé suim faoi leith i ngach gné de scéal a hóige i nGaillimh agus tá rian a saoil mar chailín óg ag sníomh trí na saothair uilig. Ó tógadh in iarthar na tíre í, bhí saibhreas cainte agus teanga aici a bhí mar fhoinse luachmhar ag Joyce. Feictear an saibhreas seo sa bhailiúchán gearrscéalaíochta Dubliners go háirithe.
Sa scéal Eveline deireann máthair shiabhránach Eveline na focail ‘derevaun seraun’ arís is arís eile agus i ar leaba an bháis. Níl fáil ar mhíniú na bhfocal sin, ach tuigtear go raibh Joyce ag iarraidh imeacht as na Gaeilge i measc na ndaoine a chur in iúl.
Is in The Dead, an scéal is cáiliúla sa bhailiúchán, is fearr a léirítear caidreamh domhain casta Joyce lena thír dhúchais. I measc na dtéamaí sa scéal sin, tá an Ghaeilge, an tIarthar, gluaiseacht na hathbheochana agus mearbhall intinne an phríomhcharachtair Gabriel is é ag streachailt leis an gcoimhlint idir a shaol Anglach i mBaile Áth Cliath agus réamhscéal rúnda, mistiúil, rómánsúil a mhná céile, Gretta, i nGaillimh.
Séanann Gabriel gurb í an Ghaeilge a theanga dhúchais nuair a chuireann Molly Ivors ceist air. Diúltaíonn sé do chuireadh uaithi dul ar turas go hOileán Árann agus éiríonn sé greannach nuair a ghlaonn sí ‘West Briton’ air. Ba dhuine de mheánaicme na cathrach é: oilte, cliste, stuama, muiníneach agus gan aird ar bith aige ar an Náisiúnachas.
Baineann scéal cráite Gretta, faoi bhuachaill óg a d’éag ar a son fadó, suaitheadh mór as Gabriel agus den chéad uair taibhsítear dó gur duine lag leochaileach é nach dtuigeann castacht nó doimhneacht nádúr a chine. Níor mhothaigh sé riamh fíorghrá ná paisean, amhail Gretta agus a leannán. Ina shamhlaíocht, casann sé i dtreo an iarthair, ceantar anamúil, croíúil, fearann spioradálta na ndaoine. An é seo cineáltas agus cúiteamh Joyce, léiriú urraime agus ómóis dá dhúchas agus dá oidhreacht?