Léirmheas

Mícheál Ó Ruairc

Sárú


Le Anna Heussaff


Cló Iar-Chonnacht €8, bogchóip 137 lch.


Léirmheas le Claire Dunne


Leanann an leabhar seo eachtraí roinnt carachtar ar bhuaileamar leo i leabhar eile de chuid Anna Heussaff: Evan, Rio agus Síofra. Mar a tharla sa leabhar HÓNG agus VORTEX, ní mór do na carachtair óga seo dul i ngleic le fadhbanna teicneolaíochta agus timpeallachta atá ag bagairt ar an saol comhaimseartha. Is léir go bhfuil spéis ag an údar féin sna réimsí seo agus éiríonn léi a dtábhacht i saol an duine óig a léiriú ar bhealach éifeachtach.
Focal gearr atá mar theideal ar an leabhar - SÁRÚ - mar a bhí i gceist le HÓNG, agus é litrithe i mbloclitreacha, ach tuigimid ón mblurba thíos faoi, agus go deimhin ón strainc atá ar aghaidheanna na gcarachtar ar an gclúdach, gur focal cumhachtach atá ann. Aithneoidh léitheoirí cló agus dathanna an chlúdaigh agus a chosúla is atá sé leis an gclúdach don leabhar HÓNG. Rogha chliste is ea an dath dearg a chur ar an gclúdach – tá nasc déanta le clúdach an leabhair eile ar ndóigh – ach bundath atá ann a fhógraíonn an baol atá os comhair na ndaoine óga. Idir an tintreach agus an bháisteach throm atá ag clagarnach ar an bhfuinneog, agus lámh bhagartha ag iarraidh greim a bhreith ar an uaireadóir, dealraíonn sé go bhfuil rud éigin thar a bheith speisialta agus scanrúil faoin uaireadóir seo a bhfuil oiread sin éilimh air. Feicimid íomhá den uaireadóir cliste seo ag tús gach caibidle agus is é an cluiche atá ar an uaireadóir a cheanglaíonn le chéile eachtraí an leabhair. Briste ina sé chaibidil déag, tá blúiríní beaga aicsin mar chroílár gach coda.
Tagaimid ar go leor tagairtí comhaimseartha, mar shampla, an fit bit agus na meáin shóisialta éagsúla (nó na meáin mhíshóisialta, de réir mar a fheicimid an leas a bhaintear as Snapchat agus WhatsApp chun teachtaireachtaí gránna a chur chuig daoine eile). Tagraítear do chluiche cliste ar an uaireadóir, agus seans go bhfuil mianach sa smaoineamh sin mar chluiche ríomhaireachta nó aip amach anseo óir cuireann an cluiche na carachtair ag smaoineamh faoi réitigh éagsúla a fháil ar fhadhbanna éiceolaíochta ár linne. Pléann an cluiche le roinnt deacrachtaí atá feicthe againn sna meáin le tamall de bhlianta anuas: paindéim agus athrú aeráide. Tá seans go rachaidh roinnt de na tagairtí teicneolaíochta seo as dáta ar ball ach tá ceist uilíoch bhuan a bhaineann leis an gcúram imshaoil fite fuaite leis an scéal ar fad a bheidh tráthúil i gcónaí.
Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach do luathdhéagóirí a bheadh in ann ionannú a dhéanamh leis na príomhcharachtair atá ar comhaois leo. Roghnaítear leasainmneacha bunaithe ar ainmhithe do na naimhde sa scéal ach tá carachtracht dhomhain déanta orthu ag an am céanna. Pléitear comhthéacs baile na ndéagóirí agus an chaoi ar chuir sé sin leis an iompraíocht agus is soiléir go bhfuil bundifríochtaí eatarthu mar aon le héagsúlacht cur chuige sa tslí a thugtar aghaidh ar a ndeacrachtaí. Cíorann Heussaff cúrsaí éagsúla clainne agus tá léargas réadúil ar chineálacha éagsúla taithí pháistí óga an lae inniu. Is iad na déagóirí féin a stiúrann an plota agus ní chloisimid mórán de ghuth na dtuismitheoirí. Fós féin, tá siad ann ag faire amach dá bpáistí agus léirítear dúinn freisin na dúshláin atá roimh na tuismitheoirí agus an tionchar a imríonn sé sin ar shaol an pháiste. Tagann éad ar charachtar nuair a fheiceann sé an saol baile atá ag an duine eile. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus tagaimid ar eolas níos deireanaí maidir le haincheist atá idir lámha ag an gcarachtar sin sa bhaile. Tá aibíocht i gceist le roinnt de na carachtair, go háirithe an cailín a bhíonn ag dianmhachnamh ar chúrsaí timpeallachta, agus a hiompar an-éagsúil leis na troideanna beaga páistiúla a bhíonn idir an bheirt bhuachaillí. Méadaíonn ar an teannas idir na buachaillí agus iad ag teacht in inmhe, agus nuair a thagann cara eile ar an bhfód a athraíonn an caidreamh eatarthu. Mar is dual do Heussaff, an Ghaeilge bheo atá i mbéal na gcarachtar. Tá friotal na gcarachtar ag teacht le húsáid na Gaeilge i measc lucht Gaelscoileanna, cainteoirí dúchais, agus nuachainteoirí Gaeilge. Is mór an chabhair an ghluais ag an deireadh do léitheoirí, agus í déanta amach de réir na gcaibidlí, agus nathanna mar aon le focail aonair ar fáil.
Is ríléir gur dúchasaigh dhigiteacha atá i measc an dreama sa scéal seo agus tá trasnú spéisiúil idir cumhacht na teicneolaíochta agus braschaint na hóige. Briseann cúrsaí teicneolaíochta go leor teorainneacha agus is féidir leis na himreoirí an t-uaireadóir cliste a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le daoine eile fud fad na cruinne. Ar an lámh eile, fiú agus Evan sa bhaile ina sheomra leapa féin, ligeann na háiseanna teicneolaíochta do dhaoine cur isteach air. Fiosraíonn an scéal cumhacht na meán teicneolaíochta chun tuairimí a athrú agus ní fada go bhfuil ceap magaidh déanta de na daoine a bhí ag spochadh as agus ag cur isteach ar Evan. Léirítear freisin comhbhréagnú na teicneolaíochta, cuir i gcás an t-athair a chuireann isteach an-chuid ceamaraí sa teach chun súil ghéar a choinneáil ar a bhfuil ag titim amach ann ach, ag an am céanna, atá beag beann ar na deacrachtaí pearsanta i saol a iníne. Chomh maith leis sin, in ionad cúl a thabhairt leis na huirlisí teicneolaíochta maistíneachta, téann Síofra i muinín na n-aipeanna céanna agus í ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar na daoine atá ag cur isteach ar a deartháir. Gan ton rótheagascach a úsáid, leagann an t-údar béim chaolchúiseach ar an gceangal idir cúrsaí meabhairshláinte, cúrsaí caidrimh, agus úsáid na teicneolaíochta.
De bhua na scéalaíochta agus an rogha téamaí téagartha tráthúla is ábhar léitheoireachta saibhir do léitheoirí óga atá anseo. Sárú ar dheacrachtaí cairdis, sárú ar chontúirtí teicneolaíochta, agus sárú ar cheisteanna atá ag déanamh dochair agus tinnis don timpeallacht: níl a shárú ar fáil mar lón machnaimh don duine óg.
a scéal agus a ndán a bhreacadh síos ina steillebheatha ar phár.

FAYE – úrscéal don Saol Óg


Le Meadhbh Ní Eadhra


Foilsitheoir: LeabhairCOMHAR, 2017, 69 lgh


Léirmheas: Mícheál Ó Ruairc

Is deacair scríobh don saol óg. Is deacair an teanga a chur in oiriúint dóibh siúd a tháinig ar an saol san aonú haois is fiche. Níos deacra fós leibhéal a gcuid Gaeilge a thomhas. De ghnáth, bíonn caighdeán na Gaeilge a úsáidtear i leabhair don óige ró-dheacair. Uaireanta bíonn sé ró-shimplí. Tuigeann an t-aos óg nuair nach mbíonn an t-ábhar agus an stíl scríbhneoireachta feiliúnach agus tugann siad droim láimhe don rud ar fad. Ní féidir an dubh a chur ina gheal orthu. Gaineamh faoi shiúl is ea an óige agus is deacair coinneáil suas léi.
Is é dúshlán an scríbhneora freastal ar an neamhbhuaine seo trí stíl bheomhar, bhríomhar, spreagúil a chleachtadh a bheireann greim ar aigne an léitheora óig agus níos tábhachtaí fós ar a shamhlaíocht. Ní mór don ábhar agus don stíl a bheith in oiriúint do riachtanais an léitheora óig ar an dóigh chéanna. Má tá an téacs ró-fhoclach agus ró-sheanaimseartha gan trácht ar ró-leadránach beidh an cath caillte sula mbeidh an chéad chaibidil críochnaithe.
Tá an dá arm aigne i seilbh Mheadhbh Ní Eadhra: cleachtann sí stíl thaitneamhach, éadrom, sholéite agus beireann an t-ábhar atá idir lámha aici greim ar an léitheoir óg ón gcéad abairt. Tá bua na scéalaíochta agus na scríbhneoireachta aici agus tá an teanga ar a toil aici chomh maith. Cailín óg dhá bhliain déag d’aois ag druidim ar dhá bhliain is fiche í Faye, an príomhcharachtar. Tá sí faoi chúram an stáit agus neart fadhbanna pearsanta le sárú aici. Í i gcónaí i dtrioblóid. Is ann do rialacha le hiad a bhriseadh an dearcadh a bheadh aici ar an saol.
Murach an dúil mhór atá aici sa pheil bheadh a port seinnte. Taitníonn an pheil go mór léi. Agus tá sí go maith chuici. An chuma uirthi go bhfuil sí sráidchliste. Agus fásta suas. Agus sean roimh am. Mar a bhíonn an-chuid páistí go mbíonn tabhairt suas crua acu. Agus tagann Liam isteach ina saol óg. Ach an chathair mar a tuairisc é Liam?
Agus bíonn tromluithe athfhillteacha aici. Agus tá tragóid mhór sa chúlra i gcónaí. Ná labhair faoin timpiste. Agus tá an baol ann i gcónaí nach mbeidh Faye in ann treabhadh ar aghaidh sa saol leis an stíl mhaireachtála atá a cleachtadh aici.
Tá tuiscint mhaith ag an údar ar aigne na n-óg. Tá sé sin soiléir tríd an leabhar ar fad. Mar iarmhúinteoir meánscoile tá a méar ar chuisle na hóige aici. Tá gluaiseacht agus luas maith faoin scéal a thaitneodh go mór le léitheoirí óga. Agus ní leasc leis an údar an taobh dorcha den óige – cultúr an óil agus iompar gnéis míchuí – a nochtadh freisin. Ach thar aon rud eile is í an stíl scríbhneoireachta is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Í díreach in oiriúint don aoisghrúpa a bheidh ag léamh an leabhair áirithe seo. Insítear an scéal sa chéad phearsa agus oireann an teicníc sin go hiontach sa chás seo. Feicimid an saol trí shúile Faye. Tuigimíd di. Seo a leanas blas den chomhrá a tharlaíonn idir Faye agus Mark, oibrí de chuid an ionaid chúraim, an mhaidin i ndiaidh na cóisire breithlae:

“Bhuel, is léir nach féidir liom muinín a bheith agam asat níos mó.”
“Is féidir.”
“Ní féidir, Faye. Tá tú i bhfad ró-óg le bheith ag ól agus ag crochadh thart le daoine ag an am sin den oíche.”
“Ní raibh mé ag ól mórán.”
“Éist leat féin! Níor cheart duit a bheith ag ól ar chor ar bith. Agus féach ort, tá tú tinn inniu, nach bhfuil?”
“Tá.”
“Meas tú cén fáth?”
“Mar gheall ar an deoch.”
“Sin é go díreach é, Faye, sin é go díreach é.”

Ar ndóigh, ní bhíonn saoi gan locht. Mheasas féin go raibh críoch an leabhair ábhairín lag, sa mhéid is go raibh an t-údar ag iarraidh na snáitheanna go léir a thabhairt le chéile ionas go mbeadh críoch shona i gceist leis an bplota agus agus leis na fophlotaí go léir. B’fhearr liomsa go leanfadh sí an bóthar réalaíoch an bealach ar fad go ceann scríbe.
Ar an iomlán, is leabhar don saol óg den scoth é ‘Faye’. Is cinnte go mbainfidh an saol óg a léifidh é tairbhe agus taitneamh as. Molaim go mór an stíl scríbhneoireachta a chleachtann Meadhbh Ní Eadhra agus an tuiscint mháistriúil a léiríonn sí i leith déagóirí óga agus an cumas atá inti a scéal agus a ndán a bhreacadh síos ina steillebheatha ar phár.

Mícheál Ó Ruairc

Údar agus file é Micheál Ó Ruairc