Níos gaire do Dhomhnach Broc ná Baile na hAbhann?
An Cúigiú ColúnaíTá Michael Lally éirithe as i ndiaidh breis is fiche bliain a thabhairt mar cheann feadhna ar Nuacht TG4/RTÉ.
Ach oiread le haon réimeas fada dá leithéid, beidh tréimhse éiginnte ann ina dhiaidh. Aon taoiseach a fhanann chomh fada sin i gcumhacht, fágann sé a rian, idir mhaith agus olc, ar gach aon duine dá threibh agus ar gach aon phaiste dá dhlínse. An dúshlán is mó a bhíonn roimh a chomharba ná a chuid féin a dhéanamh den chúram agus is mó fós an dúshlán sin nuair is é an tánaiste a roghnaítear chun dul sa bhearna bhaoil. Is amhlaidh an scéal i gcás chomharba Michael Lally agus Joe Reddington anois i bhfeighil ar sheirbhísí nuachta Gaeilge TG4 agus RTÉ. Ba thánaiste dílis sa seanréimeas é Reddington ar feadh blianta fada agus beidh súil ghéar á coinneáil air féachaint an bhfuil faoi a chonair féin a leanúint nó cloí leis na múnlaí agus na tuiscintí a fágadh le huacht aige.
Féachadh ar Mhichael Lally mar dhuine a bhí níos gaire ina mheon do Dhomhnach Broc ná Baile na hAbhann, agus is dealraitheach ón méid a bhí le rá ag an gceannaire nua nuair a ceapadh sa phost é go mbeadh sé mórán ar an meon céanna lena réamhtheachtaí.
An téarma oifigiúil ceartaiseach corparáideach ‘Nuacht’ is mó a bhí aige agus é ag tagairt dá chúram nua agus is ar éigean gur lig sé thar a bheola na focail ‘Nuacht TG4’.
Tá go maith ach amháin go mbaineann na dúshláin is mó atá roimhe leis an bhfadfheasachán nuachta a dtugtar Nuacht TG4 air seachas leis an bhfeasachán gairid a théann amach ar RTÉ One gach tráthnóna.
Nuacht TG4 ar RTÉ a thugtar ar an bhfeasachán sin ó thángthas ar réiteach sa deireadh ar an aighneas fadálach idir lucht RTÉ agus lucht TG4 faoi chur chuige na seirbhíse nuachta Gaeilge. Mar chuid de na cainteanna sin, bhí lucht bainistíochta TG4 ag iarraidh gur ‘Nuacht TG4’ amháin a bheadh mar bhranda ar fheasachán Gaeilge RTÉ One agus go leanfadh sé feasachán Nuacht TG4 ó taobh cur chuige eagarthóireachta de, is é sin go dtabharfaí tús áite don ‘Súil Eile’ seachas d’athchúrsáil a dhéanamh i nGaeilge ar mhórscéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta an lae. Má shíl lucht TG4 go raibh an margadh déanta bhí dul amú orthu, mar ar deireadh thiar níor ghéill RTÉ don chur chuige nua.
Cá bhfágann sin ar fad Nuacht TG4, an clár laethúil nuachta a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair a chloig de chláir a sholáthar gach bliain don stáisiúin Gaeilge? An bhfuil aon suim ag RTÉ ann thairis sin?
Arb in mar a fhéachtar anois ar Nuacht TG4, bealach le dualgais nach áin a chomhlíonadh i bhfad ó bhaile ach an gnó ar fad á stiúradh dáiríre ag meon lucht Montrose?
Agus cad faoi lucht TG4 féin? An amhlaidh go bhfuil siad chomh cortha sin de chainteanna le RTÉ go bhfuiltear sásta anois an nuacht a fhágáil fúthu?
Bhí iontas ar mhórán nach raibh aon ionadaí ag TG4 ar an mbord agallaimh a roghnaigh an ceannasaí nuachta nua.
‘Tuigeann RTÉ go gcaithfidh an duine a cheapfar a bheith in ann cloí leis an straitéis Nuachta atá ag Ardstiúrthóir TG4,’ a dúirt TG4 mar fhreagra ar an scéal sin.
Má thuigeann, is aisteach an bealach atá acu leis an tuiscint sin a léiriú.
Tá fadhbanna móra faoi láthair ag Nuacht TG4 ó thaobh acmhainní foirne, cé gur ceapadh beirt le déanaí chun folúntais ghearrthéarmacha a líonadh, agus is údar imní chomh maith figiúirí féachana an chláir. Thug an ceannasaí nua le fios le déanaí ar Cormac ag a Cúig ar RnaG gur thart ar 10,000 ar an meán a d’fhéach gach lá ar Nuacht TG4 mí Aibreáin, ach níor shéan sé áiteamh an láithreora gur thart ar mhíle duine a bhíonn i gceist go minic.
‘An deacracht is mó, ná ní chuireann RTÉ a ndóthain acmhainní ar fáil don chraoltóireacht agus do na meáin Ghaeilge agus caithfidh mise leanacht, agus leanfaidh mé, le brú a chur ar RTÉ.
‘Ní dóigh liom go bhfuil siad ag cur ar fáil a ndóthain le haghaidh an uair an chloig sa lá atá ceaptha dóibh a chur ar fáil sa reachtaíocht.’
Ardstiúrthóir TG4 féin Alan Esslemont a dúirt an méid sin níos túisce i mbliana.
Mar cheannasaí ar TG4, tá láncheart ag Esslemont ceisteanna mar sin a chur maidir leis an gcuid is tábhachtaí den soláthar reachtúil a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún Gaeilge – Nuacht TG4.
Nuair a ceapadh Esslemont, d’aithin sé gur éalang mhór ar TG4 é a soláthar cúrsaí reatha, ach is beag athrú atá tagtha ar an scéal ó shin seachas go bhfuil leagan nua againn de 7Lá agus bheith istigh ag branda TG4 ar Nuacht RTÉ.
Cuid an daimh den eadra is ea an nuacht Ghaeilge ag mórán in RTÉ, agus ba thrua mór é dá socródh an tArdstiúrthóir i mBaile na hAbhann nach fiú an tairbhe an trioblóid an fód a sheasamh.
Tar éis an tsaoil, tá RTÉ in ainm is a bheith ag soláthar do TG4 agus ní a mhalairt.
Beidh le feiceáil, mar a deir na hiriseoirí thoir agus thiar.
Éist go cúramach anois leis an gceist…
Chuir an Cúigiú Colúnaí suntas cheana sa scéal go ndúirt Éamon Ó Cuív go mbíonn frustrachas mór ag baint le bheith ag plé le hAire Stáit Gaeltachta sa Dáil.
Deir Ó Cuív gur ‘deacair’ Joe McHugh a thuiscint.
I dtús na bliana, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur ‘cuma leis faoin tráth seo an i mBéarla nó i nGaeilge’ a fhreagraíonn an tAire na ceisteanna fad is gur féidir na freagraí sin a thuiscint agus go dtugtar dó ‘an t-eolas atá á lorg’.
Dar le Ó Cuív, bíonn sé ‘an-deacair’ McHugh a thuiscint.
‘D’fhoghlaim an fear a bhí ann roimhe sa phost, Seán Kyne, Gaeilge freisin agus ní raibh aon fhadhb agam é sin a thuiscint.
‘Ach ní dóigh liom gur ceist chanúna í seo. Glacaim leis gur d’aon turas a dhéanann sé é mar níl aon mhíniú eile ar cén fáth nach mbíonn baint le hábhar ar chor ar bith ag na freagraí a thugann sé, nó níl aon mhíniú eile ar cén fáth go mbíonn sé ag léamh amach rudaí a bhaineann le ceisteanna eile ar fad,’ a dúirt Ó Cuív i mí Eanáir na bliana seo.
Is cosúil nach bhfuil aon mhaolú tagtha ar fhrustrachas an Teachta Dála ó shin agus dealraíonn sé go bhfuil seift nua anois aige agus é i mbun plé le McHugh, is é sin tosú amach le míniú beag ar an gceist, mar a dhéanfadh múinteoir maith.
Sea, agus cúrsaí pleanála teanga á bplé sa Dáil le déanaí, ní raibh aon oidhre ar Ó Cuív ach oide scoile ag meabhrú dá dhalta an scrúdpháipéar a léamh go cúramach agus an cheist a chuirtear a fhreagairt seachas an cheist ba mhaith leis.
‘Caithfear faire amach don fhoclaíocht sa cheist seo. Níl mé ag iarraidh a fháil amach faoi phleananna atá á réiteach. Tá mé ag caint ar phleananna atá á gcur i bhfeidhm…’ arsa Ó Cuív.
Mar fhreagra ar an gceist, thug Joe McHugh go leor eolais don Teachta Dála faoi na pleananna teanga atá á réiteach.
’Níl a fhios agam ar léigh an tAire Stáit an cheist,’ a dúirt Ó Cuív, ‘ceist an-simplí atá ann’.
Ní foláir dó cuimhneamh ar chleas eile.