Ag reacaireacht le Rimbaud, ag iascach leis an gCriomhthanach ...
Liam Carson
‘Ag baint lá amach’. B’in an freagra a sheol Liam Ó Muirthile chugam ar ríomhphost nuair a d’fhiafraigh mé de cad é mar a bhí sé coicís sula bhfuair sé bás. Agus láithreach bonn, rith macallaí liom as litríocht na Gaeilge - agus as a scríbhinní féin. Bhí Liam faoi dhraíocht ag an leabhar Allagar na h-Inise, agus leis an meon a bhí ag Tomás Ó Criomhthain – a bheith ag ‘freastal ar an lá gléigeal’. Ina chuid dánta féin, thug sé moladh don ‘lá thar barr’, ag aimsiú filíochta sna nithe ‘is lú’, ach is tábhachtaí. Sa dán ‘Camino’ scríobh sé: ‘Turas na slí./Lá amháin sa turas/iomlán mo ghuí.’
Bíonn siúlaí scéalach. Ba shiúlaí go smior é Liam riamh, agus tá sin le feiceáil tríd a shaothar, fiú amháin sna teidil leabhar -Walking Time agus Dialann Bóthair. Cosúil le Rimbaud, bhí sé ag siúl go seasta ‘ar an mbóthar síorghlas’. An uair dheireanach a chaith mé seal le Liam, bhí muid thall i bPáras. Mar chuid de Thionscadal ‘Rimbaud: Gadaí na Tine’, léigh sé ‘An Bád Meisce’ (‘Le Bateau Ivre’) le tionlacan ceoil ó Sheán Mac Erlaine, is é ag casadh ‘Amhrán na Leabhar’. Léigh Liam an dán i gcuimhne ar a dheartháir Finbarr agus ar Danny Sheehy, beirt a bádh. Agus Liam ar an ardán, mhothaigh an lucht éisteacha sruth aibhléise san aer: ‘Leor mo chuid deor, go fíor./ Bím bristechroíoch leis an lá,/ is uafás í an ghealach,/ agus an ghrian goirt géar:/táim lán de sheirfean an ghrá/is na mairbhití ag cur thar mo mhaol./ Go bpléasca gach clár im lár./Go slogtar mé i dtóin an aigéin.’ Thug Liam muid ar iomramh fileata chuig croílár an bhróin - agus íomhánna an dáin ag baint siar asainn lena gcuid áilleachta aduaine.
Luigh Liam isteach ar an obair i gcónaí. Ba léitheoir go smior é. Más file thú, tá sé de dhualgas ort a bheith ag slogadh siar litríocht na cruinne, agus ní scríbhneoir thú ar chor ar bith mura bhfuil tú réidh le bheith i do ghadaí. Bhí a shaothar ar maos le litríocht na Gaeilge, an Bhéarla, na Spáinnise agus na Fraincise - go háirithe Jacques Prévert, Arthur Rimbaud agus Guillaume Apollinaire. Thug sé saibhreas teanga na Gaeltachta isteach i bhfilíocht na cathrach; agus bhí an ceol ina chuislí aige - ceol traidisiúnta, na gormacha, Leonard Cohen, Jacques Brel, Rory Gallagher. As na toibreacha sin, chum sé dánta niamhracha, lán le ‘ceol rinn chinn, siomfóin na sféar’, ag clagarnach le ‘rithim bheo’.
Go fóill, tá sé doiligh a chreidbheáil go bhfuil an fear aclaí, an spréach fuinnimh seo, imithe uainn.
Samhlaím Liam sa saol eile.
B’fhéidir go bhfuil sé ag spaisteoireacht agus ag reacaireacht i dteannta Rimbaud; nó ag iascaireacht leis an gCriomhthanach. Chím Liam ag deireadh an lae, lampa lasta ar an mbord, páipéar leagtha amach, todóg ina bhéal, peann ina láimh – ag luí isteach ar an obair arís eile.