An nua-fhile ársa ar ghluaiseacht ann féin é ...

Gabriel Rosenstock
An nua-fhile ársa ar ghluaiseacht ann féin é ...

Bill Doyle

Seisear atá i ngrianghraf íocónach Bill Doyle. Nuala Ní Dhomhnaill. Michael Davitt. Mé féin. Liam Ó Muirthile. Tá beirt eile ann. Bill Doyle féin agus tusa, an breathnóir.

Mórghrianghrafadóir ab ea Bill. Thuig sé nach raibh aige ach soicind amháin chun an grianghraf ceart a fháil. Na grianghraif eile a thógfadh sé roimhe sin nó ina dhiaidh, ní raibh iontu ach cleachtaí, mar a déarfá – é ag feitheamh le nóiméad na fírinne. Ná ceap gur le ceamara a thógtar grianghraif, a dúirt Henri Cartier-Bresson, ‘tógtar leis an tsúil, leis an gcroí agus leis an gceann iad’.

Nuair a cailleadh Davitt, luadh INNTI. Nuair a cailleadh an Muirthileach, luadh INNTI. Nuair a chaillfear Nuala, luafar INNTI. Nuair a chaillfear mise, luafar INNTI. Gluaiseacht filíochta ab ea INNTI, más fíor do Wikipedia: ‘INNTI was an Irish-language poetry movement, associated with a journal of the same name founded in 1970 by Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Louis de Paor and Liam Ó Muirthile.’

Cén scríbhneoir ficsin a scríobh an méid sin? Rugadh an Paorach sa bhliain 1961 mar sin naoi mbliana d’aois a bhí sé nuair a chomhbhunaigh sé INNTI. Éacht!

Tá súil agam nach bhfuil céimí éigin ag scríobh tráchtais i láthair na huaire ar an ngluaiseacht sin INNTI mar ní gluaiseacht a bhí ann in aon chor. Féach arís ar ghrianghraf Doyle: níl siad ag caint lena chéile fiú. INNTI . . . cad ba bhrí leis an ainm? Ag dul isteach i naomhóg abair. INNTI . . . das Ewig-Weibliche, mar a deir Goethe, idéal a cheisteodh leithéidí Simone de Beauvoir san fhichiú haois . . . INNTI . . . an fharraige . . . an Ghaeltacht . . . an teanga féin agus an t-earótachas ag teacht chun cinn arís tar éis a bheith plúchta rófhada. INNTI. An fhilíocht. An fharraige. An fhoraois.

Má tá mac (nó iníon) ag INNTI, is é IMRAM é. Ní gluaiseacht é IMRAM ach féile. Fonn ceiliúrtha a bhí ar lucht INNTI, ar feadh tamaill. Agus bhí scléip againn, cinnte. Ach ní hionann scléip is gluaiseacht.

Davitt a smaoinigh ar ainm na hirise agus rosc catha a bhí san fhocal sin, nó cogar catha dáiríre. Ach ná tabhair gluaiseacht air! Bíonn bunaitheoirí gluaiseachta – bídís ina nOsréalaithe nó ina gCumannaithe abraimis – bíonn siad ar aon aigne, a bheag nó a mhór, faoin aisling atá acu agus téann siad i mbun forógra a dhréachtú. Tá tuairim éigin acu cá bhfuil a dtriall. ‘Ragham amú!’ arsa Davitt. Bhí an ceart aige. Níl cosán roimhe ag an bhfile. Is é a shiúl féin a dhéanann an cosán. Shiúil Liam go leor cosán, in Éirinn agus thar lear, agus tá na dánta machnamhacha aige sa leabhar Camino de Santiago ina fhianaise ar an dúthracht a chaith sé le hoilithreacht an tsaoil seo, is féinaithne a deireadh má tá an t-ádh leat.

Chun gluaiseacht nó réabhlóid a thionscnamh, bheifeá ag súil go mbeadh na hidéil chéanna ag na daoine a bheadh laistiar di – mar a bhí, a bheag nó a mhór, ag ceannairí 1916 cuir i gcás. Ní raibh an ceathrar i ngrianghraf Doyle ar aon aigne faoi rud ar bith. Bhí a n-aigne féin ag gach diabhal duine acu.

An eolaíocht chruinn í an chomharthaíocht choirp? Deirtear má tá do lámha sáite i do phóca agat nach róshásta atá tú. B’fhearr leat a bheith in áit eile, i gcomhluadar eile. Tá a lámha sáite ina bpóca ag an gceathrar seo. Ní mian leo a bheith le chéile. Tá Nuala scoite amach, léi féin. Ach tá spás mór – aibhéis dáiríre – idir na leaideanna chomh maith. Tá leathlámh Davitt le feiscint – a dhorn. Bhuail sé lena dhorn mé uair amháin agus tharraing fuil. Gluaiseacht? Ag gluaiseacht óna chéile ón gcéad lá riamh a bhíomar.

Ní gluaiseacht a bhí in INNTI. Tacaíonn baill gluaiseachta lena chéile. Gluaiseacht? Caith uait! Ach ansin, faoi mar gur thuig an Muirthileach go sciobfaí uainn ró-óg é, mar a sciobadh Davitt uainn, d’iarr sé orm a bheith lárnach san fhiontar éachtach sin uaidh An Fuíoll Feá – mórchnuasach dhátheangach – agus a bheith mar phríomhaistritheoir aige.

Ní hea, a léitheoir dhil, ní mar sin a tharla in aon chor: sa leabhar féin deir sé gur uaimse a tháinig an smaoineamh an chéad lá go gcuirfí mórchnuasach dátheangach dá chuid dánta le chéile. Spreag an fiontar sin an-chuid dánta nua, de réir mar a thuigim – dánta a ghin dánta eile de réir mar a bhí an próiseas aistriúcháin ag dul ar aghaidh agus cisil de shícé an Mhuirthiligh á nochtadh dúinn beirt faoi mar ba láthair seandálaíochta é féin!

Is ansin, dáiríre, a thosnaíos á léamh i gceart den chéad uair riamh mar caithfidh aistritheoir léamh idir na línte! Áirítear Liam i measc na ‘nuafhilí’ nótáilte ach fuaireas-sa amach gan aon rómhoill go raibh rud éigin an-ársa ag baint leis féin agus lena shaothar – an tírdhreach, muirdhreach, sliabhdhreach, spéirdhreach ata sna dánta – bhí sé faoi mar nár shatail Gall riamh ar thalamh na hÉireann. Tá ‘Tine Chnámh’, leis, aistrithe agam ach ní raibh spás againn don phaeón págánta sin sa chnuasach.

Is trua, ar shlí, nach raibh an tuiscint sin go léir againn thiar sna 70í – is é sin go bhféadfaí an aigne a dhíchoilíniú i ngort na filíochta. I ndánta ar nós ‘Garsún’ (agus go leor eile) tá misteachas paindiach a thaitníonn go mór liom:

Tá súil agam nach bhfuil céimí éigin ag scríobh tráchtais i láthair na huaire ar an ngluaiseacht sin INNTI mar ní gluaiseacht a bhí ann in aon chor

Is eol duit nithe faoi rún

a chréatúirín nach eol

d’aon duine beo

ach don uisce agus don ngaoth,

is b’fhéidir don dobharchú

rúnmhar a thumann san abhainn

istoíche le heagla roimh an saol ...

B’fhéidir go ndéanfá gáire faoi seo, a léitheoir dhil, ach creid é nó ná creid shamhlaíos-sa an Muirthileach ina sheandraoi a bhí tagtha inár measc arís agus má bhí brí ar bith le INNTI, ba ghlaoch chun na foraoise é chun go ndéanfaimis na crainn a adhradh mar a dhein ár sinsir fadó:

… nach n-iarrfá bheith áit ar bith eile ar domhan

ach i measc na gcrann go bun go brách

(Gleann na Deargaile)

Cad dúirt Alan Watts? ‘Téir i bhfad isteach san fhoraois, sa chiúnas, agus tuigfidh tú go bhfuil tú ceangailte leis an uile ní’.

I measc na leabhar uaidh nár foilsíodh fós tá a chuid aistriúchán ar Rimbaud. Nach mar dhraoi, leis, a labhair Rimbaud linn nuair a dúirt

Tá míle aisling ionam á ndó

Is geall le dair é mo chroíse ó am go chéile

An fhuil ina hór nuair a réabtar géag.

Sea ambaist, seandraoi ab ea Liam, ár dtreorú trí thírdhreach réamhstairiúil:

Níl a fhios againn ar feadh neomait

Cá bhfuilimid i gceart. Ar fhéachaint

Thart, uair amháin, táimid áit éigin

Sna sléibhte, ard . . .

(Úsc)

Seandraoi a thuig go maith gurb í an fhilíocht an compás is cruinne ar fad agus tú ag taisteal na tíre ársa seo, thuaidh is theas:

Bhí Ó Doirnín lem thaobh

Ar an suíochán sa ghluaisteán

An t-eagrán úrnua

Faoina chlúdach snasta bán

Ina phas isteach i dtír aineoil

Trí na hamhráin

Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte

Mailí Ní Chuilleanáin,

Is mé ag tiomáint idir an Foirceal

Agus Crois Mhic Lionnáin . . .

(Bóithre Nár Ceadaíodh)

Féachaim ar an ngrianghraf arís – a chompás féin ag an gceathrar againn, i dtaisce áit éigin.

Gabriel Rosenstock

Is file agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock