Meanma an tseoltóra ...

Caitríona Ní Chléirchín

File faoi anáil na Fraincise, file Francophile agus fáidh ab ea an Muirthileach, a deir Caitríona Ní Chléirchín

Is cuimhin liom gur fhreastail mé ar léamha filíochta de chuid Liam Uí Mhuirthile sular chuir mé aithne cheart air in 2008. Tá cuimhne agam fosta ar an dóigh ar léigh an file Corcaíoch seo amach a chuid dánta agus é gléasta i gculaith gheal línéadaigh. Fanann a ghlór liom go fóill, an glór paiseanta sin, lán de cheol. Doimhneas, dólás agus diabhlaíocht ar uaire chomh maith. San alt seo ba mhaith liom amharc ar an luí ar leith a bhí ag Ó Muirthile riamh leis an Fhrainc agus le litríocht na Fraince. Ba aistritheoir cruthanta é a d’aistrigh dánta le leithéidí Guillaume Apollinaire, Jacques Prévert agus Anne Hérbert. Mar chuid de na tionscadail Imram rinne sé amhráin le Jacques Brel agus Édit Piaf a aistriú. ‘Non, je ne regrette rien’, a bhí ar thionscadal Piaf. Rinne sé aistriúchán fosta ar shaothar an fhile Rimbaud le tionscadal dar teideal ‘Gadaí na Tine’ agus bhí sé ag tabhairt faoi Guillaume Apollinaire sula bhfuair sé bás.

In Aibreán 2008, chuaigh mé amach go Páirc na Rós chun agallamh a chuir air maidir le INNTI agus an bhaint a bhí aige leis. Is é an focal a d’úsáid sé agus é ag cur síos ar INNTI ná meanma, focal dar ndóigh a chuireann síos air féin mar fhile i ndáiríre.

Is dócha go bhfuil meanma, meanma fhileata, meanma áirithe a bhaineann le INNTI atá le haithint air...agus bhí sé comhaimseartha ina am féin.. Is cinnte gur rud neamh-acadúil a bhí ann agus go raibh baint an-mhór ag cúrsaí ceoil, measaim, leis, agus go raibh baint aige leis an nGaeltacht, is é sin leis an nGaeilge mar theanga phobail agus bhí oiread de bhaint ag rac-cheol agus an sean-nós leis agus a bhí ag an nGaeltacht...Is dóigh liom gur filíocht idirnáisiúnta is ea í ach go dtarlaíonn sé gur i nGaeilge atá sí. Agus bhí ealaín ag baint leis seachas acadúlacht. Is dóigh liom gur tháinig cuid mhaith den mheanma a bhain le INNTI as fuinneamh na teanga féin, idir a bheith óg agus a bheith páirteach i bhfoghlaim teanga.

Agus mé ag déanamh taighde ar INNTI in 2008 chuir mé spéis i gcónaí sa dearadh agus sa leagan amach a bhain le INNTI agus an dóigh ina raibh treascairt agus réabhlóid ag baint leis ó thaobh, fiú amháin, struchtúr na filíochta agus roinnt cosúlachtaí idir sin agus Filíocht na Fraince agus na Beats. Nuair a cheistigh mé Liam faoi seo, seo mar a d’fhreagair sé mé:

Abair, bhíos féin ag déanamh Fraincise agus is cuimhin liom gur thosaigh mé ag léamh Nuafhilíocht na Fraincise. Abair, thosaigh mé ag léamh Apollinaire agus Jacques Prévert agus iad san beirt sin go háirithe...do bhraitheas féin go raibh na Francaigh (domsa ar aon nós) an uair sin i dteagmháil le rud éigin nua seachas an acadúlacht mar a déarfá (a mbeifeá ag súil leis i bhfilíocht an Bhéarla) ach nuair a bhíonn tú óg beireann tú ar an bhfuinneamh a oireann duit féin agus just tharla sé gur i bhFraincis a bhí sé domsa.

Bhí Éire agus an domhan mór ar tinneall le ‘meanma na réabhlóide’ mar a deir Liam Ó Muirthile a chaith bliain sa Fhrainc agus a tháinig go mór faoi thionchar an fhile Jacques Prévert. Thug Prévert an fhilíocht amach sa tsaol, amach as an seomra plúchta agus isteach sa tsaol, rud a rinne INNTI fosta.

Ba léir domsa toisc go raibh staidéar déanta agam féin ar an Fhraincis agus ar Fhilíocht na Fraince in UCD go raibh saothar Uí Mhuirthile faoi thionchar Jacques Prévert.

C: Bhí tusa faoi thionchar Jacques Prévert nach raibh? Agus tá dán amháin ‘Sa Chafé’ atá an-mhaith dar liom faoi bheith i gcaifé agus na daoine ag amharc ar a chéile. Tá sé thar a bheith simplí mar dhán ach is dóigh liom go raibh sé difriúil agus réabhlóideach rud éigin mar sin a bheith i nGaeilge ag an am.

L: Bhí, agus is dóigh liom gurb’ in ceann de na chéad dánta cearta a scríobh mé féin i nGaeilge. Bhí dánta scríofa agam roimhe sin ach arís is dóigh gurb é an rud a dhein an Fhraincis domsa ar aon nós ná gur thug sí an fhilíocht isteach in áiteanna nua, i bpóirsí nua. Scríobh Prévert, go háirithe is dóigh liom, tá a fhios agat na dánta a scríobh sé, do bhris sé na seanmhúnlaí a bhí ann. Thug sé dánta grá amach in san tsráid, thug sé na dánta grá go dtí margadh na n-éan, thug sé an fhilíocht amach sa tsaol, amach as an seomra plúchta, mar a déarfá agus isteach sa tsaol. Thug sé an fhilíocht isteach (mar a deir tú féin) i gcaiféannna, i bpubanna agus tá cuid mhaith den liriciúlacht agus den mheanma a bhain leis le brath i ndánta cosúil le ‘Barbara’. Is cuimhin liom an rud a tharla domsa ná go rabhas ag obair sa Fhrainc an samhradh sin, agus bhí LP Leonard Cohen agam, an chéad LP le Leonard Cohen, Suzanne. Bhí cailín go rabhas mór léi ag an am agus do bhí Prévert aici siúd agus mhalartaíos an Leonard Cohen ar chnuasach de Paroles le Prévert. Ach do bhí, mar a thuigeann tú féin an uair sin sa bhFrainc, do bhí an áit ar tinneall le meanma na réabhlóide...na daoine óga, bhí an-atmaisféar ann...an-áit ab ea é chun bheith i do dhéagóir.

San agallamh céanna, luann sé an dóigh gurbh é an chéad duine é óna theaghlach a chuaigh ar an ollscoil i 1968, toisc scoláireacht agus deontas a bheith ann agus gur rud mór ab ea é sin. Luaigh sé fosta an díomá a bhí air le seanfhaiseantacht an chúrsa Fraincise ag an am in UCC. Cuireann Ó Muirthile síos ar a mhíshástacht leis an chúrsa acadúil sa Fhraincis agus andóigh ar thosaigh sé ag léamh nua-fhilíocht na Fraincise.

Agus ansan nuair a chuas chun na hOllscoile, chloíos le cúrsaí léinn sa chéad bhliain agus ansan is dóigh liom gur tharla rud éigin sa tarna bliain dom gur éiríos an-chortha don chúrsa acadúil a bhí á thairiscint. Do bhraitheas go raibh an cúrsa Fraincise an-seanfhaiseanta ar fad agus an rud céanna go pointe i nGaeilge. Caithfidh mé a rá go raibh an cúrsa léinn i nGaeilge níos spéisiúla go háirithe an cúrsa filíochta. Ar ndóigh do bhí an-atmaisféar ann. Do bhí beocht mhór ann. Bhí sé an-bhríomhar. Saghas eachtra ab ea gach lá – bhaineamar leis an ré a bhí ann. Bhí roinnt mhaith ólacháin, beagán drugaí, pot, you know...d’fhéachfaí inniu air mar rud neafaiseach go leor. An rud ba thábhachtaí ná go bhféadfaí a bheith lánpháirteach sa tsaol trí Ghaeilge, go raibh an Ghaeilge féin mar a bheadh cuid den chorraíl choitianta a bhí ar siúl mar a déarfá.

Luaigh sé tionchar tábhachtach an Ríordánaigh air agus é ina scríbhneoir cónaithe in UCC ag an am, go háirithe maidir leis an phrós fileata a scríobhadh sé ina cholún san Irish Times. Luaigh sé an Tuamach, agus Máirtín Ó Murchú, Gearóid Ó Crualaoich agus Pádraig Ó Riain fosta.

D’aontaigh mé le Liam nuair a luaigh sé san agallamh go mbaineann sárphrós leibhéal na filíochta amach. Ba mhinic é ag briseadh síos na teorainneacha idir prós agus filíocht agus ba léir go raibh filíocht ina phrós féin mar a chíonn muid san úrscéal liteartha An Colm Bán, úrscéal atá suite i bPáras agus a ghnóthaigh duais Oireachtais in 2013. Braitear an fhileatacht a bhaineann leis na hailt atá scríofa aige chomh maith, go háirithe an ceann ar an Ómaigh agus cinn eile eile in An Peann Coitianta agus Ar an bPeann cinn amhail ‘Pánaí Gloine’. Deir sé sa réamhrá aige in Ar an bPeann:

Thuigeas ina dhiaidh sin go mbuaileann an prós eochair na filíochta an uair is fearr a bhíonn sé chomh maith céanna leis an dán, mar a dheineann Tomás Ó Criomhthain agus James Joyce.

San agallamh leis, dúirt sé go raibh tionchar an-mhór ag an Ríordánach ar an tuiscint sin mar gurbh é an colún a bhí aige san Irish Times an ‘rud rialta coitianta a bhí á léamh againn i nGaeilge’ agus mar go raibh filíocht an Ríordánaigh ‘i gcroílár an ruda’.

…agus ansan bhí an file so ag cleachtadh an phróis áirithe seo agus ní whatever goes... Nuair a chuimhníonn tú air, cad is brí le litríocht ar deireadh? Litríocht is ea rud a scríobhann tú agus a léann daoine, a chloiseann siad. Mura bhfuil daoine ag léamh an rud atá ar siúl agat, an bhfuil aon litríocht ann? Tá a fhios agam go bhfuil na teoiricí liteartha seo ann mar gheall ar idirthéacsúlacht. Níl aon spéis agamsa iontu ach tá a fhios agam iad a bheith ann. Measaim féin gurb é an rud is tábhachtaí ná má tá píosa agat is cuma dán nó prós nó pé rud agus is féidir leat líon áirithe léitheoirí a bhaint amach agus rud éigin a chruthú. Muna bhfuil léitheoirí ann, níl aon litríocht ann.’

Luaigh sé an tionchar a bhí ag an scríbhneoir agus file Francach Jacques Réda air i ndiaidh dó tréimhse chónaitheach a chaitheamh i bPáras in 2003. Dar leis, gurb é ‘gníomh na scríbhneoireachta a nochtann an léargas.. agus gur ghá foirmeacha eile a thabhairt chun cinn, síneadh a bhaint as an líne, as cineál an fhriotail féin, an rud a bhriseadh chun é a chur le chéile, ar shlí nua’.

Luann Caoimhín Mac Giolla Leith sa réamhrá ar An Fuíoll Feá an dóigh gur tháinig foirm an dáin próis chun cinn deireanach go leor i saothar an Mhuirthiligh, ach bhí an prós fileata á chleachtadh aige i bhfad roimhe sin agus braithim, ar bhealach, tionchar láidir na Fraincise ar an saothar sin.

Chuir mé roinnt ceisteanna ar Liam san agallamh fada sin a chuir mé air in 2008 faoin fhuinneamh a bhain le INNTI, lena fhealsúnacht féin ar an saol agus a chuid filíochta féin:

L: Ceann de na rudaí móra a bhain le INNTI ná an saghas fuinnimh a bhí in INNTI ag freagairt don nóiméad. Saghas rac-cheol a bhí ann, saghas jazz. Is dóigh liom go bhfuil sé níos cosúla ar shlite le ceol nó le meanma an cheoil nó le meanma chultúrtha an cheoil mar a thuigeamarna é. Ba mhó de laoch é Jimmy Hendrix ná T.S. Eliot cé gur laoch T.S. Eliot chomh maith.

C: Agus chuir tú nóiméad áirithe i gcomparáid le paidir san aiste Pánaí Gloine, bhí an rud a bhí á dhéanamh agat ag an am sin thar a bheith tábhachtach agus dá mba rud é gur glanadh na fuinneoige a bhí i gceist gur chóir gach uile fhuinneamh a chur isteach sa nóiméad.

L: Is dóigh liom de réir mar a théann tú san aois go dtagann tuiscintí eile chugat mar gheall air sin ar fad – is cuimhin liom teacht ar rud a dúirt W.H. Auden i dtaobh na paidreoireachta: ‘[a] selfless attention to the task at hand’. Is féidir leis an saol a bheith ina phaidir, gach cuid den lá, in sa tslí sin, sea. Thabharfainnse saothar spioradálta ar deireadh thiar ar shaothar Jack Kerouac chomh maith céanna nó mórán den stuif sin, ar deireadh thiar is tóir spioradálta a bhí ann agus is ea ar ndóigh. Tagann tú ar thuiscintí éagsúla ar a leithéid sin, diaidh ar ndiaidh sa tsaol.

C: Ní hamháin gur tóir spioradálta atá i gceist ach tá sé scríofa agat in alt de do chuid “go gcaithfidh cuair na filíochta teacht as an gcorp, a bheith collaí, doilíosach”.

L: Rud mór is ea é sin. Do bhraitheas féin riamh an méid a bhain leis an bhfuinneamh sin, gur fuinneamh coirp a bhí ann, mura raibh sé ag teacht as an gcorp - nach raibh sé ag teacht as an áit cheart. Is deacair é a mhíniú ach is rud é ó thaobh taithí a bhíonn agat. Is cinnte gur rud tábhachtach dom féin go pearsanta é. Tá mórán rudaí léite agam ar ‘neuropathways’ agus ‘neurology’ agus a leithéid agus is dóigh liom go mb’fhéidir go bhfuil baint aige le ceol go háirithe. Baineann ceol rudaí amach sa chorp ná baineann rudaí eile amach. Tá sé beo. Tá rud eile i gceist, seachas sin, rud iomlán. Filíocht don chluais, don tsúil. Rud céadfaíoch chomh maith. Measaim
gur ag teacht as an mbolg, nach ag teacht as an gceann atá sé seo.

Má tá sé ag teacht as an gceann gur rud fuar intleachtúil a bheadh ann agus tarlaíonn sin leis uaireanta ach go bhfuil sé ag teacht as foinse éigin eile. Níl a fhios agam cé hiad a bhfuil an toil sin nochtaithe acu. Measaim go mbaineann sí leis na Meiriceánaigh cuid mhaith agus muintir na hEorpa. Do bheadh sé fíor faoi Apollinaire cuid mhaith.

C: Bhí Cathal Ó Searcaigh ag rá gur ‘perception’ chan ‘conception’ a bhíonn i gceist leis an fhilíocht, gan é a bheith ró-intleachtúil.

L: An próiseas a bhíonn ann go dtosnaíonn rudaí áirithe uaireanta go hintleachtúil – go gcaithfidh siad dul trí chóras éigin eile chun teacht amach in ealaín.

Tá sé ar nós a bheith ag seoltóireacht, má thánn tú ag seoltóireacht, bíonn ort an ghaoth a bhrath. Tá an-spéis agam le tamall de bhlianta i gcúrsaí farraige agus seoltóireachta. Measaim féin go bhfuilim ag teacht ar an bhfilíocht dom féin ar shlí éigin eile, siar ó thuaidh, aniar aduaidh. Tá an tseoltóireacht an-chosúil leis an bhfilíocht sa tslí sin mar ní haon mhaitheas do réamhaisnéis na haimsire a rá: ‘The winds are going to be North West’. Ní haon mhaitheas é sin duit. Má tá tú amuigh i mbád agus an ghaoth ag seoladh, caithfidh tú rud éigin a dhéanamh dá réir, caithfidh tú do chúrsa a stiúradh de réir na gaoithe agus bíonn ort an ghaoth a bhrath. Is rud é a bhraitheann tú i do chorp, téann sé trí do chorp.

Agus mé i mo léachtóir in UCD, thug mé cuireadh do Liam Ó Muirthile teacht isteach mar aoiléachtóir idir 2010-2013 mar chuid den mhodúl ‘Ceird na Scríbhneoireachta’ a bhí ar bun agam leis na mic léinn Mháistreachta ansin. Chuaigh Liam go mór i bhfeidhm ar na mic léinn sna léachtaí agus sna ceardlanna a rinne sé leo agus ghlac mé féin nótaí ar na seisiúin sin.

Arís bhí seans agam aithne níos fearr a chur ar Liam Ó Muirthile i rith a thréimhse mar Scríbhneoir Cónaithe le Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach in 2013-2014. Bhí mé ag obair mar léachtóir ann agus ba mise a bhí i m’eagarthóir ar an iris Ghaeilge Scáthán. Chuir sé dánta nua chugam chomh maith lena chuid aistriúchán ar fhilíocht iarchoilíneach na Fraince, ‘Paidir an Pháiste Néagro/ Prière dun petit enfant nègre’ le Guy Tirolien, ón Ghuadalúip, ‘Congó’ le Jean-Baptiste Loutard, ‘Aghaidh agus Am/Le visage et le Temps’ agus ‘Achainí/ Supplique’. Rinne sé léamh filíochta sa seomra caidrimh fosta ar a chuid aistriúchán ar fhilíocht ón Fhrainc, ón Ghuadalúip, ón Chongó, ón tSeineagáil agus ón Mhagraib.

Ba léir an chomhbhá dhaonna a bhí le brath ina shaothar. Mar a luaigh Louis de Paor san óráid ómóis dó ag a shochraid:

Is ó Chorca Dhuibhne a chuaigh Liam don bhFrainc sa bhliain 1968 mar ar chabhraigh sé leis an eagraíocht charthanachta Les Petits Frères des Pauvres chun bia a thabhairt go dtí seandaoine bochta a bhí ina gcónaí sna hárasáin ab airde is ba shaoire i bPáras agus i mBeauvais. Fairsinge staire, fairsinge samhlaíochta ab ea é, ar seisean, bualadh le teifigh ó réabhlóid na Rúise, le Miss Paris 1903,
a giall ite ag ailse. Gné leanúnach i saothar Liam féin is
ea an iarracht chuthaigh a bhí ar siúl aige ón tús an daonnacht sa duine a aimsiú gan an taobh borb den saol
nó den stair a cheilt.

Bhí deis agam am a chaitheamh le Liam arís ag Comóradh an Ríordánaigh i mBaile Bhuirne faoi Nollaig 2016. Comhrá fileata leis siúd agus Colm Breathnach agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh am bricfeasta is tráthnóna. B’fhear agus b’fhile ar leith é, a d’éistfeadh leat, a chuirfeadh sna trithí gáire thú, ach file ab ea é a chuirfeadh tocht ort, go háirithe. Is minic gur thug sé cabhair agus tacaíocht don fhile úr ag tosú amach go leochaileach.

Is cuimhin liom go raibh Liam chun mé a thabhairt chun uaigh an Ríordánaigh a fheiceáil i reilig Ghobnatan ansin i mBaile Bhuirne, ach tharla rud éigin agus níor éirigh leis sa deireadh. Theip ar eochair an chairr – scéal fada.

Chonaic mé don uair dheireanach é ag seoladh an leabhair ar an Chamino, cé nár thuig mé ag an am gurbh é sin an uair dheiridh.

Go raibh suaimhneas síoraí na filíochta aige go deo.

Caitríona Ní Chléirchín

Is file agus scoláire í Caitríona Ní Chléirchín