Áthas

Liam Ó Muirthile

Ag siúl romham
bím ag cumadh im cheann,
línte nó frásaí fánacha
a ritheann liom
le buille an mhaide
le rithim na mbonn.

Ní éilím faic orm fhéin
ach taitneamh nó greann
a thabhairt dá bhfuil ann,
is ligim don tocht féin
nochtadh gan náire
más é sin m’fhonn.

Rófhada a bhíos i ngreim
ag déantús an dáin,
is go bhfuil m’aird iomlán
anois ar charn castán
á choscairt faoim chaol,
lá seo an áthais tráth an fhómhair im shaol.

Liam Ó Muirthile