Garbhchríocha na daonnachta ...
Guth suaithinseach a bhí ag Liam Ó Muirthile, uirlis urlabhartha a sheinn sé le siúráilteacht agus le sárchumas. Éilíonn dánta Liam go dtabharfaí guth dóibh, go léifí os ard iad. In agallamh liom thiar in 2013, dhearbhaigh an file gur ‘gníomh éisteachta chomh maith le gníomh scríbhneoireachta is ea líne filíochta’. In óstán i bPrág na Seice blianta ó shin, léas Dialann Bóthair amach os ard – an leabhar iomlán – dom’ pháirtí mar gur theastaigh uaim go gcloisfeadh sé ealaín na ndánta, go mblaisfeadh sé a saibhreas agus iad fuascailte ón leathanach clóite.
Bhí teacht i láthair iontach aige ar an ardán agus is ag an léamh poiblí a bhí ceol binn a chuid filíochta le sonrú. Ag ócáid in Halla na Cathrach i nGaillimh mar ar seoladh Leabhar na hAthghabhála, bhí an tigh iomlán faoi gheasa aige agus é ag reic an dáin fhada ‘Na deilgní broid’. Tour de force uaidh a bhí ann, mar ba dhual dó, agus thug a raibh i láthair ardmholadh dó. Is maith go bhfuil taifeadtaí fós againn ina bhfuil glór cumhachtach an fhile le clos.
Ní file amháin a bhí ann, dar ndóigh, ach bhí an fhilíocht i dtreis is cuma cén seánra a bhí idir chamáin aige. Samhlaím an turas mar mhóitíf lárnach ina shaothar, oilithreacht sin na beatha ar iomaí cor is casadh inti. Gné thábhachtach na hoilithreachta sin ná leochaileacht an condition humaine, rud a aithníonn Ó Muirthile sna dánta ‘Dialann Bóthair’ agus ‘Tamall Cois Laoi:’ ‘Níor thugas liom ach raic shantaíos an chathair im ghlaic / dheineas botún na rún mo leonadh a nochtadh do gach éinne’. Déantar ceiliúradh ar an mbeatha chomh maith, go háirithe agus é ag cur síos ar charachtair óna óige, an léiriú ceanúil ar Annie Bowen, cuir i gcás. Foinse eile sonais agus sóláis dó ab ea an ceol agus is éachtach mar a éiríonn leis draíocht an cheoil a chur in iúl ina shaothar.
I measc na dtograí deireanacha a bhí idir lámha ag Ó Muirthile bhí scríbhinní a bhain leis an Camino de Santiago de Compostella. Teacht le chéile foirfe a bhí ann: an turas agus an choisíocht, dhá ghníomh a spreag an oiread machnaimh san fhile. Tá macalla d’fhilíocht chráifeach na Sean-Ghaeilge le sonrú sna dánta beachta, fuinte seo. Cé gur leasc leis féin an téarma ‘spioradálta’ a úsáid i dtaobh an Camino, is deacair cuimhneamh ar fhocal níos oiriúnaí chun cur síos a dhéanamh ar na dánta sin.
Anois agus mé lonnaithe i gCorcaigh, ag múineadh in alma mater Uí Mhuirthile, is mór agam a shaothar a chur faoi bhráid glúin nua. Is dream iad a bhfuil cur amach acu ar an Shakey Bridge, Loch na Cathrach agus Sráid na Beairice. Ach níl iontu sin ach cuid de na comharthaí bóthair ar oilithreacht liteartha Uí Mhuirthile. Tá rithim shainiúil ag a fhriotal fileata ina ndéantar cumasc d’eispéireas na cathrach, meon iltíreach agus tuiscint dhomhain ar an dúchas. Tugann sé léargas iomlán ar ‘g[h]arbhchríocha [n]a daonnachta.’