Oilithrigh

Liam Ó Muirthile
Oilithrigh

Trostán chun siúil,
sliogán ar chúl,
buailimid bóthar
san aontreo siar.

Tógaim ceann
den dream teann
lom go cnámh
ag coisíocht leo féin,

síonchaite sa dreach
ó smúdar an tsaoil,
na súile ina gcaor
le tine ghlé.

Ní shantaím aon ní
ach siúl romham,
glacadh le gach céim
mar a gheobhad.

Tá talamh an domhain
mhóir lem bhonn,
tá áthas an domhain
mhóir lem thaobh,

allegro ó ghob go gob;
is go tobann brostaím
mo choiscéim féin
ar aonbhuille leis na héin.

Liam Ó Muirthile