Scéalaí agus scríbhneoir ...

Scéalaí agus scríbhneoir ...

markwickham.org

Is mar scéalaí sciliúil cruthanta a chuimhneoidh léitheoirí óga ar Liam Ó Muirthile, a scríobhann Claire Dunne

Is mar scríbhneoir atá clú bainte amach ag Liam Ó Muirthile ach i measc ghlúin páistí Mhúscraí is mar scéalaí sciliúil sceitimíneach a bhfuil cuimhne air fós. Is ann a chaith sé tréimhse mar scríbhneoir cónaithe ag obair i dteannta beagnach cúig scór páistí agus an cnuasach Dánta Déanta idir lámha. Meitheal scríbhneoirí óga a spreag sé agus luach a gcuid saothair tar éis sé mhí den ghuairneáil smaointeoireachta ná an cnuasach filíochta a cuireadh le chéile. Thug sé thart ar shé chuairt ar na scoileanna éagsúla i Múscraí agus ceithre dhán a chum sé le gach rang. Gach doras seomra ranga a d’oscail sé, thug sé leis isteach tuiscint don fhilíocht, tuiscint don cheantar agus tuiscint do mheon na bpáistí istigh.

Corcaíoch a bhí ann agus níorbh aon ionadh go raibh sé ar a sháimhín só ag filleadh ar a fhréamhacha don scéim chónaithe scríbhneoireachta. I bhfocail an mhaisitheora Olivia Golden a d’oibrigh go dlúth leis, fear a bhí ann ‘a thaistil ina chorp agus ina aigne’. Is léir gur bhain sé inspioráid as an gceantar agus thug logainmneacha na háite inspioráid dó dul i mbun pinn. Ina dhánta, agus gan bogadh ón seomra ranga fiú, d’éirigh leis an aimsir ar an Côte d’Ivoire agus san Úcráin a chur ar a súile do páistí trí chomparáid a dhéanamh idir na háiteanna sin agus ceantar Chill na Martra. Fear siúlach scéalach go smior agus mheallfadh sé na páistí le scéilíní ó thíortha i gcéin. Tarraingíonn scéal scéal eile agus tá cuimhne cheanúil ag príomhoide Gaelscoil Chill na Martra fós ar na ‘tangents taitneamhacha’ a shleamhnódh thar a bhéal.

Tagaimid ar théama na n-ainmhithe minic go leor ina shaothar agus an tsúil ghéar a bhí aige ar a raibh ag titim amach faoinár gcosa. Sa dán Le Chat qui Rit, déanann sé cur síos ar shaol uasal údarásach atá ag ainmhithe tí i ngan fhios dúinn. Le linn dúinn dul i mbun lóin, dar leis, tá an cat eolach ar a bhfuil ar siúl ag a impire féin os a chionn agus is eisean a eisíonn an beannú ríoga ‘bon appétit. Feicimid ina chuid scríbhneoireachta go dtumann Ó Muirthile é féin i ndomhan a gcarachtar. Tugann sé léargas léirsteanach dúinn ar ghnáthimeachtaí an tsaoil, cuir i gcás an seilide mall fadfhulangach. Éiríonn leis taithí iomlán na seilidí a chruthú sa chnuasach An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí lena ‘seileafón’, ‘seilifís’ agus ‘seileacaptar’ agus an dúil acu sa cheol miotal trom ‘Seileallica’. In amanna eile, éiríonn leis carachtar iontach a chumadh as an nua mar atá in Gaothán a eascraíonn as ‘bolg na carraige’ agus a bhfuil goile mór aige chun seacláide. Tá an stamhlaíocht chliste agus an t-imeartas focal - idir an Ghaeilge, an Béarla agus an Fhraincis ‘fite fuaite ina dhánta agus a scéilíní, cuir i gcás sa dán an ‘Banbh ón (Ú)cráin’. Bhainfeadh páistí greann as an mbanbh alpach seo a bhíonn ag cur gaoithe tar éis di an iomarca bainne a ól agus as a hainm neamhghnách ‘pineapple’.. I ndán eile, tá Watchdog curtha inár láthair - an madra a shlog uaireadóir.

Is minic gur focal aonair nó teideal an-ghearr atá mar ainm dáin nó mar theideal caibidle agus tugtar cuireadh don léitheoir fiosrach a iniúchadh níos doimhne agus léamh níos mine a dhéanamh ar an ábhar. Is é pléisiúr na bhfuaimeanna a chruthaítear ann a choinníonn suim an léitheoir. Cloisimid macallaí na hoíche i gcroílár an dáin ‘Cé atá ann?’:

Cé atá ag tafann san oíche san oíche
níl aon ach gaoth sna géaga sna géaga.

Gaeilge shimplí shaibhir atá in úsáid a oireann don aoisghrúpa ach a thugann ábhar machnaimh dúinn, mar shampla, an pearsanú a dhéantar ar an sionnach glic sa dán ‘Carraig an tSionnaigh’, ina bhfuil sionnach ag baint súp as an saol, ag stairrfeach thart, agus gan é ag ligean do bhuairt an tsaoil cur isteach nó amach air. Cé go mbaineann páistí go háirithe taitneamh as na dánta tá machnamh aibí greannmhar déanta ar athruithe an tsaoil iontu a chuirfeadh an duine fásta suntas ann chomh maith. Cumann sé frásaí agus íomhánna nuálacha ina bhfuil meascán den traidisiún agus den saol comhaimseartha, mar shampla sa charachtar a fágadh ‘gan euro rua’ i gcás an ‘riamh-phost’ a bhí againn roimh an ríomhphost.

Ag trácht di ar an tréimhse sin a chaith sí ag obair leis an Muirthealach, luann Olivia Golden a chomhluadar réchúiseach, an tsaoirse chruthaitheach a thug sé di agus í i mbun léaráidí, agus an míniú paiseanta a thugadh sé di ar éirim an tsaothair nuair ba ghá. In amanna phléadh sé an t-aistear mothúchánach a rinne carachtar áirithe, mar shampla sa leabhar Aois Fir, sí an méid sin in iúl ar phár. Ba é an leabhar Gaothán ceann de na chéad leabhair leis a ndearna Golden maisiú air agus is údar bróid fós di torthaí an phróisis chruthaithigh eatarthu.

Ní beag an tionchar ná an meas a bhí aige ar léitheoirí óga: tá An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí tiomnaithe do pháistí Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath agus tá leanaí Mhúscraí luaite mar chomhúdair ar chlúdach an chnuasaigh Dánta Déanta. Scríobh sé agus spreag sé fad a shaoil ‘gan chaochadh, gan traochadh’ agus d’fhág sé seoidín litríochta do gach aois ina dhiaidh. Nuair a chuir mé glaoch ar na scoileanna inar oibrigh Ó Muirthile mar scríbhneoir cónaithe, is le sceitimíní a labhair na príomhoidí liom faoin aithne a chuir siad air mar scríbhneoir, mar scéalaí agus mar dhuine. Cé gur 13 bliana ó shin a leag sé cos thar thairseach Ghaelscoil Chill na Martra, tá a rian fós ar an scoil, idir na línte filíochta atá de ghlanmheabhair ag an bpríomhoide, agus na sleachta ó Dánta Déanta atá ar crochadh ar bhallaí na scoile.

Fágfar a rian ar na páistí nua a shiúlfaidh an pasáiste céanna amach anseo, de réir mar a d’aithin sé féin cumhacht na scéalaíochta ar intinn an duine óig: ‘Dá mhéad a leath is ea is mó a leath’.