Pápa na comhthuisceana ...

Caitheann Frainc Mac Brádaigh súil ar shaol agus ar chur chuige an Phápa Proinsias

Cé dár díobh é, an Pápa Francesco?

Mac le himirceach Iodálach a chuaigh chun an hAirgintíne i 1929 chun éalú ó Fhaisisteachas Mussolini. An mac is sine de cheathrar clainne, beirt bhuachaillí is beirt chailíní, rugadh é i 1936. D’oibrigh mar theicneoir ceimiceach ar feadh cúpla bliain i ndiaidh an scoil a fhágáil agus chuaigh sna hÍosánaigh i 1958. Oirníodh ina shagart é Nollaig na bliana 1969 agus ceapadh mar cheannaire cúige ar na hÍosánaigh san Airgintín é i 1973 in aois 37 bliain. Tar éis sé bliana sa phost sin, i 1980, chaith sé tamall gearr i mBaile Átha Cliath ag foghlaim Béarla. Chaith sé na blianta mar uachtarán ar choláiste cliarscoile i San Miguel ach d’éirigh idir é is údaráis na nÍosánach agus d’athraigh Uachtarán Ginearálta na nÍosánach as an bpost sin é sa bhliain 1986. Chaith sé tamall sa Ghearmáin ag ullmhú d’ábhar tráchtais sa diagacht agus ansin gan choinne cuireadh go tuaisceart na hAirgintíne é ar feadh sé bliana mar anamchara ag comhluadar na nÍosánach i gcathair Cordóba. Ní cosúil gurb iad na blianta i ndiaidh dó a bheith ina cheannaire cúige ar na hÍosánaigh, 1979-1992, na blianta ba shona ina shaol, go háirithe na blianta i gCordóba idir 1986 agus 1992, blianta ar bhraith sé gur díbríodh é. Sa bhliain 1992 rinneadh Easpag cúnta in Buenos Aires de. Rinneadh easpag cóidiútair de i 1997 agus rinneadh Ardeaspeag de i 1998. Ón mbliain 1992 ar aghaidh níor chónaigh sé leis an hÍosánaigh agus is cosúil nach raibh mórán caidrimh aige leo gur toghadh ina Phápa é in 2013.

Agus é ina Ardeaspag toghadh é ina uachtarán ar chomhairle na n-easpag san Airgintín ar feadh sé bliana idir 2005-2011. Roghnaíodh é mar chathaoirleach ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc Aparecdia a d’eascair as an gCúigiú Cruinniú de Chomhairle Easpag Mheiriceá Laidineach. Rinneadh Cairdinéal de in 2001 agus idir sin agus 2013, agus é fós ina Ardeaspag in Buenos Aire, leagadh cúraimí eile air sa Curia sa Róimh, cúraimí ar thug sé aire dóibh le linn na gcuairteanna ríghearra a thugadh sé ar an Róimh. I rith na tréimhse sin ar fad d’fhoghlaim sé go leor faoi mhodh oibre na heaglaise, ar bhonn deoise is domhanda.

Bhí cur chuige éagsúil aige ó thús. In ainneoin na gcúraimí éagsúla a bhí air, bhí luí i bhfad níos mó ag Jorge Mario Bergoglio i gcónaí le hobair thréadach a dhéanamh i measc na ndaoine agus le deabhóid thraidisiúnta na muintire seachas le hobair ar son cearta a bhí bunaithe ar anailís shóisialta, an cur chuige a bhí i réim i measc diagairí na fuascailte, lucht an theologia de la Liberacion. D’fhoghlaim sé go leor sna blianta i ndiaidh dó a bheith mar chúigeach na nÍosánach. Cé gur bhain a ‘dhíbirt’ go dtí Cordóba go leor as, fear é a dhéanann a chuid marana faoi eachtraí a shaoil agus foghlaimíonn go leor uathu. Thuig sé mar a d’fhéadfaí daoine a ghortú cheal trócaire agus gurb í an trócaire a thabharfadh slán é féin mar dhuine daonna. Chuir sé an méid a d’fhoghlaim sé i gcrích i gcathair Buenos Aires. Agus é ina Ardeaspag ansin, bhog sé amach chun cónaí i ngnáth-árasán, áit ar bhreathnaigh sé ina dhiaidh féin. Chuir sé stiúir cheart oscailte ar chúrsaí airgeadais na hArd-Deoise. Chuir sé dlús le hobair na heaglaise sna fobhailte bochta agus in éineacht le heaspaig na tíre ghabh sé leithscéal toisc nár chosain an eaglais na daoine i rith an Chogaidh Shalaigh nuair a bhí an Junta i réim. I rith an ‘Cogadh Salach’ bhí daoine á bhfuadach is á gcur de dhroim seoil toisc gur chuir siad in aghaidh na héagóra agus cos ar bolg an réimis. Bhí beirt Íosánach, beirt iar-oidí leis féin ina measc siúd a fuadaíodh is a céasadh. Cuireadh i leith Jorge Mario nár thug sé dóthain cosanta don bheirt agus é ina cheann cúige ar na hÍosánaigh, beirt a scaoileadh saor i ndiaidh a gcéasta san áit ar caitheadh go leor eile amach as eitleáin gan paraisiút. Tá an cur chuige a d’fhoghlaim sé sa tréimhse sin mar chur chuige aige fós.

Cad atá difriúil faoi mar Phápa, mar sin? Níl aon luí ag Proinsias leis an gcléireachas ná leis an bpostúlacht a ghabhann leis. Dar leis gurb iad na daoine is lú acmhainní is tábhachtaí, na daoine is lú acmhainní ó thaobh maoin an tsaoil, ó thaobh oideachais, ó thaobh éirime agus ó thaobh sláinte. An chosmhuintir. Dar leis gurb iad is fearr is féidir leo a leochailí atá an duine ó cheart a chur i dtuiscint dúinn go bhfuil gá leis an dtuiscint sin chun an leas coiteann a chosaint agus gur gá an leas coiteann a chur chun cinn ionas nach scriosfaidh saint nua-liobrálach an duine an domhan go léir. Dar leis go bhfuil ceangal díreach idir an bhagairt don éiceolaíocht agus an bhagairt do bheatha an duine. Mar Phápa tá béim á leagan aige ar thábhacht sláinte na cruinne ann féin agus mar ionad cónaithe an duine.

Sular ndearnadh Pápa de, breathnaíodh go géar ar an gcóras, go háirithe ar chóras cliarlathach na Vatacáine. Beartaíodh go raibh gá le leasú. Bhí gá le cúrsaí airgid na Vatacáine a riar i gceart. Bhí gá le maorlathas na Vatacáine a chur ag feidhmiú ar mhaithe le pobal Dé. Bhí gá le ceist na mí-úsáide a riar go cóir, agus an míriar stairiúil a admháil.

Chuige seo is gá éisteacht le daoine ag gach uile leibhéal den chóras, agus go háirithe leis an tuathphobal. Tá gá le trust is iontaoibh.

Nuair a tháinig an Pápa isteach tosaíodh ag éisteacht le daoine ag leibhéal na sionad domhanda, ag sionad na dteaghlach i dtosach agus ina dhiaidh sin leis an sionad ar an Aos Óg nuair a iarradh ar na heaspaig éisteacht le tuairimí an phobail trí chéile ar na ceisteanna seo.

Ach tá uaidh dul níos faide fós. Tá uaidh go mbeadh comhráite ag gach leibhéal, ón leibhéal is ísle go dtí leibhéil na pápachta féin. Ní ar son cainte atá seo ar siúl ach ionas go bhfoghlaimeofaí cén chaoi le héisteacht go haireach ar son na comhthuisceana agus cén chaoi le héisteacht lena bhfuil á rá ag Dia le pobal an domhain trí ghuth an uile dhuine daonna. Éisteacht go domhain is go haireach leis an duine, sin an bealach is fearr le glór Dé a chloisteáil.

Cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an bPápa? Tá cluas á tabhairt do dhreamanna nár bacadh lena raibh le rá acu roimhe seo agus réiteach grádiaúil á lorg ar na fadhbanna atá acu. Tá cás na mbocht, na ndaoine gan dídean, na n-imirceach, na dteifeach agus na sclábhaithe nua ina ábhar cur is cúitimh san Eaglais Chaitliceach ar bhealach anois gur deacra go neamhaird a dhéanamh orthu.

Tá aghaidh á tabhairt ar an mí-úsáid a rinneadh ar pháistí is ar an gcaoi a ndearnadh iarracht eolas faoin scéal a cheilt. Tá iarracht á déanamh lucht maorlathais na Vatacáine a chur ag obair ar son leas an phobail Chaitlicigh Chríostaí trí chéile. Tá ceisteanna conspóideacha ardaithe a bhaineann le tuiscint agus trócaire a thaispeáint do dhaoine atá ag fulaingt, daoine bochta atá ar an imeall, daoine aeracha, daoine nach bhfuil a saol pósta de réir seanrialacha na hEaglaise agus daoine go leor eile. In iarthar an domhain tá cás na mban go mór i gceist is éisteacht á lorg faoi. Ní hionann, áfach, na ceisteanna atá ag déanamh tinnis do Chaitlicigh i dtíortha na Afraice nó na hÁise is na ceisteanna atá ag goilliúint ar dhaoine in Éirinn. Agus tá freasúra múscailte ag an bPápa agus amhras dúisithe nach é glór Dé á gheobhaidh éisteacht ach glórtha eile a chuirfidh an pobal Críostaí dá threoir. Le teacht ar chomhthuiscint, beidh mórchuid éisteachta le déanamh agus caithfear éisteacht go haireach agus le hurraim. Agus is comhthuiscint atá ó Phroinsias,
ní riail an 51%.