Sliocht as dráma nua le Biddy Jenkinson Beannaithe

Biddy Jenkinson
Sliocht as dráma nua le Biddy Jenkinson Beannaithe

Aisteoirí:
Fear 1 – An tEaspag William Newman
Fear 2 - An Monseigneur Berger
Bean 1 - Benedicta, Nóra
Bean 2 - Aloysius, Cathaoirleach
Bean 3 - Míde

Díreach roimh thús an dráma: Cúpla véarsa de “Beannaigh an long seo”

Mír 1.

(Seomra i St. Teresa’s, an teach atá ag na mná rialta ón uair gur díoladh an clochar. Crois chéasta ann (gan íobartach air) Is faoin gcrois a fhágtar teachtaireachtaí, fón póca, billí, cniotáil, agus rl. Scáil na croise/ soilsiú drámatúil, uaireanta: aisteoir eile ar stáitse é. Carn stuif don mhalartán, ar an urlár, taobh thíos di. Raidió.

Oíche. Benedicta ( Bean 1) agus Aloysius (Bean 2) ag feitheamh. Buaileann clog. Cloistear mar bheadh gol linbh i bhfad ar shiúl.

Canann Benedicta, Ísuchán mar shuantraí.

Tagann Míde isteach ag suansiúl agus í ina codladh, ‘leanbh’ á iompar aici ina baclainn agus í á bhréagadh. (Í féin atá ag gol.*)

Ag an gcrois, ligeann Míde don ‘leanbh’ titim. Tá sí ar tí dúiseacht: iarracht á déanamh, cheana, ag a hintinn breith ar a ciall. )

Míde

Céasadh i mBeithil é. Ar an treas lá chuaigh sé suas ar neamh agus d’fhan sé ann.

(Mar a bheadh sí ag glacadh treorach ón gcrois. Ansin siúlann sí i dtreo lucht éisteachta agus labhraíonn go fáidhiúil.)

Míde

Gráigh Dia agus gráigh do chomharsa.

(Treoraíonn Aloysius Míde i dtreo a seomra go ngluaiseann sí uaithi féin. Benedicta ag crónán Ísuchán mar shuantraí. Briseann cri de coeur ó Mhíde agus casann sí i dtreo an lucht éisteachta)

Míde

Ach cá bhfaighfeá Dia?

(Uafás ar Benedicta. Imíonn Míde. Aloysius á faire, go ndúnann doras.)

Aloysius

Codlóidh sí anois.

Benedicta

Níor shiúil sí trína néal mar sin le fada. Ach seo an tríú hoíche as a chéile gur shiúil sí i ngan fhios di féin, Aloysius.

Aloysius

Céile agus leanbh caillte aici. Éalaíonn an cumha uirthi agus í ina codladh. Dhá dtrian péine san oíche.

Benedicta

Nach cóir labhairt léi? A rá léi a toil a chur le toil Dé?

Aloysius

Téigh a codladh a thaisce. Fanfaidh mé anseo seal.

(Imíonn Benedicta, í ag croitheadh a cinn.)

Aloysius

Oíche mhaith, a Benedicta.

(Filleann Aloysius brat thart uirthi féin agus suíonn sí in aice na croise, cros-bhigil lena lámha.)

Aloysius

‘’Críost liom. Críost romham. Críost im’ dhiaidh. Críost ionam. Críost fúm. Críost os mo chionn. Críost ar mo lámh chlé...”

(Leanann sí uirthi os íseal agus soilse ag ísliú.)

Aloysius

(ón dorchadas)

Tabhair aire do Mhíde, a Dhia. Maith dhom an fhearg atá im chroí mar gur díoladh an clochar. Tabhair foighne dom agus mé ag plé le Peadar agus Bonaventure. Agus ná lig dom Benedicta bocht, neamhurchóideach a mharú.

Mír 2.

(An suíomh céanna. An lá dár gcionn. Éadaigh scoile agus leabhair scoile don mhalartán ar an urlár. Gleo ón ngairdín mar a bhfuil bothán á thógáil do mhalartán Mhíde.)

Benedicta

Gheall Míde go mbeadh an obair ar an mbothán críochnaithe faoi am lóin agus an stuif seo ar fad amuigh ann.

(Benedicta ag glanadh deannaigh go fuinniúil. Ligeann sí sraoth.)

Benedicta

Ní bhíodh deannach mar seo sa chlochar, Aloysius.

Aloysius

Tá an deannach séanta. Seans gur móilín de Phádraig Naofa a chuaigh id shrón!

(Taithí ag Benedicta ar fhreagraí Aloysius. Déanann sí portaireacht bheag lena srón san aer. Croitheann sí an cheirt agus cuimlíonn bun na croise léi go geanúil. Sluaistriú gairbhéil amuigh. Taispeántas beag ó Benedicta; lámh ar a croí agus rl.)

Benedicta

An gleo sin a bhí ann ar feadh an lae, nuair ’thochail siad ár siúracha amach as Reilig an Chlochair...

Aloysius

Bliain is an taca seo anuraidh

Benedicta

Mná rialta a chodail sa reilig ó Fhuascailt na gCaitliceach i leith - agus ar gcairde féin: Philomena, Aquinas, Annunciata - curtha amach as a n-uaigheanna! Curtha soir go Reilig Bhaile na mBodach, faoi choimirce na Comhairle Contae, chun slí a dhéanamh do ghalfchúrsa.

(Gleo céanna lasmuigh agus tagann deireadh leis ansin.)

Aloysius

Luachanna an mhargaidh, Benedicta. Óstán gailf an clochar. Ní fhágfá ár ndeirfiúracha faoi niblicí lucht gailf? Sr. Bridget’s bunker!

Benedicta

Malartán sean-éadaigh á bhunú ag Míde, i mbothán sa ghairdín...

Aloysius

Malartán d’éide scoile agus do leabhair scoile...

Benedicta

Agus Míde féin i bpáirt le mná atá ag tabhairt dúshlán Dé agus dúshlán a eaglaise.

Aloysius

Á, a chroí istigh, leag an milleán ar Vatican a dó agus bí ag guí go mbeidh an bothán fá réir inniu.

Benedicta

(Thabharfadh sí cic don gcarn murach gur bean rialta í. Tús le cic, ach maolaítear é)

Nach gceapfá go ndéanfadh daoine rudaí a ní, de ghrá Dé, sula mbronnfaidís orainn iad. Cuir do shrón leis seo!

Aloysius

Dímhorgóir fireann, ‘Bob Cat’, Lynx, nó a leithéid.

Nífidh Míde iad.

Benedicta

Sa mheaisín níocháin againne! Lenár gcuid púdar níocháin! Measarthacht agus gnáthchiall tréithe an Chríostaí. Téann Míde thar fóir.

Aloysius

Bíonn gá le díograis, a Bhenedicta. Mire Íosa an giosta in arán na beatha.

Benedicta

Níl aon ghiosta san abhlann bheannaithe.

Aloysius

Slimarán Dé...

Benedicta

Deir Míde go bhfuil Dia i ngach aon áit agus gur comaoineach gach comaoineach, an t-arán baile féin agus é á roinnt againn. Deir sí nach gá gur fíon a bheadh sa chailís. Luaigh sí bainne, deora...

Aloysius

Is mó rud a deir Míde!

Benedicta

An dóigh leat go bhfuil sifil uirthi?

Aloysius

Ar ndóigh níl. Duine le dia í; ár ndála féin.

Guth Pheadair ó thuas staighre

Cé a ghoid mo spéaclaí? A Mhíde, a chailín, goideadh mo spéaclaí agus tú amuigh ag béadán leis na comharsana.

Guth Mhíde

ÁÁÁ, Mo ghraidhin thú a Pheadair, ach is ar do shróinín féin atá siad. Gabh buíochas le Naomh Antaine agus bí ag feadaíl!

(Guth Pheadair, fós ag gearán. Tagann Míde ar ardán)

Míde

(le Benedicta agus Aloysius)

Tá Peadar ábhairín neamhshocair. An gleo amuigh b’fhéidir. Ach scéala agam. Tá an bothán tógtha.

(Breathnaíonn sí ar airde an chairn agus iontas uirthi.)

Tá muintir an bhaile flaithiúil.

Aloysius

Is maith maith.

Benedicta

Ach ní maith rómhaith.

Aloysius

Maith go leor, ach cuirtear an t-iomlán sa bhothán!

Míde

(ag tosú ar an obair)

Chun oibre!

Benedicta

Cabhróidh mé leat!

(Bogann Míde agus Benedicta an stuif ar fad amach, stíl gheamaireachta. Tosaíonn Benedicta ag glanadh an urláir mar a raibh an stuif.

Aloysius

(le Míde.)

Beidh cuairteoir chugainn, lá éigin an tseachtain seo. Tá imní orthu, sa Vatacáin, i dtaobh staid an Chreidimh in Éirinn agus cuirfear cigirí anall. Bheartaigh an Cliarlathas anseo teacht rompu. Tá timirí ceaptha acu. An Monseigneur Bergin timire na Deoise seo.

Míde

Cúistiúnaí...

Aloysius

Cuideoidh sé linn aon dul amú atá orainn, aon earráidí cleachtais a aithint agus a leasú. Cuirfimid fáilte roimhe agus tabharfaimid éisteacht dó.

Míde

(Faoi dheifir sula dtiocfaidh Benedicta i leith)

Bhíos chun freastal ar chruinniú de Mná le Sagartóireacht, i ndiaidh dom an bláthfhleasc a thabhairt chun na reilige agus Bonaventura a thabhairt amach ag siúl. Ach arbh fhearr gan dul ar chruinnithe go mbeidh an Moinsíneoir bailithe leis?

Aloysius

Ní déarfainn leat dul ann, nó gan dul ann, a thaisce.

Benedicta

Ar chuala mise ‘Mná le Sagartóireacht’ á lua?

Aloysius

Tá cuireadh againn, ó Mhíde, dul ag cruinniú dá gcuid tráthnóna, a Bhenedicta.

Benedicta

Lucht agóide! Mná mínáireacha gur mian leo bheith ina bPápaí.

Míde

Och, a Bene, bheimis sásta dá ndéanfaí sagart d’aon bhean bheag amháin.

Biddy Jenkinson

Is file í Biddy Jenkinson.