Aisling ghéar an Bhreatimeachta ...

Freagraí casta difriúla ar cheist shimplí a chruthaigh práinn an Bhreatimeachta, a deir John-Paul McCarthy

Ina leabhar cáiliúil Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 (1996) chuir Breandán Ó Buachalla béim ar leith ar ‘an Deonú’ i scríbhneoireacht pholaitiúil na mblianta sin. ’Séard a bhí i gceist ansin ná an meon aigne gur chóir cuimhneamh i gcónaí ‘…gurbh é Dia ar mhaithe leo a dheonaigh a anchás’. Cheaptaí go forleathan in Éirinn na linne sin gurbh ‘fhéidir gnáththubaistí laethúla an tsaoil a fhulaingt ach a thuiscint gurbh é Dia uilechumhachtach a cheadaigh iad’. Is féidir ‘an deonú’ céanna a bhrath ar fud na Breataine faoi láthair agus an tír ag déanamh a bealach amach as an Aontas Eorpach go mall. Ní maith le formhór fheisirí Pháirtí na gCoimeádaithe an Breatimeacht, an Príomh-Aire May ina measc. Comh-ailtire an Chómhargaidh Eorpaigh ab ea Margaret Thatcher féin. Agus níor mhol formhór bhaill pháirtí an Lucht Oibre imeacht ná é. Ach níl neart ag an dá pháirtí mhóra ar phróiseas na himeachta ós rud é gurbh iad na daoine uilechumhachtach a dheonaigh anchás na Breataine. Tá cuma bhinbeach, anróiteach ar lucht an dá pháirtí fé láthair. Deir Boris Johnson, an t-iar-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, gurb ionann polasaí an Phríomh-Aire agus geansaí an jihadi atá ar tí lámh a chur ina bhás féin i lár margadh poiblí. Bíonn Jacob Rees-Mogg ag caint ar na fadhbanna a bhí ag an Rí John leis na Francaigh 800 bliain ó shin. Agus bíonn lucht Jeremy Corbyn ag trácht ar bhunú Stát Iosrael i 1948, rud a raibh doicheall ag na milliúin Giúdach roimhe, dar leo.

Is iontach an fhéinmhuinín a cheadaíonn do dhuine labhairt ar son rí ársa nó beart náisiúnta a roghnaigh an pobal a dhamnú en masse. Is léir nár chuala Corbyn riamh faoin rabhadh a thug W.E. Gladstone le linn na díospóireachta parlaiminte faoin rialtas dúchais d’Éirinn in 1886. Dúirt Gladstone nárbh amhlaidh gur ‘a people afflicted with a double dose of original sin’ iad muintir na hÉireann.

Seans go ndéanfaidh Corbyn dearmad sula fada ar an diancháineadh spleodrach a rinne iarArd-Raibí na Breataine, Jonathan Sacks, air. (Enoch Powell a chuir naimhdeas frithGhiúdach cheannaire pháirtí an Lucht Oibre i gcuimhne do Sacks). Níl Corbyn in ann cuimhneamh i gceart ar an ócáid ag ar thug sé ómós do dhúnmharfóirí na lúthchleasaithe Iosraelacha in Munich i 1972, nó ar an tacaíocht a thug sé in 2012 do mhúrphictiúr i Londain ar a raibh léaráidí de bhaincéirí santacha agus sróna fada cromtha orthu. (‘I sincerely regret that I did not look more closely
at the image i was commenting on…’ arsa Corbyn)

An bhfuil deireadh déanta mar sin ó thaobh imeacht na Breataine ón ngrúpa trádála is rathúla ó 1945 ar aghaidh? Ní léir go bhfuil éinne sa Pharlaimint anseo sásta cur ina choinne. Lasmuigh de Westminster, a chloistear glór an fhreasúra dáiríre. Ní hé taibhse King John nó macalla ó Runnymede atá i gceist anseo, ach taibhse eile darbh ainm Tony Blair. Ní minic a labhraíonn Blair os ard faoin mBreatimeacht, ach nuair a dhíríonn sé ar an tubaiste seo, níl a shárú ann faoi láthair chun mionscagadh a dhéanamh ar an bhfadhb. Thug sé léacht le linn an tsamhraidh mar gheall ar stair na parlaiminte inar dhein sé cur síos cliste ar chur chuige rialtas lag Theresa May. Is cuma léi, dar le Blair, faoi shonraí an chonartha nua atá á lorg aici ón Aontas Eorpach. Níl uaithi ach píosa páipéir a fháil roimh mhí an Mhárta 2019 a ligfeadh di a rá go bhfuil comhaontú ginearálta faighte aici, agus más ea, go bhféadfadh an Bhreatain imeacht ón Aontas gan mórán deacrachtaí. Líonfar isteach na sonraí lá níos faide anonn. Cúpla mí ina dhiaidh sin, mhol Blair pobalbhreith nua chun cabhrú leis an bParlaimint éalú ón dol ina bhfuil siad sáinnithe.

Thug Blair freagra paiteanta ar cheisteanna den chineál a cuireadh ar rialtas Fhianna Fáil nuair a chuir siad Conradh Liospóin faoi bhráid na ndaoine den dara huair in 2009.

Pobalbhreitheanna difriúla, le ceisteanna difriúla, arsa Tony Blair. In 2016, thug na daoine uilechumhachtacha freagra ar an gceist ‘ar chóir don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach?’.

Ba chóir ceist úrnua a chur nuair a fhoilsítear an conradh nua idir May agus Michel Barnier, is é sin ‘ar chóir don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach faoi na coinníollacha seo?’. Cur chuige New Labour é seo cinnte, cur chuige a ghlacann leis an bhfreagra a tugadh in 2016, agus, ag an am céanna, a thugann deis do dhaoine a gcuid cumhachta a léiriú arís. Dá mbeadh ceannairí pháirtí an Lucht Oibre in ann aird a thabhairt ar cheisteanna eile seachas Giúdaigh an Chorráin Mhéith nó laochra stailceanna na H-Bhlocanna, is é seo an cineál cur chuige gur chóir dóibh a bheith ag plé leis. Ach is fuath le lucht Corbyn Blair, agus dar leo, go raibh sé ina dhuine níos urchóidí ná Saddam Hussein agus Osama Bin Laden le linn dó a bheith ina phríomh-aire. Níl siad ag éisteacht le héinne faoi láthair seachas Noam Chomsky agus Gerry Adams, beirt a raibh olc ina gcroí acu don tionscnamh ‘impiriúil’ Eorpach ó ré Monnet agus Schuman ar aghaidh.

Caithfear cuimhneamh freisin nach luíonn reifrinn mar choincheap bunreachtúil le cur chuige na Breataine ó thaobh na polaitíochta. Ba é reifreann 2016 an tríú ceann a bhí acu. (Bhí reifreann ann aimsir Harold Wilson i 1975 faoi bhallraíocht sa Chomhphobal Eorpach agus reáchtáladh ceann faoin gcóras vótála in 2011.) Más ea, níl polaiteoirí na Breataine muiníneach a ndóthain chun an débhríocht san fhreagra in 2016 a aithint go poiblí. Níl aon de Valera acu faoi láthair a déarfadh, mar a dúirt seisean nuair a ghlac an Dáil leis an gConradh in 1921, ‘níl sé de cheart ag na Daoine a bheith mícheart’.

Níor míníodh i reifreann 2016 conas a chuirfeadh an rialtas conarthaí polaitiúla agus eacnamaíochta ilghnéitheacha ar ceal ná cad a thiocfadh ann ina n-áit. Conarthaí iad seo a nasc an Bhreatain leis an mór-roinn le daichead bliain. A mhalairt de scéal a bhíonn ann maidir le toil na ndaoine de i Meiriceá. Ní bhíonn leisce ar bith ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe freagra na ndaoine a scagadh, agus más gá, é a chur ar ceal chun bunluachanna bunreachtúla a chosaint. Is minic freisin don chúirt sin coimhlintí inmheánacha a thagann chun tosaigh de thoradh ar thoil na ndaoine a shoiléiriú agus a cháineadh. Sin a rinne an Breitheamh William J. Brennan Jr. sa chás Mitchell v Oregon (1970), cás
a bhain le cumhacht na Comhdhála Náisiúnta an córas vótála a mhúnlú. Rinne Brennan iarracht tuiscint a fháil ar na leasuithe móra bunreachtúla a tharla tar éis Chogadh na gCarad. Ba léir dó faoi dheireadh nár labhair na Daoine in 1868 d’aon ghuth, cé gur thacaigh siad le téacs an 14ú Leasú.
Faoi dheireadh, dúirt Brennan:

…at least three identifiable groups may have existed within the Republican majorities that enacted and ratified the Amendment - those who thought that Congress would have power to insure to Negroes the same right to suffrage as the States gave to whites, those who thought that Congress would not have such power, since Negroes and whites constituted distinct and dissimilar classes for voting purposes, and those who thought Congress would possess no power at all over the suffrage.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá
mar gheall ar fhreagra na ndaoine ar cheist an Bhreatimeachta sa Bhreatain
in 2016. Bhí an ghráin ag muintir Dorset ar na hinimircigh, ach ba iad srianta polaitiúla an European Communities Act (1972) a bhí ag cur as do na haontachtaithe i gceantar na Banna Uachtair. Freagraí casta difriúla ar cheist shimplí a chruthaigh an phráinn seo do gheilleagar agus d’fhéinmheas na ríochta leath-aontaithe seo againne.