An Gael agus an raidió
Díol spéise na ceisteanna a músclaíodh le teacht chraoltóireacht na Gaeilge tar éis bhunú an Stáit agus ceisteanna cuid acu atá linn fós, a deir John Walsh
Léiríonn an caidreamh idir an chraoltóireacht agus an Ghaeilge san 20ú haois go leor idé-eolaíochtaí casta maidir leis an gcainteoir dúchais agus leis an bhfoghlaimeoir, agus leis an gceangal idir tógáil na féiniúlachta agus an polasaí teanga i mblianta luatha an stáit. Go deimhin, bhí an raidió ina láthair chatha idé-eolaíochta ina raibh allagar ar siúl faoi pholasaí teanga an stáit agus léirigh sé an teannas a bhí de dhlúth agus d’inneach sa pholasaí sin.
Thosaigh an chraoltóireacht raidió in Éirinn i 1926 agus bhí sí ar maos sna díospóireachtaí faoin dteanga agus an fhéiniúlacht ó tháinig ann di. Ba thionscnamh náisiúnta é an raidió a bhain le tógáil an stáit agus bhí tarrac ag an raidió ar phobal na hÉireann go léir. Samhlaítear an chéad leath den bhfichiú haois le ré órga an raidió; bhí sé úrnua agus drithlíneach, ba é an t-ollmheán craolta par excellence é agus ní raibh aon iomaíocht aige.
Cé go raibh fáil ar an BBC in oirthear na tíre ar an meántonn, ba é Radio Éireann an t-aon stáisiún sa stát go dtí na 1970idí. Mar sin, chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an bpobal ar fud na tíre, pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltachta agus mórphobal an Bhéarla. Mar a scríobh stiúrthóir Radio Éireann ó 1953-59, Maurice Gorham:
Even at that stage [go luath i 1926], the programmes from Dublin made a tremendous impact on the simple people who listened to them – the crystal-set public who had never listened to foreign stations, even the BBC, and were hearing radio for the first time [...] To be in touch with the outside world was a new and exciting experience (1967: 37-8).
Thuig Conradh na Gaeilge cumhacht an mheáin nua chumarsáide – an ‘gléas gan sreang’, an ‘craobhscaoileachán’ nó an ‘stáisiún forleata’ mar a deirtí. Dhein an Conradh iarracht teacht i dtír ar an raidió agus leas a bhaint as ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn. Is fiú cuid de na sruthanna éagsúla idé-eolaíochta atá le fáil sna foinsí cartlainne faoi ghluaiseacht na Gaeilge agus Radio Éireann a phlé. Is mian liom aird a dhíriú ar dhá cheann de na mórthéamaí go háirithe:
a)An soláthar Gaeilge féin agus a thionchar sin ar an gcaidreamh idir an Conradh agus Radio Éireann;
b) An saghas Gaeilge a craoladh: an freastal a dhéanfaí ar phobal na Gaeltachta agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge agus an rogha a dhéanfaí maidir le canúint agus caighdeán.
Is é an teannas idé-eolaíoch idir dhá eite atá le feiscint sna téamaí sin, agus is ceisteanna iad atá chomh beo beathach inniu agus a bhíodar níos mó ná 90 bliain ó shin nuair a cuireadh tús leis an gcraoltóireacht in Éirinn.
Cúlra
Meabhraímis roinnt dátaí tábhachtacha dúinn féin ar dtúis. Bunaíodh an chéad stáisiún raidió, 2RN, i mBaile Átha Cliath ar an 1 Eanáir 1926. Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh an oíche úd, nuair a d’oscail Dubhghlas de hÍde an stáisiún ar chuireadh ón stiúrthóir Séamus de Chlanndiolúin, ar Ghaeilgeoir mór é féin. Níor labhair de hÍde ach cúpla abairt Bhéarla i dtús a chuid cainte agus chuir sé clabhsúr orthu mar seo: ‘This much I have said in English for any strangers who may be listening in. Now I address my own countrymen...’ (Clarke, 1986: 42). Lean sé air i nGaeilge ina dhiaidh sin, rud a chuir an conach ar roinnt éisteoirí Éireannacha nár theastaigh go dtabharfaí ‘strangers’ orthu (Mac Congáil, 2007).
An tAire Poist agus Teileagrafa Séamus Breathnach, J.J. Walsh, a d’oscail stáisiún Chorcaí bliain ní ba dhéanaí ar an 27 Aibreán 1927 (Pine, 2002: 175-6). Tá taifeadadh gairid d’óráid an Bhreathnaigh an oíche ar fáil agus is i mBéarla amháin atá sé (Raidió Teilifís Éireann, 2017). Ní léir an raibh Gaeilge líofa ag Séamus Breathnach nó an amhlaidh nár taifeadadh ach cuid den óráid ach ní thugtar aon leid ina dhírbheathaisnéis go raibh an teanga ar a thoil aige (Walsh, 1944).
Níor tháinig stáisiún náisiúnta ar an bhfód go dtí 1932 nuair a osclaíodh Radio Átha Luain go sealadach (Clarke, 1986: 56). Ba é an creideamh seachas an teanga faoi ndear an stáisiún a bheith ar an aer go luath, dála an scéil; bhí an Chomhdháil Eocairisteach le bheith ar siúl in Éirinn an bhliain sin agus theastaigh poiblíocht mhór ón lucht stiúrtha. Dhein an Chomhdháil iarratas ar an BBC go gcraolfaí na himeachtaí as Daventry i lár Shasana, áit a raibh tarchuradóir ardchumhachta fadtoinne a bhféadfaí a chomhartha a fháil in Éirinn. Bhí imní ar rialtas na hÉireann ‘that this would not be very creditable to the country’ (NAI S6005/4), agus go hobann aimsíodh na hacmhainní chun Radio Átha Luain a oscailt go sealadach, bliain luath. Dhaingnigh an craoladh speisialta sin féiniúlacht Chaitliceach an stáit go follasach agus léirigh sé gur ghné i bhfad níos imeallaí a bhí i gcuid na Gaeilge den bhféiniúlacht náisiúnta.
Nuair a chuaigh Radio Átha Luain ar an aer go lánaimseartha ar an 6 Feabhra 1933, ba é Éamon de Valera a thug an t-aitheasc oscailte. Thug sé ‘Droichead nua Átha Luain’ ar an ‘nGléas Craobhscaoileacháin seo [...] droichead idir na Gaedhil in Éirinn agus Gaedhil na h-imirce’ agus labhair sé – i mBéarla – ar thábhacht na Gaeilge (NAI S5111/11). In 1937, deineadh Radio Éireann de Radio Átha Luain, tráth an ama chéanna ar glacadh le Bunreacht na hÉireann. Baineann gné theicniúil den gcraoltóireacht luath seo le hábhar chomh maith; tá comhad suimiúil sa Chartlann Náisiúnta (NAI S3532/1) ina bpléitear clúdach an tarchuradóra ardchumhachta in Áth Luain. Ar na gléasanna raidió criostail a bhí coitianta isteach sna 1930dí, ní chlúdódh an comhartha 60 cileavata (kW) ach tuairim is 70% den dtír agus ní bheadh an Ghaeltacht san áireamh. Mar sin, fiú dá mbeadh gléasanna raidió acu, d’fhéadfadh sé nach gcloisfeadh go leor de phobal na Gaeltachta gan dua na cláracha a bhí dírithe orthu sna blianta luatha.
Téamaí
Tosaímis mar sin leis an gcéad mhórthéama a luamar: an soláthar Gaeilge agus a thionchar ar an gcaidreamh idir an Conradh agus Radio Éireann.
Ar láimh amháin bhí an tnúthán go mbeadh stáisiún raidió Gaelach ann ach os a choinne sin ní i gcónaí a bhí an pobal mór, ná lucht stiúrtha an stáisiúin féin agus an rialtas, chomh tógtha sin leis an nGaelachas. Chruthaigh sé sin teannas idir an Conradh agus Radio Éireann faoi chúrsaí teanga agus eile. Dhein 2RN freastal áirithe ar an nGaeilge agus go deimhin ba é an breithiúnas a dhein staraí amháin ar oíche thionscnaimh na seirbhíse – le hóráid de hÍde, amhráin Ghaelacha ó de Chlanndiolúin agus a bhean agus ceol ón bparlús Victeoiriach – ná gur ‘Gaelic League night out’ a bhí ann (Carolan, 2005). Tagann Mac Congáil leis an léamh sin, á rá go mbeadh an chéad oíche mealltach do mheánaicme na cathrach amháin: ‘Is beag blas a gheobhadh muintir na tuaithe ná muintir na Gaeltachta ar a leithéid de chlár’ (2007: 14).
Agus é ag féachaint siar ar dhaichead bliain den raidió, luann Gorham an t-ardchaighdeán Gaeilge a bhí ag na láithreoirí, Máiréad Ní Ghráda, Séamus Hughes agus F.W. O’Connell (Feardorcha Ó Conaill nó ‘Conall Cearnach’) i ndeireadh na 1920dí agus tráchtann sé ar na hóráidí Gaeilge a thugadh An Seabhac féin ar an raidió (Gorham, 1967: 41-47). Is eol dúinn gur sheol an Conradh feachtas i gcoinne an tsnagcheoil i 1929 (Billings, 2017: 16; Raidió Teilifís Éireann, 1987), rud a bhí dírithe ar na hallaí rince agus ar an raidió araon, agus cé gur ceanglaíodh an meon sin le fís áirithe den nGaelachas a bhí i réim, níl fianaise aimsithe agam fós gur dhein an Conradh stocaireacht láidir le 2RN faoin nGaeilge féin roimh na 1930dí. Nuair a chuaigh Áth Luain ar an aer, mhéadaigh an brú ón gConradh faoin nGaeilge agus faoin nGaelachas; mar shampla, bhí an Conradh i measc dreamanna éagsúla a chuir i gcoinne cláracha urraithe nár samhlaíodh a bheith Gaelach (Gorham, 1967: 88).
Tá fianaise ar an dteannas idir an dá thaobh, agus b’fhéidir den iarracht réitigh, sa phaimfléad a d’fhoilsigh Fo-Choiste Raidió an Chonartha agus Radio Átha Luain araon in 1936, An Gaedheal agus an Rádíó (a bhfuil teideal na haiste seo bunaithe air). Comhpháirtíocht a bhí sa phaimfléad, mar dhea, idir an Conradh agus an raidió a chinnteodh go ndéanfaí freastal mar is ceart ar lucht na Gaeilge. Gáir slógaidh do Chonraitheoirí a bhí ann: áitíodh ar gach craobh den gConradh cumann raidió a bhunú chun drámaí Gaeilge a scríobh agus a léiriú, cláracha don óige a dhéanamh agus céilithe nó scoraíochtaí a reáchtáil. Tá meascán suimiúil sa phaimfléad de phiúratánachas coimeádach agus de dhearcadh forásach ar úsáid na meán chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mar shampla, cé gur tionscnamh forásach a bhí sa drámaíocht raidió féin, tugtar foláireamh ‘gan aon nídh do bheith ann a bhéarfadh náire do chineadh Gaedheal’ (Conradh na Gaeilge & Radio Átha Luain, 1936: 20). Os a choinne sin, moltar ‘seachghlórtha’ (‘éifeachtaí fuaime’ anois; ibid: 15-6) a úsáid chun cuma níos spreagúla agus níos réadúla a chur ar chlár raidió.
Ní léir, áfach, go raibh rath ar an iarracht mar níor thráigh na gearáin ón gConradh faoina laghad Gaeilge a bhí le clos ar an raidió. Mar shampla, i 1939 dhiúltaigh an Roinn Poist agus Teileagrafa d’iarratas uaillmhianach ón gConradh ar de Valera go gcraolfadh Radio Éireann 50% dá gcláracha i nGaeilge, ar an mbonn nach raibh dóthain ábhair i nGaeilge ar fáil. Mhaígh PS Ó hÉigeartaigh – rúnaí na Roinne, iarChonraitheoir agus cara scoile leis an Aire Séamus Breathnach – go dtréigfeadh na héisteoirí an stáisiún ar son an BBC nó stáisiúin eile ón iasacht dá mbeadh leath na gcláracha i nGaeilge (NAI/S11197A). Lean gearáin an Chonartha go ceann blianta ina dhiaidh san agus cuireadh toscaireacht chuig de Valera mí na Nollag 1951 chun an cheist a phlé arís. Seo tuairisc ar an gcruinniú sin:
Is ionann Radio Éireann anois agus an saghas Stáisiún forleatha a bheadh againn dá mbeadh na Sasanaigh fós i gceannas na tíre go hiomlán agus cúrsaí forleathta fé chúram an B.B.C. Cuir i gcás, is fíor go bhfuil an oiread, agus b’fhéidir níos mó de dhúchas na Breatainne Bige á léiriú ar Welsh Regional, B.B.C., ná mar atá de dhúchas na hÉireann á léiriú ar R.E. (Meamram ó Chonradh na Gaeilge ar chruinniú ar 18.12.51, NAI/S11197A).
Bhain craolachán na Gaeilge buaicphointe amach sna 1950dí ar Radio Éireann. Léiríonn taighde Watson ar chlársceidil na seirbhíse go raibh timpeall 10% den ábhar i nGaeilge faoi lár na gcaogaidí agus go raibh rogha leathan cláracha i gceist (2003: 56). Bhí Roibeárd Ó Faracháin ceaptha ina stiúrthóir cláracha fén dtráth san (NAI: S3532-B) agus bhí an tAonad Seachtrach Craolacháin, a raibh leithéidí Shéamuis Ennis, Phroinsias Uí Chonluain agus Sheáin Mhic Réamoinn ag obair dó, ag taisteal na Gaeltachta ar thóir seanchais agus saibhris. In ainneoin easpa ábhair agus cé gur mionlach beag a bhí sna héisteoirí a raibh Gaeilge acu, dhein stiúrthóir RÉ ó 1941 go 1947, Séamus Ó Braonáin, cosaint láidir ar an bhfreastal a bhí á dhéanamh ag an stáisiún ar an dteanga (Litir chuig P. Mac Mathghamhna, 13.03.46, NAI S13756). Seanchonraitheoir ab ea Ó Braonáin chomh maith a raibh blianta fada caite sa Roinn Oideachais aige roimh Radio Éireann. Ba údar díomá don mBraonánach agus do Mhaurice Gorham araon an tost bodhraitheach ón bpobal faoi na cláracha Gaeilge. Seachas dornán daoine a dhéanadh gearán faoin ngramadach, a tuairiscíodh, ba bheag suim a léirigh éinne san ábhar Gaeilge (1967: 140).
Casaimis anois go dtí an tarna téama: freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge nó an rogha idir canúintí agus caighdeán (nach raibh ann fós).
Ar cheann de na ceisteanna is mó a thagann chun solais arís agus arís tá an teannas idir freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar fhoghlaimeoirí na teanga, agus cliathánach leis sin, aighneas faoi úsáid na gcanúintí agus an gá le teanga chaighdeánach nach raibh ar an saol fós. Ar aon dul le polasaí an rialtais, bhí dhá chuid i bpolasaí teanga Radio Éireann agus mar sin, roinneadh na cláracha idir ábhar d’fhoghlaimeoirí agus craoltaí a díríodh ar chainteoirí líofa nó Gaeltachta. Tugann Watson an restoration policy (polasaí na hathbheochana) agus an preservation policy (polasaí an chaomhnaithe) ar an dá ghéag sin (2003: 12). Chomh maith le cláracha sonracha d’fhoghlaimeoirí – nár thosaigh go dtí na 1940dí le leithéidí ‘Is Your Irish Rusty?’ agus ‘Listen and Learn’ – ba ionann polasaí na hathbheochana agus cúpla focal Gaeilge a scaipeadh trí go leor cláracha sa sceideal, rud a chuir le stádas siombalach na teanga i measc an phobail agus a mhaireann go dtínár linn féin go pointe (2003: 17).
Tá stair na Gaeilge ar Radio Éireann ón dtús go dtí an lá atá inniu ann bunaithe ar theannas idir an dá ghéag idé-eolaíochta sin agus léiríonn sé an débhríocht a bhaineann leis an bpolasaí teanga. Mar shampla, ó tosaíodh an nuacht Ghaeilge i 1940, spreagadh díospóireacht fhada a mhaireann go dtínár linn féin faoin lucht éisteachta a raibh sí in ainm is a bheith dírithe air agus faoin leagan den nGaeilge ar cheart a úsáid chun í a chur i láthair. Cainteoirí dúchais a léadh an nuacht sna 1940dí sna trí phríomhchanúint agus bhíodh seachtain as trí cinn ag Gaeilge na Mumhan, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge Uladh faoi seach. Ba é ba aidhm leis sin ná polasaí an chaomhnaithe: nuacht i nGaeilge dírithe ar chainteoirí dúchais Gaeilge nó daoine a raibh Gaeilge an-mhaith acu ach spreag an polasaí gearáin go leor, cuid acu ó pholaiteoirí, go raibh an iomarca canúnachais sa Nuacht nó go raibh sí ródheacair chun go dtuigfeadh foghlaimeoirí í. Áitíodh chomh maith gur cheart leagan simplithe nó caighdeánaithe den nGaeilge a úsáid nó fiú gur cheart cuid den dtéarmaíocht chasta a mhíniú roimh ré i mBéarla (Meamram ó Shéamus Ó Braonáin, 28.09.44, NAI S13756). Cé go raibh ardluach ag an bhfíor-Ghaeilge in idé-eolaíocht teanga an tSaorstáit, tharraing ollmheán úrnua an raidió aird ghléineach ar an réaltacht shochtheangeolaíoch nach bhféadfadh an chuid is mó de na héisteoirí an fhíor-Ghaeilge sin a thuiscint.
I gcomhfhreagras ón mBraonánach chuig an Aire Poist agus Teileagrafa sna 1940dí, d’áitigh sé gur cheart Gaeilge na Gaeltachta a chur chun cinn mar leagan údarásach a ndéanfadh foghlaimeoirí na teanga aithris air toisc gur moladh a leithéid d’fhoghlaimeoirí ó thosnaigh an Athbheochan. Dhiúltaigh sé don mholadh go dtabharfaí míniú i mBéarla ar nathanna agus ar fhocail chasta sa Nuacht nó i gcláracha eile:
The general feeling is that it would be undesirable, psychologically and nationally to associate closely “An Nuacht” with anything in the nature of a lesson ... It might have a bad effect outside Ireland to give the news in Irish and, in the same breath, to have to explain it ... It would savour of regarding the Nuacht as a medium for teaching Irish instead of regarding it as a natural use of our national tongue (Meamram, 28.09.44, NAI S13756).
Tá an sliocht seo ríshuimiúil, agus léiríonn sé go bhfacthas an Nuacht mar a bheadh ambasadóir an pholasaí teanga i measc éisteoirí ar an gcoigríoch: ba cheart don raidió a léiriú don domhan mór go raibh teanga dá cuid féin ag Éirinn agus gan an bonn a bhaint den dtuiscint sin trí cheachtanna Gaeilge a dhéanamh de na cláracha nuachta.
Ba chosúil nach rabhthas chun
an rún a scaoileadh leis na héisteoirí
thar lear.
Leanadh den allagar faoin
Nuacht le linn na 1940dí
agus na 1950dí
agus spreagadh
díospóireacht faoi chaighdeán labhartha a fhorbairt ar aon dul leis an gcaighdeán scríofa ar cuireadh tús lena ullmhú timpeall an ama sin. I litir ó Roinn an Taoisigh chuig an Roinn Poist agus Teileagrafa i 1945, mhol Séamus Mag Úgó go raibh sé thar am éirí as na canúintí agus leagan caighdeánach den nGaeilge a chur i bhfeidhm ar an Nuacht ar mhaithe len í a dhéanamh níos soiléire do chách, a maíodh:
Is mithid, dar liom, iarracht a dhéanamh anois ar Ghaeilge chaighdeánach a thabhairt isteach sa Radio – imeacht ón gcanúnachas agus Ghaeilge [sic] dheas shimplí sho-thuigthe a chur ann chomh fada agus is féidir ... Ní bheidh meas choíche ar an nGaeilge an fhad a bheas na trí chanúintí ag coimhlint le chéile agus gan aon chaighdeán ceart cainte inti (Meamram, 04.10.45, NAI S13756).
Ba chosúil uaidh sin gurb é simpliú na Nuachta ar mhaithe le foghlaimeoirí an t-ábhar imní ba mhó ach ní léir gur tuigeadh nach mbeadh leagan caighdeánach den nGaeilge – canúint nua, len é a chur ar shlí eile – aon phioc níos fusa le tuiscint do chainteoirí dúchais nach raibh taithí acu ach ar a gcanúint féin. I meamram chuig de Valera, áfach, thug Ó Braonáin foláireamh go bhféadfadh aon athrú polasaí cur isteach ar éisteoirí Gaeltachta: ‘If we have a more or less standard Irish spoken by a person with no particular pronunciation or blas’, a d’fhiafraigh sé, ‘will any Gaeltacht listen to the Nuacht? If they don’t we no longer cater for what should be our main listening body’ (Meamram, 17.12.45, NAI S13756). Mheabhraigh sé don rialtas nach raibh aon chaighdeán labhartha aontaithe fós agus d’áitigh sé gurb iad na canúintí cnámh droma na Gaeilge.
I 1953 dhein Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge moltaí suimiúla do Roinn an Taoisigh maidir le caighdeáin labhartha a fhorbairt lena n-úsáid ar an raidió. Agus dearcadh éagsúil go maith acu ó Chonradh na Gaeilge, ba chosúil, chuir an Chomhdháil go tréan i gcoinne an chanúnachais ar Radio Éireann:
The present system of having the bulletin a week in turn in each of the three main dialects, with every local peculiarity retained and emphasised, means that many people with acquired Irish find the bulletin extremely difficult to follow, while most native speakers in the Gaeltachtaí find it almost incomprehensible during the two weeks out of three in which it is read in a dialect not their own. Radio Éireann must be the only broadcasting station in Western Europe, and perhaps in the world, which makes a fetish of local dialect ... Irish spelling has been standardised under Government guidance, and a standardised grammar is being prepared by direction of An Taoiseach. Radio Éireann has a duty to follow suit by developing a form of “broadcast-Irish” in which only the pronunciations most easily or widely understood will be used and the more unusual and extreme dialect idioms avoided (Meamram, 27.01.54, NAI S13756).
Is díol suime é gur ghlac eagraíocht Ghaeilge a leithéid de sheasamh sna 1950dí i bhfianaise a threise agus a bhí idé-eolaíocht an chainteora dúchais sa dioscúrsa náisiúnta, ach tá seans go bhfuil baint aige le ról na Comhdhála mar scátheagraíocht do ghrúpaí éagsúla a raibh cuid acu ag tacú leis na daoine sin a dtugaimidne ‘nuachainteoirí’ na Gaeilge orthu anois (Walsh & O’Rourke, 2015). De réir mar a d’fhás gréasáin na nuachainteoirí gob ar ghob le forbairt na teanga sa chóras oideachais, tháinig méadú chomh maith ar an éileamh go dtabharfaí aitheantas dóibh féin agus dá n-urlabhra.
Conclúid
Spreag bunú na chéad seirbhíse raidió in Éirinn, 2RN, go leor ceisteanna idé-eolaíochta maidir leis an nGaeilge: cé mhéad Gaeilge a chraolfaí, cén saghas Gaeilge a labhrófaí agus cé air a dhíreofaí na cláracha, muintir na Gaeltachta nó an pobal mór? Deineadh iarrachtaí éagsúla, thar na blianta, an dá thrá a fhreastal, ach níor réitíodh an teannas sin ar fad riamh.
Tá na ceisteanna seo linn fós cé go bhfuil athruithe móra tarlaithe le 45 bliain anuas. Mar shampla, maidir le ceist an tsoláthair, cuireadh sainseirbhísí Gaeilge ar fáil ar deireadh (Raidió na Gaeltachta agus TG4 ar leibhéal náisiúnta; Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste) agus dá bhrí sin déantar soláthar Gaeilge i bhfad níos mó don bpobal ná mar a dhéanfadh stáisiún atá ag feidhmiú den gcuid is mó i mBéarla.
Ní réitíonn na sainseirbhísí sin ceist na Gaeilge ar na stáisiúin Bhéarla, áfach. Tugadh tacaíocht láidir d’idé-eolaíocht na Gaeilge mar theanga náisiúnta sa tréimhse atá faoi chaibidil agam agus tháinig an Conradh i dtír air sin chun brú leanúnach a chur ar Radio Éireann. Toisc go maireann iarsma d’idé-eolaíocht na Gaeilge mar theanga náisiúnta fós (agus go bhfuil tacaíocht aici ón reachtaíocht chraolacháin), tá dualgas ar gach craoltóir sa tír aitheantas a thabhairt don nGaeilge. Léiríonn taighde atá á dhéanamh faoi láthair ar na stáisiúin Bhéarla nach mbíonn ach c.2% ar an meán de na cláracha i nGaeilge agus gur i lár na hoíche a chraoltar cuid acu (Walsh & Day, 2018). Is fada idir sin agus an uair an chloig de chláracha Gaeilge do pháistí a bhíodh ar Radio Éireann ar a 6 a chlog gach tráthnóna sna 1940í (Meamram ó Shéamus Ó Braonáin, 28.09.44, NAI S13756). Mar a léirigh Watson, faoi na 50dí, bhí 10% de chláracha Radio Éireann i nGaeilge ach lean na gearáin ó Chonradh na Gaeilge agus ó eagraíochtaí eile. Dá mbeadh 10% de na cláracha raidió i nGaeilge sa lá atá inniu ann, is dócha go bhfáilteodh na heagraíochtaí Gaeilge go croíúil roimh an scéal.
Ach fiú agus seirbhísí iomlána Gaeilge ar an bhfód, maireann an cheist faoin gcaighdeán labhartha. Cé gur moladh ‘Lárchanúint’ Ghaeilge sna 1980dí a bhí le húsáid i réimsí ar nós an chórais oideachais agus na meáin chumarsáide (Ó Baoill, 1986), níor glacadh léi go forleathan agus chuir an té a dhein forbairt uirthi a dhíomá in iúl go bhfuair an canúnachas an lámh in uachtar uirthi (Ó Baoill, 2000: 128-129). Anois agus seirbhísí éagsúla raidió i nGaeilge ar fáil, go leor acu dírithe ar chainteoirí nach ón nGaeltacht iad, an bhfuil sé in am filleadh ar an Lárchanúint arís?
Agus ar deireadh tá ceist na comhpháirtíochta, agus an téacs a spreag teideal na haiste seo, ‘An Gael agus an Raidió’. Iarracht a bhí sa phaimfléad sin an Ghaeilge a fhorbairt trí chomhoibriú a chur ar bun idir an Conradh agus Radio Éireann; bhí tacaíocht le fáil ó lucht stiúrtha an raidió ach chabhraíodh an Conradh leo trí ábhar Gaeilge a thairiscint. Tháinig ann do chláracha breise Gaeilge sna 1950dí mar thoradh ar chaidreamh idir Gael-Linn agus RTÉ ((Ní Chinnéide, 2013: 110-119). Níor éirigh go fadtéarmach leis an gcomhoibriú, agus ní dócha go bhfaigheadh na heagraíochtaí Gaeilge éisteacht chomh hoscailte ó gach craoltóir inniu, ach b’fhéidir go bhfuil lón machnaimh i gcoincheap na comhpháirtíochta mar sin féin i bhfianaise a laghad cláracha Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin Bhéarla na tíre.