An Ghaeilge san Áras

An Ghaeilge san Áras

Ó thoghchán 1990, nuair a toghadh Mary Robinson ina huachtarán, is nós le hiarrthóirí ar an uachtaránacht nach bhfuil Gaeilge líofa acu gealltanas a thabhairt go bhfoghlaimeoidh siad í toisc a thábhachtaí is atá sé go mbeadh teanga Bhríd agus Phádraig ag céad saoránach na tíre.

Tá a fhios agaibh an tsean-ealaín.

‘Maith dom é nach bhfuil sí agam, an tseoid luachmhar seo ar cuid lárnach dár bhféiniúlacht í, ach ní fada go mbeidh má fhaighim an ghig mhór’.

Ní hamhlaidh a bhí i gcónaí.

Mheabhraigh an staraí Brian Murphy le déanaí dúinn go raibh díospóireacht ghangaideach faoin nGaeilge le linn fheachtas toghchánaíochta 1966 nuair a d’éirigh le hÉamon de Valera an ceann is fearr a fháil ar Tom O’Higgins, ar thacaigh an Language Freedom Movement leis.

Agus cás na teanga brúite go mór ar leataobh sa saol poiblí ó shin, is beag seans go ndéanfar mórán plé uirthi i mbliana seachas an gnáthphlámás sin faoina thábhachtaí is atá an Ghaeilge dár bhféiniúlacht agus na gnáthghealltanais ó na hiarrthóirí go léir go bhfoghlaimeoidh siad í chomh gasta céanna leis an nGlantosaitheoir is Gasta ar Domhan féin Joe McHugh. Sin má bhíonn sé d’ádh orthu an toghchán a bhuachan, ar ndóigh.

Maidir leo siúd a bhfuil súil acu ainmniúchán a fháil i mbliana, tá ráite cheana féin ag Joan Freeman go ndéanfadh sí ranganna Gaeilge dá dtoghfaí í agus thug an fear gnó agus caidreamh poiblí Gavan Duffy le fios go bhfuil sé chomh ‘tiomanta’ don Ghaeilge go rachaidh sé go dtí an Ghaeltacht chun í a fhoghlaim má éiríonn leis an fómhar seo.

Ar ndóigh, is cainteoir líofa an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus ba dheacair easaontú le háiteamh Brian Murphy nár leag aon uachtarán eile ó aimsir de hÍde an oiread céanna béime ar an teanga.

In 2011, ba é Ó hUigínn an t-aon duine sa rás a raibh Gaeilge líofa aige agus thug an seachtar iarrthóirí eile le fios don Irish Times ag an am go raibh sé i gceist acu í a fhoghlaim.

Eisceacht ab ea an té a tháinig sa dara háit sa toghchán sin, Seán Gallagher. Murab ionann agus an seisear eile, dúirt Gallagher le linn fheachtas na bliana sin go raibh sé tosaithe cheana féin ar na ranganna Gaeilge.

Agus ainmniúchán á lorg arís ag an bhfear gnó do thoghchán 2018, cuirfidh an Cúigiú Colúnaí spéis ar leith sa mhéid a bheidh le rá aige faoi cheist na Gaeilge an babhta seo.

Cén chaoi ar éirigh leis na ranganna?

Cé chomh líofa is atá sé anois seacht mbliana ar aghaidh?