Bliain na Gaeilge agus an Buiséad

Bliain na Gaeilge agus an Buiséad

Ní fada go mbeidh deireadh le Bliain na Gaeilge 2018 agus ba dheacair á áitiú gur chuir an ceiliúradh aon chor mór i scéal na teanga. Mar sin féin, ba chóir fanacht tamall eile go dtabharfar breith cheart ar chúrsaí. An mhí seo chugainn a bheidh lá an scrúdaithe mhóir ann do lucht an cheiliúrtha – Buiséad 2019.

Má tá na polaiteoirí is mó a raibh gleo acu faoi Bhliain na Gaeilge –Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus an Taoiseach féin, Leo Varadkar – fiú leathdháiríre faoin scéal bheifeá ag súil nach ligfeadh an náire dóibh – i mBliain na Gaeilge 2018! – gan ardú suntasach a dhéanamh ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

B’údar iontais a bheadh ann mura mbeadh ardú éigin i gceist, ach seo deis acu beart a dhéanamh de réir a mbriathair agus lucht an amhrais a chur ina dtost, ar feadh tamaill ar aon nós.

Ach cad a bheadh i gceist le hardú suntasach?

I gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta, níorbh fholáir go mbeadh ‘rabhadh sláinte’ ag baint le haon ardú ar an gciste.

De réir taighde a d’fhoilsigh an grúpa Teacht Aniar níos túisce i mbliana, ní ‘fíormhéadú’, mar shampla, atá geallta cheana don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin sa phlean forbartha náisiúnta.

De réir an taighde sin, An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027, bhí an buiséad caipitil ag Roinn na Gaeltachta idir 2006-2017
a dhá oiread níos mó ná mar
atá geallta don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

B’ionann an caiteachas €178 milliún atá geallta do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta as seo go ceann deich mbliana agus níos lú ná leath den chaiteachas – €348.8 milliún –
idir 2006-2016.

Ní foláir cuimhneamh chomh maith, ar ndóigh, gur tréimhse ciorruithe a bhí ann idir 2006-2016, tréimhse inar tháinig laghdú mór ar chaiteachas an Stáit de dheasca na géarchéime eacnamaíochta.

Ach ina ainneoin sin, is é fírinne an scéil, bunaithe ar an bplean forbartha náisiúnta, go mbeidh 2028 ann sula mbainfear amach fiú an leibhéal caiteachais a bhí á dhéanamh ar chúrsaí Gaeltachta in 2008.

Botún a bheadh ann a cheapadh gur tuilleadh maoinithe an t-aon leigheas ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach mar sin féin neosfaidh Buiséad 2019 go leor faoina thiomanta is atá an Rialtas dáiríre do ‘cheiliúradh’ na Gaeilge.