Leabhar na dTráthanna

Dairena Ní Chinnéide

i ndiaidh Rainer Maria Rilke

Fuacht an tí fholaimh
is an uair buailte
clog ag ciorclú ama
an manach istigh
an t-aistear oilithreachta
an bochtanas is bás

tá léann agus leabhar air.

Ar phár uaigneach
mar a ceanglaítear do theanga
is fágtar balbh tú
ar imeallchríoch na samhlaíochta
do ghuth súgánach
an leathanach bán ciúin

ionsaithe ag an Leabhar Gabhála.

Sa tigh folamh
tá lámhscríbhinní chomh lán
le máithreacha na feamannaí
foclaibh ó ghrinneall na mara
greamaithe don gcarraig
ag breith screaptra

mar a bheadh an leabhar breac.

Uair na hachainí
mar uaigneas liath
i súil na stoirme
éiríonn do dhúchas
led ancaire do chur
in uiscí gan tóin

do leabhar urnaí tagtha.

Míorúilt fola do dhán
ag sodar sa doircheacht
d’oilithreacht focail
ag éirí le fuaim ghaoithe
níl tú id aonar
Bríd agus béithe baineann leat

thabharfá an leabhar orthu.

I gciúnas an tí fholaimh
fásann na focail le gach ráithe
mar a bheifeá ag iompar linbh
filíocht id inscne féin
fuinte as aer agus intinn
línte caolaithe, snoite

is tú os cionn do leabhar ar deireadh.

Is ionann féin gach ní
leabhar féd mhéir
carn cnoic scríte
as duibheagán d’anama
is silíní áthais
ionann iomlán na bhfocal

mar Leabhar na dTráthanna.

Pota an Ghoirm

Thugamar scamaill linn
an spéir iata ar nós cuirtín
maidin shamhraidh
mhoilligh rithim an lae
go dtáinig scoilt ghorm
ar fhallaing spéire
cosa na ndéithe
ag tuirlingt go talamh seal
le gathanna solais
a chuirfeadh púicín
ar bhanríonacha na bhflaitheas
ag déanamh faoistin
leis an aer.

Tonnchrith

Tá innealra sa lios
a fhuadóidh cumhacht na sí
diantochailt na n-aineolach
ar thóir cailís na fírinne
eitleoidh mianach na gcianta
amach as an dul chun cinn
a shearbhódh sú talún
díolfar cearta na ndaoine maithe
ar ceant
mar ná fuilid ann
le cur ar taispeáint
astófar aoibhneas na samhlaíochta
mar ná ‘fuil lipéad cuí le cur
ar an dtonnchrith spioradálta
i gcuisle na beatha.

Dairena Ní Chinnéide

Is file í Dairena Ní Chinnéide.