Mo thrua an tiriseoir pinn bocht ...

Mo thrua an tiriseoir pinn bocht ...

markwickham.org

Ar ndóigh bheadh amhras ar aon duine stuama faoi aon ghradaim iriseoireachta nár bronnadh ceann acu riamh ar an gcolún seo, ach bhí iontas ar an gCúigiú Colúnaí mar sin féin nuair a chonaic sé an leagan amach nua ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018.

Níl aon rannóg shonrach ag na gradaim i mbliana chun aitheantas a thabhairt don sclábhaí pinn, bíodh sé ag saothrú ar phár nó ar líne. ’Sea, bíodh nach bhfuil aon cholúnaí na bliana i mbliana ann, ná aon suíomh idirlín na bliana, tá rannóg nua ann do haischlib na bliana ar Twitter!

Is tábhachtaí de réir cosúlachta na haischlibeanna seo, a d’úsáid roinnt céadta duine ar a mhéid, ná na céadta míle focal a scríobhadh ar na foilseacháin chlóite agus ar líne le bliain anuas.

Tá seantaithí ag An Cúigiú Colúnaí ar an iriseoireacht scríofa a bheith fágtha in áit na leathphingine, ach is deacair dósan fiú an meon seo a thuiscint.

Céard faoi na rannóga eile? Is le croí trom a thugann An Cúigiú Colúnaí a rogha i mbliana…

Tá cúpla clár deas istigh ar an rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ an geábh seo, ach is do GAA Nua, an clár Gaeilge is fearr a craoladh ar RTÉ le tamall maith de bhlianta, a thabharfadh an Cúigiú Colúnaí an gradam. Beidh géariomaíocht ann don ghradam clár/scannán teilifíse na bliana agus Murdair Mhám Trasna, Rocky Ros Muc, Song of Granite agus Anseo i Lár an Ghleanna ainmnithe don duais. Mar sin féin, ba dheacair gan an gradam a thabhairt do Murdair Mhám Trasna, sárchlár faisnéise a chabhraigh le pardún iarbháis a fháil ón Uachtarán d’fhear a crochadh san éagóir.

B’fhéidir go bhfuil éagóir á déanamh ag an gCúigiú Colúnaí ar na cláir eile atá ainmnithe do shraith raidió na bliana ach ó tharla nach mbíonn sé ag éisteacht leo chaithfeadh sé an gradam a thabhairt d’Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a bhíonn thuas seal thíos seal. Is í Helen Ní Shé ár rogha mar ‘phearsa raidió’ na bliana, cé nach oiriúnach teideal an ghradaim don tsárobair a rinne sí i mbliana ar leithéidí na n-agallamh a chuir sí ar Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná a bhí thíos leis an scannal CervicalCheck.

Is deacair rogha a dhéanamh maidir leis an rannóg ‘Iriseoir na Bliana’ mar ón mbeagán a thuigimid faoi chóras an Oireachtais is do shaothar áirithe ar leith iriseoireachta a bhronntar an duais seo agus más ea ní heol dúinn na saothair atá i gceist. Is láithreoirí iontacha iad Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Cormac Ó hEadhra agus níl sárú Shéain Mhic an tSíthigh le fáil sa tír mar iriseoir físe, ach bhí cúpla scúp deas ag Cóilín Ó Neachtain ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le bliain anuas agus b’fhéidir gur aigesean a bheidh an bua.

Is dócha gurb é #nílsécgl a thabharfaidh an svae léi sa rannóg nua ‘Feachtas Meán Sóisialta na Bliana’.

Níl sé ceart go leor,
go deimhin.