Urnaí an Leannáin Sí

Dairena Ní Chinnéide

Dairena Ní Chinnéide

I

A leannáin sí is é do bhí id bhéal
ná craiceann an éisc
lúb luafar thar dhromchla cneasa
bearnaí i léarscáileanna ár n-anama
ag dul ar fóraoil le bratacha troma le dúil
eitlímid is ní fios dúinn tuirlingt
go scaoilimid ár sruth
caol le caol agus leathan le leathan
ar chláracha ár ndroim allasach
dulta amú le mianta
lán go barra de mhil ár n-aithne

II

A leannáin sí is é do bhí id bhéal
ná feoil an éisc
tabhartas ar altóir ársa
blas searbh na fírinne
leochaileach ar nós sciathán síoda
mothálach, meidhreach, mánla
sinn crochta idir scamaill
ag smearadh dubh le geal
is trom ár luí
in éadan saoil
sula sroiseann ár mbreac port


III

A leannáin sí is é do bhí id bhéal
ná cnámha an éisc
brúite go briosc ar do theanga
béal báite
tréigthe ar nós fothrach na bhfailltreacha
a thiteann eadrainn dís
fíochmhar ar nós ainmhithe fiáine
beirimid greim ar a chéile
dóite i ndufair ár staire
ag aiséirí mar a bheadh péire peidhleacán
ar mhuin gaoithe

IV

A leannáin sí is é do bhí id bhéal
ná aisling an éisc
taoscán de theaspach na haithne
tairngreacht i lúibín tuathail
na síscéalta is na scáthscéalta
a mhaisíonn sinne ar nós smidiú
sméar bhlasta dhearg dhorcha
meirgeacht ár gcuid fola
smiotaithe ag scian dhubh ár gcairdis
teanntaithe ag tiarnúlacht na réamhinsinte
ag fás aníos inár gcrann fáistine.
..................................................................

Dairena Ní Chinnéide

Is file í Dairena Ní Chinnéide.