Cleamhnais, creideamh agus cumannachas
Fear gan aon chreideamh ab ea George Thomson, ach dream cráifeach a rinne cumannach de, a deir Kevin Hickey
Más duine neamhspleách a chuirtear os ár gcomhair sa leabhar An tOileánach, is duine é a mb’éigean dó géilleadh do nósanna na linne maidir le “cleamhnaistí”. Cuirtear an-suim san amhrán a dúirt Tomás Ó Criomhthain oíche a bhainise. ‘Caisleán Uí Néill’ is ainm dó agus tá dhá líne ann a dtugtar suntas dóibh ó thaobh scéal Thomáis. Is é a deirtear sna línte sin: ‘Agus fóraoir tinn géar dubhach tá an saol so/A’ teacht idir mé agus tú’.
Tuigtear gur bean ón Inis a bhí ó Thomás seachas an bhean a phós sé, agus gur ag cuimhneamh ar an mbean eile úd a bhí sé nuair a chan sé an t-amhrán seo. Is fiú a rá nár dheimhnigh sé féin an méid sin, ach díol suntais é, b’fhéidir, gur bheartaigh an Seabhac gan an cur síos ar an amhrán seo, ná an t-amhrán féin, a chur isteach sa chéad eagrán den Oileánach, eagrán a chuir sé in eagar chun foilsitheoireachta sa bhliain 1929. A mhalairt a rinne Pádraig Ua Maoileoin, garmhac Thomáis, san eagrán a chuir seisean in eagar agus a foilsíodh sa bhliain 1973.
Rud eile nár mhiste a rá faoin amhrán is ea gur leis an gcailín san amhrán na focail thuas. Is focail iad a deir sí leis an bhfear tar éis di an méid a gheall seisean di cheana a mheabhrú dó agus a chasadh leis. An gearán a chuirtear i mbéal an chailín san amhrán, d’fhéadfadh cailín na hInse an gearán ceannann céanna a dhéanamh ar Thomás, agus is mar gheall air sin a thuairimítear gur ‘thar ceann an chailín a bheadh an t-amhrán á rá ag Tomás…agus é á chúisiú féin ina mhídhílseacht’ (an tOllamh Cathal Ó Háinle, Scáthanna).
Mar a thuigfeadh an léitheoir faoi seo, cleamhnas a bhí i bpósadh Thomáis, socrú a bhí coitianta faoin tuath ag an am, ach socrú a théadh dian ar dhaoine uaireanta.
Mar seo a labhair Nell Ghobnait Uí Shé (N) le Mícheál de Mórdha (MM) faoin gcleamhnas, comhrá a bhfuil cuntas aige air ina leabhar Scéal agus Dán Oileáin:
N: …cúpla cailín a tháinig amach ar an dtaobh so, deineadh cleamhnas dóibh alright…
MM: Ach dáiríre, níor mhaith leo an cleamhnas, is dócha?
N: Bhuel is dócha, bhí sé cruaidh orthu, abair, teacht amach agus an fear so a phósadh. Sin é an chuma a bhí ag mo mháthair leis, sea, deineadh cleamhnas di. Cheap sí go b’é an deartháir Maidhc a bhí sí chun a phósadh in ionad Pheats Shéamais go dtí an mhaidin a bhí sí ar an altóir. Sin é an uair a fuair sí aithne air. Ach ná raibh sé sin cruaidh uirthi sin?
MM: Phós sí an fear mícheart mar sin!
N: Phós sí an fear mícheart!
Ní hí gach bean a ghéill don nós seo, áfach. Labhraíonn Tomás Ó Criomhthain ar chailín nach raibh le fáil ‘beo ná marbh’ maidin na bainise aici ach a facthas ag dul siar go Dún Chaoin nuair ba cheart di bheith ag bualadh soir:
‘Do cuireadh capall agus marcach sa tsiubhal chun teacht suas léi ach ar theacht chun Dúnchaoin do, bhí sí seolta go dtí an Blascaod i mbád a bhí ag dul ag iascach. Níorbh fhada do bhí sí age baile san am gur sheol sí amach arís le fear dob ansa léi ná an chéad fhear. Níor mhór ar fad a lean iad toisc go raibh beagán aitis insa chúrsa aca. Níor lean aenne an cailín…’ (Ó Criomhthain, 1929).
Bean eile a thuig a hintinn féin – cé gur ceapadh a mhalairt ar dtús – ab ea Máire Pheats Tom Ó Cearnaigh, a d’éirigh an-mhór leis an scoláire George Thomson, a tháinig chun an Oileáin den chéad uair i 1923. Deirtear go raibh éileamh ag an mbeirt acu ar a chéile; is cinnte go raibh Thomson an-tógtha go deo le Máire ach go háirithe. Fear gan aon chreideamh ab ea Thomson, áfach, agus ba dhóigh leat nárbh aon chabhair dó an méid sin i measc daoine cráifeacha, spioradálta.
Má bhí cúrsaí creidimh ag dó na geirbe ag Máire, áfach, ní ar an gcuma a taibhsíodh do dhaoine ar dtús é, mar a mhínigh a deartháir, Seán Pheats Team, do Mhícheál de Mórdha. Dar leis-sean nach raibh ach rud amháin i gcroí Mháire a d’fhág nach mbeadh sí féin agus Thomson oiriúnach dá chéile:
‘Sé an rud a bhí ina hintinn sin ó bhí sí an-óg – dul sna mná rialta agus ní chaith sí as a ceann riamh é nó go gcuaigh sí isteach iontu…Sin é ansan a chuir bun os cionn ar a chéile iad’ (de Mórdha, Scéal agus Dán Oileáin).
Cé go raibh a bheannacht tugtha ag a hathair roimhe sin do Thomson agus don chumann eatarthu, níorbh é a bhí i ndán dóibh, más ea. Go Springfield, Massachusetts, a chuaigh Máire ina dhiaidh sin, mar a ndeachaigh sí isteach sna mná rialta. Bhí sí an-sona ann de réir scéil. Maidir le Thomson, má chuaigh an méid sin dian air ar dtús, phós sé go sona sásta roinnt blianta ina dhiaidh.
Cumann de shaghas eile a mheall Thomson ina dhiaidh seo nuair a chonaic sé an chabhair agus an tacaíocht a thugadh muintir an Oileáin dá chéile ó lá go lá agus an tslí a roinnidís a gcuid lena chéile go cothrom agus go fial flaithiúil. Cuid lárnach dá ngíomhaíochtaí laethúla ab ea comhar na gcomharsan, mar a mhínigh Breandán Feiritéar:
‘Mhair muintir an Bhlascaoid Mhóir ar scáth a chéile. Ní raibh aon dul as sin ach oiread. Bhí cabhair gach éinne riachtanach chun na báid saighne a chur ar snámh nó a thriomú, le hainmhithe a luchtú isteach agus amach agus chun fómhar na mara agus na talún a thógaint. Bhí rialacha daingne pobail acu chun go mairfeadh an pobal’ (Feiritéar, ‘Deireadh an Áil’, Ceiliúradh an Bhlascaoid 8).
Luigh an dearcadh saoil sin lena gcreideamh, ar ndóigh, agus ba dhream an-chráifeach iad na Blascaodaigh, faoi mar a dheimhnigh Máirín Ní Dhuinnshléibhe Uí Bheoláin do Mhícheál de Mórdha. Chuireadh na hiascairí, go háirithe, an-mhuinín as Dia, a dúirt sí, ‘mar bhíodar ag brath air’ agus iad ag cur chun farraige. Lena chois sin, ‘deirtí an Choróin Dé Domhnaigh ins gach aon tigh istigh’, na mná go mórmhór á rá (de Mórdha, Scéal agus Dán Oileáin).
Dar leis an scoláire béaloidis, an Dr Pádraig Ó Héalaí, ‘Ba í an bhunchloch ar a raibh creideamh na nOileánach daingnithe air ná an tuiscint gurb é Dia an cruthaitheoir, bronntóir na beatha agus máistir an tsaoil seo’, rud a raibh ‘tionchar bunúsach’ aige ar a ‘saoldearcadh’ (Ó Héalaí, Oidhreacht an Bhlascaoid, 1989).
Ba iad seo an dream ar éirigh an scoláire George Thomson chomh tógtha sin leo agus a chuir i dtreo an chumannachais é, shílfeá – ar bhonn teoirice ar a laghad ar bith. Ar ndóigh, níorbh aon eisceacht iad muintir an Bhlascaoid ó thaobh an chreidimh de; bhí an chráifeacht agus an phaidreoireacht comónta in Éirinn na linne sin, go mór mór faoin tuath. Más fíor, áfach, nach minic creideamh agus cumannachas i dteannta a chéile, ba é an comhar a bhain le muintir an oileáin is mó a thaitin le Mac Tomáis agus a mheall é chun a ndearcaidh saoil. Mar a dúirt an scríbhneoir Robert Kanigel, ‘Of all George’s experience of the island, it’s communitarian ways may have left the deepest mark…..he’d found on the Great Blasket something more, something originally quite new to him – a sense of its collective spirit’ (Kanigel, On an Irish Island).
Faoin am a raibh Thomson ag fáil máistreachta ar an teanga, bhí cúlú eacnamaíochta ann in Éirinn, sa Bhreatain, san Eoraip agus i Meiriceá, agus dúshlán aonaránachas an chaipitileachais á thabhairt. I leabhair agus i saothair ealaíne le leithéidí John Steinbeck agus Diego Rivera, léiríodh fir agus mná ag obair as lámha a chéile, ag tógáil, ag déanamh cúraimí tí agus talún le chéile - agus léiríodh an uaisleacht a bhain leis an méid sin. B’fhacthas do Thomson go raibh an comhar céanna le fáil i ndáiríre i measc an phobail sa Rúis tar éis dó cuairt a thabhairt ar an tír sin i 1935. Mar a dúirt Kanigel, ‘To George, communism bore the lingering sweetness of social and communitarian ideals he had tasted in the Blaskets’ (On an Irish Island).
Go luath ina dhiaidh seo (1935), chuaigh Thomson isteach sa Pháirtí Cumannach.
Cé gur mhúnlaigh cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta na linne a dhearcadh saoil, más ea, ba ar an mBlascaod a cuireadh an síol an chéad lá riamh, de réir dealraimh.
Más parthas de shaghas a shamhlaigh cuairteoirí áirithe leis an mBlascaod agus le saol an Bhlascaoid, agus má mheall an méid sin isteach iad, is ‘amach’ go dtí an mhíntír a théadh na hoileánaigh féin, dála gach pobail oileáin. Is caint í sin ar díol suntais í mar sin féin, mar a mhínigh Danny Sheehy, trócaire air:
‘Deirtear ag dul isteach agus a bheith istigh ar an oileán. Tá cúngú, dúnadh isteach agus daoirse ag baint leis an gcaint sin. A mhalairt sin atá i gceist le dul amach agus a bheith amuigh. Tá fairsinge agus saoirse ag baint leis seo.’
Chuir fear Bhaile Eaglaise aguisín lena chuid, áfach: ‘Ní raibh agus níl na daoine a mhaireann sna ceantracha seo cúngaigeantach ach a mhalairt mar tá siad fáilteach, mórchroíoch, físeach agus fadradharcach’ (de Mórdha, Scéal agus Dán Oileáin).
Ba dhóigh leat gurbh iad na suáilcí sin a thug ar George Thomson a cheapadh go bhféadfaí fís an utopia shóisialaigh, chumannaigh a chur i gcrích an chéad lá riamh.