An Muince Dreoilíní

Caitríona Ní Chléirchín

Caitríona Ní Chléirchín

Is é an dán is fearr liom de chuid Michael Hartnett ná ‘An Muince Dreoilíní’ a scríobh sé do Mhícheál Ó Ciarmhaic. Díríonn an dán ar bhua agus ar cheird na filíochta. Is ceird í a ‘éilíonn ómós’ dar leis an fhile ach a bhfuil céasadh ag baint léi. Cuireann Hartnett an céasadh aigne in iúl le híomhá thar a fisiciúil de na dreoilíní ag tuirlingt ar a ucht agus dá ghortú lena n-ingne: ‘is d’fhág a n-ingne forba orm/nár leigheasadh fós’. Tá an-chumhacht ag baint leis an íomhá de na forba a léiríonn an phian shíceolaíoch a d’fhulaing an file ó aois an-óg. Dar ndóigh, ba chomhartha a bhí sna dreoilíní a thuirling air go raibh sé le bheith ina fhile de réir an bhéaloidis mar a mhínigh a sheanmháthair dó nuair a tharla an eachtra seo dó. Tháinig an tuar faoin tairngreacht leoga agus file eiseamláireach ab ea é.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Caitríona Ní Chléirchín

Is file agus scoláire í Caitríona Ní Chléirchín