Bhí rós ar ghualainn chách...

Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Bhí rós ar ghualainn chách...

markwickham.org

Spailpín macánta uasal ab ea Micheál Ó hAirtnéide, a deir Ailbhe Ní Ghearbhuigh, buaiteoir Ghradam Filíochta Mhichael Hartnett 2019

Do thál bó na maidine
ceo bainne ar gach gleann
is tháinig glór cos anall
ó shleasa bána na mbeann.

Chonaic mé, mar scáileanna,
mo spailpíní fánacha,
is in ionad sleán nó rámhainn acu
bhí rós ar ghualainn chách.

Nuair a léitear ‘Fís Dheireanach Eoghain Rua Uí Shúilleabháin’ amach os ard, blaistear manglam fileata sa bhéal: gutaí fada maorga, défhoghair mheala, rímeanna milse, ailbheolacha. Nochtadh físe atá sa dán agus is cumhachtach an íomhá í: na fir ag éirí aníos ó cheobhrán na maidine. Samhlaímid Eoghan Rua i ndeireadh na feide, ceo an bháis ar a shúile nuair a cloiseann sé glór cos: saighdiúirí, nó óglaigh is túisce a rithfeadh linn. Cérbh iad spailpíní fánacha Eoghain Rua? Na filí a fágadh ar an trá fholamh nuair a thráigh taoide na pátrúnachta, b’fhéidir. Nó an chosmhuintir ar cuireadh as seilbh a gcuid talún iad, agus a raibh orthu dul i muinín an tsleáin nó na rámhainne. Sa bhfís dheireanach seo ag Eoghan Rua, ní gunna ná spád atá á iompar acu ach rós, siombail an ghrá, na síochána, na háilleachta. I dtraidisiún na Críostaíochta – traidisiún a raibh an-chur amach ag Ó hAirtnéide air – seasann an rós do shuaimhneas na bhflaitheas. Tuigtear dúinn gur thug fís seo na spailpíní fánacha sólás d’Eoghan Rua agus é ar leaba a bháis.

Tagann an spailpín fánach i láthair i ndánta eile leis an Airtnéideach. Is ionann obair an fhile agus obair an spailpín araon in ‘Dán Práta’: ‘Inniu chuir mé mo dhánta, / aoileach, scian, scealláin: an pháirc mo phár bán, / an rámhainn mo pheann.’ Sa dán fada faoin gcumadóir ceoil Fionlannach ‘Sibelius in Silence’ feicimid spailpíní eile agus ualach i bhfad níos troime á iompar acu: ‘nomads straggling / from the barricading Urals / bearing on their backs and horses / children, language, and utensils, / god and legends.’ Cúram clainne, dualgas teangan, uirlisí oibre, agus caomhnú na hoidhreachta atá ina ualach ag an spailpín anseo. Ina chuid aistriúchán ar shaothar Uí Bhruadair, Haicéad agus
Uí Rathaille, is féidir linn a a rá go raibh Mícheál Ó hAirtnéide ag déanamh cúraim den traidisiún Gaelach, á sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile, cloch ar leith, i measc na gcloch eile a d’fhág sé le carn na hoidhreachta. Saothar macánta spailpín uasail.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

File agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Ailbhe Ní Ghearbhuigh.