éinín / francach

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

an éinín atá ag bíogadh sa sceach – nó francach

an staycation é seo nó tamall sa charcair

an leanfaidh an mhuir ag tuileadh is ag trá

an gcífear go brách an samhradh bán

an fearr do ghnúis a chumhdach feasta

an bhfuil masc aghaidhe anois sa bhfaisean

an éisteann tú le bachlóga ag péacadh

’bhfuilir gafa le bratbhuamáil na nuachta

ar thug tú leat do leabhar ciondála

an roinnfeá liom sciar den cháca

an dream béal dorais, ar thugais faoi deara

iad ag sárú rialacha oíche is maidin

seachain seanóirí agus seachain aosánaigh

fainic anois an tsíocháin bhradach

sáil agus barraicín timpeall an tí

bardaí an ospidéil ag cur thar maoil

’bhfuil pictiúr den sourdough in airde ar Insta

is do chleachtas ióga ina údar gaisce

an luíonn an imní mar ualach ar d’ucht

’bhfuilir ullamh don tubaiste atá le teacht

an raibh an ceart ag cearc an phrompa

nó ’bhfanfaidh an spéir in airde tamall eile

– agus an baol dom thú a chréatúir, a dhuine?

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

File agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Ailbhe Ní Ghearbhuigh.