Rousseau i mo Chlós

Rousseau i mo Chlós

Ríona Ní Churtáin

Is é an dán a roghnaigh mé ná ‘Rousseau i mo Chlós’. Foilsíodh dán seo an Airtnéidigh ar Comhar i mí na Samhna 1978, agus arís sa leabhar Adharca Broic, a foilsíodh an bhliain chéanna agus arbh é a chéad chnuasach filíochta i nGaeilge. Tiomnaíodh an dán do Chlíodhna Cussen, ealaíontóir as an gCaisleán Nua Thiar. De réir Róisín Ní Ghairbhí, ba thréimhse í seo ina raibh Ó hAirtnéide “[...] gar arís don dúlra agus dá ‘mhuintir’ in Iarthar Luimnigh”, agus moltar áilleacht an cheantair sin go hard sa dán seo. Cuireann an tAirtnéideach Teampall an Ghleanntáin i gcomparáid le háiléar ina bhfuil saothar ealaíontóirí cáiliúla ar taispeáint. Is as Iarthar Luimnigh ó dhúchas mé, agus is breá liom an ‘cnuasach ealaíne’ ó m’áit dúchais a chuireann an tAirtnéideach
os ár gcomhair.

Meabhraítear dúinn sa dán seo gur minic a bhaineann áilleacht, agus b’fhéidir tarchéimnitheacht, le gnáthimeachtaí an tsaoil. Mar shampla, samhlaítear teacht an gheimhridh, agus an fuacht a ghabhann leis, le saothar Rodin agus Picasso. Cuireann na línte, ‘Maisíonn Picasso m’fhuinneog le sioc gach bliain ...’

tréimhse ghorm (Blue period/ Período Azul) Picasso i gcuimhne dom. Is féidir íomhánna áille a phéintéireachta a shamhlú agus iad ag teacht go mall as gorm an tseaca. Snoíonn Rodin ‘Míorúiltí as sneachta/ le scian ghaoithe’, íomhá eile a thaitníonn liom: braitear an ghoimh sa ghaoth láithreach nuair a chuimhnítear ar fhaobhar scine, ach is é an fuacht feanntach céanna atá freagrach as radharcanna áille an gheimhridh, na ‘míorúiltí’ atá sa sneachta.

Déantar tagairt do shaothair Modigliani sa dán chomh maith:

Leagann Modigliani lámh

ar ghéag gach crainn [...].

Is iomaí pictiúr le Modigliani a d’fhéadfaí a nascadh leis na línte seo. Cuireann siad na muiníl fhada a phéinteáil Modigliani i bportráidí áirithe dá chuid i gcuimhne domsa, agus is féidir cruth álainn na nduilleog a shamhlú le haghaidheanna fíoráille na ndaoine sna portráidí céanna.

Luaitear crainn arís sa cheathrú véarsa: deirtear linn go dtagann Rousseau san Earrach agus go gcuireann pobal a aigne fúthu i ngach crann:

San Earrach tagann Rousseau

an Afraic ina cheann:

Cuireann pobal a aigne fúthu

i ngach crann:

ó gach fuinseog

tagann ceol,

codlaíonn giofóg

seasann leon. [...].

Cuimhním ar íomhánna na dufaire i saothar Rousseau nuair a léim na línte sin, agus is breá liom na héin a shamhlú agus iad ag eitilt thar áiteanna dá leithéid chugainn. Tuigtear domsa gur tagairt don phictiúr La Bohémienne endormie/ The Sleeping Gypsy le Henri Rousseau an dara cuid den véarsa seo, agus gurb í leochaileacht an dúlra san earrach atá i gceist leis an tagairt sin, b’fhéidir.

Is éasca na réaltaí a fheiceáil istoíche i dTeampall an Ghleanntáin toisc gur ceantar tuaithe é, agus samhlaítear an spéir sin leis an tsíleáil Shistíneach:

Bíonn síleál Sistíneach os mo chionn

a bhreac Michelangelo.

Tá cónaí orm sa chathair anois, áit ina bhfuil ealaín den scoth ar taispeáint, ach spreagann filíocht seo an Airtnéidigh mé chun cuimhneamh ar áilleacht nádúrtha m’áit dúchais.