Sochaí Shioctha

Sochaí Shioctha

Sionainn Ní Ghréacháin

Clúdaíonn brat bán na bóithre

Gach bealach mór is aicearra

Gach poll is póirse

Is dúnta doirse

Lucht díolta ár bhflúirse

Bídh is dí

Is smaointím:

‘Easpa bainne is builíní aráin -

Nach soineanta an tuiscint againn ar an bhfocal gann?’