Eagarfhocal

Comhar tagtha slán

Ní fiú ann iris macasamhail Comhar mura bhfuil pobal aici.

Féadfaidh duine easaontú faoi líon na léitheoirí ba cheart a bheith ag aon iris, ach mura bhfuil pobal de shaghas éigin ag foilseachán is deacair, dá fheabhas é, a bheith ag áiteamh gur fearr ann ná as é.

Chruthaigh an chonspóid maidir le moltaí Fhoras na Gaeilge go bhfuil pobal ag Comhar, idir léitheoirí agus scríbhneoirí, a chreideann gur fiú ann an iris seo.

In am an ghátair a bhraitear an chabhair agus táimid faoi chomaoin mhór ag gach duine a labhair go feilmeanta ar son Comhar nuair a bhíothas ag bagairt í a ruaigeadh ar líne amháin agus leath dá maoiniú a bhaint di ar a bealach ann.

B’ionann é sin, mar a dúirt Cathaoirleach Bhord Comhar, agus deireadh a chur leis an iris a tháinig ar an bhfód aimsir an dara cogadh domhanda.

Ach sheas pobal Comhar an fód go maith agus fuarthas an dea-scéal le déanaí go bhfuil deireadh curtha ag Foras na Gaeilge leis na moltaí i dtaobh na meán a rinneadh i gcáipéis chomhairliúcháin de chuid na heagraíochta.

De réir na tuarascála faoin bpróiseas comhairliúcháin a d’eagraigh an foras teanga, ní raibh ach duine amháin a ghlac páirt ann ar son na moltaí céanna.

Lena gceart a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge níor dheineadar neamhaird ar an bpróiseas comhairliúcháin nuair nach bhfuaireadar an toradh a bhí uathu, rud a tharlaíonn go minic i gcásanna mar seo.

Údar misnigh dúinn an méid sin, ach ní hé seo tráth an cheiliúrtha ná baol air.

Léirigh an scéal seo a neafaisí agus a d’fhéadfaí deireadh a chur le saothar 80 bliain nach mór.

Dá mba dhream lucht Comhar a bhí réchúiseach iontu féin ní bheadh an iris seo a bunaíodh i 1942 fós ar an bhfód.

Maidir lena bhfuil i ndán do na meáin scríofa i nGaeilge feictear dúinn gur gá a bheith uaillmhianach agus réalaíoch in éineacht.

Déanfaimid ár ndícheall cur le líon na léitheoirí atá ag Comhar – tá an dualgas sin orainn – ach ní ghéillfimid don chur i gcéill go bhfuil pobal mór eile ansin amuigh a chuirfeadh suim in iris litríochta agus polaitíochta i nGaeilge ach an iris sin a chur in oiriúint dóibh.

Is minic gur cúl le prionsabail agus le pobal an toradh a bhíonn ar an obair sin.

Idir an dá linn, b’fhéidir go ndéanfadh sibh gar amháin eile dúinn.

Abair leis an té a mbeadh spéis aige inár scéal gurb ann dúinn i gcónaí.