Ceacht Staire ar mhaithe le Noel Grealish agus Verona Murphy

Simon Ó Faoláin

En mon pays suis en terre lointaine

VILLON

Thánamar aniar

gan colún scamaill mar threoir,

thánamar aneas

gan colún lasrach mar chompás

‘Warning: no more migrants here!’

Tháinig fir

an pharóiste ar cuairt ar dtús,

chonacadar

an talamh geallta, síoda glas

Dúradar

an choróin Mhuire ar a nglúine

os comhair

dhealbh Naomh Pádraig ag Teamhair

‘People being brought...through migration

schemes were no asset’

Bhogamar

ann is chrom ar dhul

i dtaithí ar

chéacht, ar chapaill, ar easpa asal

Ar dtús chuireamar

an chruithneacht ró-dhoimhin

is theip ar

an bhfómhar, níor tháinig an geamhar

‘Wake Up! Remember there is a cuckoo in the nest!’

Ach bhíomar

rólíonmhar, an fheirm róchraptha:

cloch chora ar

an mbealach anonn go Sasana

I Leeds, i mbeár,

bhíos ag canadh ‘An Caiptín Ó Máille’

nuair a bhéic an t-úinéir

‘No fuckin’ Paki music in here!’

‘The time is obviously overdue when some...

Should be sent back to where they come from’

‘Cén pictiúr

a fheiceann tú ar dhúnadh do shúile?’

‘An bóthar,

an bóthar a shiúlainn...’

Nóta: Ó nuachtáin áitiúla na 1930idí agus 1940idí a thagann na giotaí Béarla idir na ranna sa dán seo. Ráitis iad a dúirt an Teachta Dála Patrick Giles sa Dáil nó a bhain le graifítí. Bhaineadar ar fad le bunú Ghaeltacht na Mí.

Simon Ó Faoláin

Is file é Simon Ó Faoláin.