Fá mo dhéin 

Táim teanntaithe

Teanntaithe idir tú agus teorann ár leapa

Ag breathnú na mbraonta brothaill

a shileann síos pána gloine do dhroma ghil

Go fiar

Gach ribe ina cholgsheasamh

Táim ag bárcadh allais

Ó log na n-ioscaidí

Mar a luigh do phóg

Is a stóirín táimse sách

Is a stóirín táimse súgach

Idir meirbhe is suaimhneas

Ach seo chugam faoi mo dhéin thú

Cuachta idir dhá leis lúbach

File agus scoláire í Caitlín Nic Íomhair