An bhfuil a mhójó caillte ag Leo Varadkar?

Máirín Ní Ghadhra 
An bhfuil a mhójó caillte ag Leo Varadkar?

rollingnews.ie

Ceann de na deacrachtaí is mó atá ag an Taoiseach ná nach bhfuil aon bhrú dáiríre á chur air ag an bhfreasúra, a deir Máirín Ní Ghadhra

Caithfidh mé a admháil nach mbím ag faire ar Operation Transformation ach, ba léir nuair a bhí an Taoiseach ar an gclár le gairid go bhfuil mé ar dhuine den bheagán nach mbíonn. Tugadh Leo Varadkar, atá an-bhródúil as a fholláine agus a aclaí agus atá sé, isteach le tástáil a dhéanamh ar a aois meitibileachta. Ba léir don dall gur cuireadh iontas an domhain air nuair a dúirt an tástáil 53 in ionad 40, an aois atá sé dáiríre.

Buille eile don Taoiseach atá faoi bhrú leanúnach anois le scaitheamh. Ainneoin a chuid ráiteas faoi chomh daingean agus diongbháilte agus atá an tAontas Eorpach maidir lena dtacaíocht do chás na hÉireann faoin teorainn níl lá dá dtéann thart nach mbíonn údar amhrais ann go gclisfidh ar an tacaíocht sin nuair a thagann an crú ar an tairne. Cuir leis sin an éiginnteacht i ngach earnáil den saol a bhaineann leis an mBreatimeacht. Níl a fhios ag aon duine céard a tharlóidh. Ní féidir buille faoi thuairim féin a thabhairt. Is féidir a bheith cinnte má imíonn an Bhreatain leo gan aon socrú a bheith déanta go mbeidh tionscail go leor sa tír seo buailte. Agus ní gá gur cois teorainn a bheidh siad ar fad. Tá tuairim mhaith ann go mbeidh tionchar tubaisteach ag a leithéid ar an eacnamaíocht agus an ráta dífhostaíochta. Ó thuaidh agus ó dheas. Cé hiontas go bhfuil an aois ag teacht ar Leo?

Brian Cowen a dúirt gurbh ionann an Roinn Sláinte agus Angóla. Fuair Leo Varadkar amach sciobtha go maith agus é féin sa roinn sin go mbíonn deacrachtaí go leor le sárú ann. Ní raibh sé ach dhá bhliain ina Aire Sláinte ach tá na deacrachtaí leanúnacha sa Roinn mar chrois le hiompar aige i gcónaí. Agus ar bhealach éigin, is mó olc a bhíonn ar dhaoine leis mar gheall ar fhadhbanna sa Roinn Sláinte. Ó tharla gur dochtúir é? Ó tharla gur dochtúir é a gheall deireadh a chur le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte agus nár éirigh leis? Ó tharla gur dochtúir é a bhfuil nós aige a bheith beagán béalscaoilte? Spreag a chuid cainte faoi shocruithe uainchláir in ospidéil na tíre faoi Nollaig fearg go leor, mar shampla.

Taca an ama seo anuraidh ní raibh an oiread tacaíochta riamh ag aon Taoiseach. Óg fuinniúil, beagán cúthail. D’éirigh leis íomhá láidir a chruthú dó féin leis na reifrinn faoin bpósadh comhghnéis agus faoin nginmhilleadh. Bhí an pobal sásta leis an seasamh láidir in aghaidh na teorann. Ní fiú agus go ndearna an scannal faoin gcaoi ar láimhseáladh cás Maurice McCabe an oiread sin dochair dó. Ó shin i leith tá an loinnir imithe de, áfach.

Tá cúrsaí sláinte i lár an aonaigh arís. Léirigh an tacaíocht láidir do na haltraí le gairid fearg an phobail mar gheall ar an gcóras mífheidhmiúil. Tá imní ar dhaoine faoin mBreatimeacht agus céard a chiallóidh sé don tír. Níl an oiread muiníne agus a bhí sa rialtas. Ceann de na deacrachtaí is mó atá aige, dar liom féin, nach bhfuil aon bhrú dáiríre á chur air ná ar a rialtas ag an bhfreasúra. Tá cinneadh déanta ag Fianna Fáil nach dtabharfaidh siad dúshlán an rialtais nó go mbeidh an Breatimeacht socraithe. Cé go bhfuil gleo go leor ag Sinn Féin, ní léir go bhfuil siad ag dul i gcion ar an bpobal.

Deirtear i measc lucht na bpobalbhreitheanna nach ndíríonn an pobal ar cé dó a dtabharfaidh siad tacaíocht go dtí go mbíonn toghchán ar an mbealach. Agus is gearr go mbeidh an pobal ag díriú ar thoghcháin áitiúla agus Eorpacha. Tá Leo Varadkar sách fada i gcathaoir an Taoisigh nach maithfear a chuid peacaí ar fad dó. Agus tá Fine Gael an fhad sin i gcumhacht agus nach féidir leo an milleán a chur ar Fhianna Fáil níos mó as fadhbanna na tíre ar fad.

Tá Fine Gael chun cinn sna pobalbhreitheanna go fóill ach de réir a chéile tá an teannas ina measc ag méadú. Caithfidh go bhfuil aiféala ar Leo Varadkar nár fhógair sé toghchán ag tús na bliana seo caite mar níl i ndán dúinn ach éiginnteacht sna míonna seo romhainn. Is críonna an té a déarfadh cén tionchar a bheidh aici ar thacaíocht an rialtais agus an Taoisigh.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).