File ar Fhile

Liam Ó Muirthile
File ar Fhile

coislife

Sraith leabhar filíochta í File ar Fhile ina ndéanann filí aitheanta na hÉireann aistriúcháin go Gaeilge ar shaothar filí suaithinseacha as tíortha eile san Eoraip. Liam Ó Muirthile a chéadchuimhnigh ar an mórthionscadal aistriúcháin liteartha seo, agus is é a leabhar féin, Dánta Arthur Rimbaud an chéad saothar sa tsraith. Fairis sin tá díolaim dánta ón Iodáilis le hEiléan Ní Chuilleanáin (Dánta Antonella Anedda), ón Spáinnis le Tomás Mac Síomóin (Dánta Antonio Machado) agus ón nGearmáinis le Gabriel Rosenstock (Dánta Erich Fried). Cuirtear bailchríoch leis an tsraith le saothar eile ón bhFraincis, atá fíoréagsúil le saothar Rimbaud, is é sin Dánta Andrée Chedid, aistrithe ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Eagráin uimhrithe theoranta de 300 cóip atá sa tsraith. Is féidir na leabhair aonair agus/nó an tsraith iomlán a ordú ar www.coislife.ie

Seolfaidh an tOllamh Caoimhín Mac Giolla Léith an tsraith File ar Fhile ar an 20 Bealtaine, ag ócáid ceiliúrtha i gcomhar le IMRAM agus ILFD. Ticéid ar fáil: ilfdublin.com/events

Seo thíos Réamhrá Liam Uí Mhuirthile ón leabhar Dánta Arthur Rimbaud, maraon le dán amháin as gach ceann den chúig bhailiúchán foilsithe le caoinchead ón bhfoilsitheoir Cois Life.

Gile na gile

Bhí áthas ar Liam Ó Muirthile Rimbaud a thabhairt thar tairseach na Gaeilge isteach

Luigh filíocht Arthur Rimbaud idir dhá shaol ionam i gcaitheamh na mblianta, riamh ó léigh mé an dán ‘Le dormeur du val’ leis agus mé sna déaga. Ní raibh a shárú ann ag an am. Bhraitheas gur bhain sé an bonn go deo den dán laochais, de dhán mórtha na cogaíochta agus nach mbeadh dealramh lena leithéid go deo arís i ndiaidh ‘Le dormeur du val’. Mo léan. Ní bhfuaireas blas ar bith ina dhiaidh áfach ar mhórán den bhfilíocht ‘nua-aimseartha’ ar an gcúrsa Fraincise san ollscoil ag an am agus chaitheas uaim Charles Péguy bocht.

Pé scéal é, ba é Liam Carson a d’iarr orm buille a thabhairt ar chuid de dhánta Rimbaud cúpla bliain ó shin – bhí leaganacha déanta ag a dheartháir Ciaran de roinnt de na Illuminations mar a thugtar ar shraith dánta próis a scríobh Rimbaud i Londain in 1874. Dhá bhliain roimhe sin a bhí sé i Londain le Paul Verlaine. Bhí Verlaine i bpríosún anois tar éis Rimbaud a lámhach – go héadrom ní foláir a rá – sa Bhruiséil agus speabhraídí óil agus ragairne ar an mbeirt acu.

Leaganacha i bhfoirm véarsaíochta a bhí déanta ag Ciaran agus chloíos féin le patrún na véarsaíochta sna haistriúcháin agam féin ach amháin i ndréacht amháin ag druidim le deireadh na sraithe nuair a chasas ar an bprós (‘Colúin nuachtán’). Ba é Baudelaire, is dócha, ba thúisce a scríobh dánta próis, sa traidisiún Francach nua-aimseartha ar aon nós. Aithníonn scoláirí liteartha anáil Baudelaire ar fud shaothar Rimbaud. Chorraigh dánta Rimbaud mé an athuair, agus d’aithníos an deabhóid róchráifeach garsúin, atá i gcuid díobh, ionam féin leis tráth den saol. Is ait le rá é, ach thugas ‘Gile na Gile’ ar an dán ‘Being Beauteous’ gan cuimhneamh an dara huair air, agus dhein aisling de dhréacht Arthur. Níor chuireas romham saothar Rimbaud a fhí in uige chlasaiceach na Mumhan, ach ón uair a tharla a leithéid uaidh féin nach mór, b’amhlaidh b’ionraice é. Nó ba mhó a thógas féin ceann de. Tá sé greannmhar cuimhneamh gur Rathailleach faoi chló Rimbaud é ár gcara ag siúl roimhe, ach ní deacair é, agus an tuathánach a raibh tuin ramhar ar a chuid cainte as an réigiún Francach thuaidh ag coisíocht i sráideanna Pháras.

Bíonn ort tú féin a phriocadh go minic agus Rimbaud idir lámha agat – ‘ní raibh aige ach seacht mbliana déag nuair a scríobh sé é seo’ arsa tú féin. Is mó atá sé dealraitheach leis na laochra óga spóirt nó rac-n-ról, an aimsir seo, ná le file acadúil ar bith. Saolaíodh é in 1854 i mbaile Charleville sna Ardennes agus cailleadh é in aois a sheacht mbliana is tríocha in 1891 in Marseille. Ach ar mhórán slite ní féidir srian an ama a chur ar shaol ná ar shaothar Rimbaud. Tá sé lasmuigh d’am agus d’aimsir. Bhí a shaothar iomlán fileata curtha i gcrích aige in 1881, agus é imithe le saol an trádálaí agus fiontraí coilíneach Francach in imigéin. Mangaire caife san Aetóip; gunnaí athláimhe ón bhFrainc á ndíol aige in Áidin, Éimin; cuala eabhair aige níos luachmhaire ná ór; earraí coitianta an mhargaidh ina n-ualaí ar chamaill le díol ar aontaí – bhí sé chomh gafa leo seo, le luachanna sóinseálacha airgid, is a bhí sé aon lá riamh sa ghuairneán fileata. Fear teangacha ab ea é de réir tuairisce agus Arabais ar a thoil aige, mar aon le teangacha ‘réigiúnacha’ nár bhac Eorpaigh gheala eile leo. Is fiú go mór a chuid litreacha i gcaitheamh an ama a léamh – Rimbaud Oeuvres Complètes (Gallimard, 2009) – chomh maith le sárbheathaisnéis Enid Starkie (Arthur Rimbaud, Faber and Faber, 1938).

Bheadh sé mí-ionraic a mhaíomh go raibh aidhmeanna ‘ard-liteartha’ agam agus Illuminations á aistriú go Gaeilge agam. Bhíothas ag lorg leaganacha Gaeilge agus chuireas roinnt dréachtaí ar fáil mar a dhéanfadh saothraí pinn ar bith! Bhaineas sásamh as an dúshlán. Thugas faoi ‘Le bateau ivre mar chineál ómóis uaim féin do thraidisiún liteartha na Gaeilge. Níor thuigeas é sin i gceart go dtí gur rith an frása – ‘A thonn seo thíos’ liom sa rann deireanach. Bhí cúig rann is fiche roimhe. Ba é an saothar aistriúcháin ba dhéine dár dheineas riamh é. Glacann Rimbaud seilbh ort. Fuadaíonn sé isteach ina riastradh tú. Seasann an Rathailleach guala ar ghuala le Rimbaud, im shúile-se ach go háirithe. Bíonn cosúlachtaí idir filí móra as traidisiúin an-éagsúil.

Ina theannta sin, ghlacas riamh leis ón uair a thosnaíos amach, gur tionscnamh liteartha ab ea an obair seo agam féin, agus nach rabhcánaíocht amháin a bhí ar bun. Le tamall de bhlianta, leis, chuireas romham locus mo shaothair féin a lonnú ar Mhór-Roinn na hEorpa, agus i réigiúin Fraincise na hAfraice agus Mhuir Chairib an méid ab fhéidir é. Is mó a bhraitheas dáimh riamh le sruthanna éagsúla scríbhneoireachta san Eoraip agus in imigéin ná le priompalláin impiriúla sa domhan Angla-Mheiriceánach.

Ceann de na freagraí atá ar an gceist ‘Canathaobh go n-aistreofá Rimbaud go Gaeilge?’ ná, dála mar a d’fhreagair dreapadóirí eachtracha Everest sna sean-laethanta, ‘Toisc gurb ann dó’. Fiosracht, leis, féachaint cad iad na cora a bhainfeadh duine d’fhilí suaithinseacha an modernité as teanga chlasaiceach – chalctha, nach mór: arbh fhéidir í a aclú chun an riastradh Rimbaldien a ghabháil agus a cheansú? Im chás féin go minic, bíonn orm na dánta a chlos go steireafónach, nó uilefhónach más ann dó – teanga amháin ar a laghad sa dá chluais ar leith – sara bhféadaim tabhairt faoi aistriúchán. Gníomh éisteachta is ea é i dtosach báire. Ach is éisteacht de shaghas eile ina theannta sin é, a ligeann duit na línte a bhrath. Tá cumhacht – pabhar – diamhair ina shaothar agus ní mór dul i bpáirt ann. Sin é an fuadach agat is dócha.

Tá deireadh go deo leis an gcineál seo saothrú liteartha i nGaeilge. Is dócha gurbh fhéidir a áiteamh nach bhfuil sna haistriúcháin seo ach ‘gníomh acadúil’ mar a chuirimis féin go tarcaisniúil i leith na sinsear fadó. Is minic a chuimhníos féin gur aistriúchán é an saothar mór filíochta sa 20ú hAois i nGaeilge – An Choiméide Dhiaga leis an Monsignor Pádraig de Brún. Cloisim féin na seacht sinsear ag cogarnaíl trí na línte nuair nach gcloisim cogarnaíl ná sinsearacht ar bith ag mórán eile timpeall orthu. Dob fhéidir, is dócha, canúint Ghaeilge amháin a athchruthú ón gCoiméide, obair an Alhambra a atógaint! ‘Ach is aistriúchán é,’ a bhéiceann cách, ‘agus ní bunsaothar é.’ Chomh fada is a bhaineann an scéal liomsa, is bunsaothar le fada riamh de chuid na Gaeilge í, agus lonnaíocht bhuanchónaitheach ag an mórshaothar domhanda sa teanga oileánda. Deineann an saothar ón dtaobh amuigh isteach ‘coimhthiú’ ar an dteanga aíochta, baineann cora aisti a dheineann athnuachan uirthi mar a bhearrfaí géaga crainn. Tá sé seo ar siúl riamh.

Braithim féin anois go bhfuil cáilíocht nó mianach an linbh mar bhunsraith ina shamhlaíocht ag Rimbaud. An íomhá sin den leanbh leochaileach ag cur a bháidín seoil le sruth ar lochán, mar a chífeá go minic sa Jardin du Luxembourg i bPáras agus mar atá i gceann de na rannta in ‘An bád meisce’. Nuair a bhí an leanbh sin ina aigne agus ina shamhlaíocht, fuascailte aige, bhí deireadh déanta aige le gnó na filíochta. Tá ionracas ag baint leis an gcinneadh a chúl a thabhairt leis an bhfilíocht agus a aghaidh a thabhairt ar an bhfiontraíocht, saghas buile iad araon.

Bhí a fhios agam go raibh leagan Gaeilge déanta cheana ag an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin de ‘Le bateau ivre’, ina shraith Manuail de Litríocht na Gaeilge, ach ní raibh teacht agam air tráth a bhíos féin ag plé leis. Níor theastaigh uaim, ar aon chuma, go mbeadh mo leagan féin faoi scáth aon leagain eile, agus níor cheadaíos é. Léigh mé na bunleaganacha de Illuminations chomh maith le dréachtaí Ciaran Carson. Maidir leis ‘Le bateau ivre’ léigh mé leaganacha éagsúla – Beckett, Robert Lowell – ach is ón mbunsaothar a d’oibríos i gcónaí. Rann nó dhó sa ló, dréacht garbh próis, agus an rann a shnoí ina mhúnla véarsaíochta Gaeilge ina dhiaidh sin. Níor bhús go dtí é.

Bhíos corraithe go maith agus mé ag léamh comhfhreagras Rimbaud, an chuid is mó de in ospidéal in Marseille. Bhí cos bainte de, ón nglúin anuas, agus é beartaithe an dara ceann a sciotadh go gairid sular cailleadh é. D’fhulaing an fear bocht an-mhór. Deirfiúracha agus máthair ag freastal air tríd an bpost ón mbaile. Bhí sé mór le Isabelle, go háirithe, agus ba í an deirfiúr a d’eagródh a pháipéirí agus a chomhfhreagras tar éis bháis dó. Ailse a bhí air, sna cnámha a mheasaim, ach an galar leata. Bhíos féin á léamh agus mé sínte in ospidéal leis, ach is ar éigean a d’fhéadfainn a trí nó cheithre cinn d’abairtí a léamh as a chéile. Bhí speabhraídí orm tar éis mórobráide, ach bhíos á gcur síos d’fhilíocht Rimbaud. Mo ghraidhin é. Nuair a ghlan mo cheann an athuair, beagán, bhí áthas orm go raibh Rimbaud tugtha thar tairseach na Gaeilge agam agus bheith istigh ag a anam leochaileach seal.

B’fhéidir go n-aimseodh an beagán seo uaim buanbhaile lá éigin. Bheadh Rimbaud damnaithe ag súile Piúratánacha na haimsire seo – an pháirtíocht i dtionscnamh coilíneach na Fraince agus mar sin de – ach tharla rud amháin domsa agus mé ag plé leis an saothar seo: nuair a dhoimhnigh mo thuiscint air, d’éiríos an-cheanúil ar Rimbaud, san áit nach bhféadfainn a mhaíomh go raibh cion ach meas amháin. Ní beag san.

Liam Ó Muirthile