An nuascéal céanna…
Shane GrantTá a rian fágtha ag nuachainteoirí Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh ar thraidisiún litríochta na gceantar sin, a deir Shane Grant
Tá go leor cainte déanta le cúpla bliain anuas mar gheall ar an téarma ‘nuachainteoir Gaeilge’ . An Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a thug an téarma isteach i ngort na Gaeilge, téarma a fuarthas ar iasacht ó thaighde i dtír na mBascach, taighde a bhí mar chuid de thogra níos leithne ar nuachainteoirí timpeall na hEorpa, COST. Foilsíodh an tuarascáil deiridh a rinne an bhuíon taighde sin i Meitheamh 2019. Baineann an taighde atá ar siúl agam féin le grúpa de sheisear déag filí Gaeilge a bhfuil dlúthbhaint acu le ceantar Chorca Dhuibhne agus le hUíbh Ráthach agus le spreagadh, cothú agus cleachtadh na filíochta sna ceantair sin.
Tá dáréag filí Gaeilge (a bhfuil cnuasach filíochta foilsithe acu) ag saothrú leo i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire agus in Uíbh Ráthach atá Paddy Bushe lonnaithe. Tá an file iontach Mícheál Ó Siochrú, ó Bhaile an Sceilg ó dhúchas ag saothrú leis i gCaisleán Uí Chonaing, i Luimneach ach níor fhág sé slán riamh lena dhúchas, ó thaobh na samhlaíochta agus na cruthaitheachta ar aon chuma. Beirt fhilí eile a bhfuil baint acu leis an dá cheantar iad Marcus Mac Conghail (a chaith tréimhse ag maireachtaint i gCorca Dhuibhne) agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, file ó Lios Tuathail, arbh ó Uíbh Ráthach a mhuintir, agus a bhfuil nasc láidir aige féin le ceantar Chorca Dhuibhne. Tá filí eile ann nach bhfuil an bhuanaíocht chéanna fós acu a bhíonn ag scríobh in Iarthar Dhuibhneach, ina measc roinnt scoláirí óga. Lena chois sin, tá an file Bríd Ní Mhóráin ag obair mar scríbhneoir cónaitheach i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Mar a dúirt sí féin (2018), ‘Dá gcaithfeá cloch thar chlaí i gCorca Dhuibhne, bhuailfeá file. Táid chomh iomadúil sin’.
Gné shuntasach a bhaineann leis na filí seo ná go bhfuil sciar maith acu ina nuachainteoirí Gaeilge agus bhog siad isteach ón dtaobh amuigh chun cónaí sna ceantair seo. Bhog na filí seo, a bhféadfaí iad a áireamh mar nuachainteoirí – Simon Ó Faoláin, Paddy Bushe, Louis Mulcahy, Ceaití Ní Bheildiúin, Áine Moynihan agus Peadar Ó hUallaigh – go Corca Dhuibhne, agus Uíbh Ráthach i gcás Paddy Bushe, ag tréimhsí éagsúla agus ar chúiseanna éagsúla, cúiseanna nár bhain leis an bhfilíocht i gcónaí. Is spéisiúil an chaoi a n-aithníonn na filí seo iad féin mar scríbhneoirí Gaeltachta nár tógadh leis an teanga ach a dhein cinneadh maireachtaint sna dúichí Gaeltachta seo agus an Ghaoluinn a tharraingt chucu mar mheán filíochta.
Is éard atá i gceist le nuachainteoirí na Gaeilge ná cainteoirí rialta a d’fhoghlaim an teanga lasmuigh den ghnáthchomhthéacs sealbhaithe teanga sa teaghlach, ach a labhraíonn í ina saol laethúil. Tá céim bhreise i gceist mar ní fhéachtar go pointe ar an nuachainteoir mar fhoghlaimeoir teanga, ach mar chainteoir gníomhach a labhraíonn an teanga go rialta agus a mbíonn tairseach áirithe bainte amach aige nó aici (cé go mbíonn siad ag foghlaim go fóill). I gcás filí áirithe a d’aistrigh go dtí Corca Dhuibhne, b’ann a thánadar ar an bhfilíocht don gcéad uair agus i gcás cuid eile acu, b’ann a luíodar isteach leis an gceard i gceart.
Ní rud nua é ag an scríbhneoir dul siar, agus siar go hIarthar Chiarraí, go háirithe.
D’fhág nuachainteoirí a rian ar stair litríocht Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh. Tháinig Carl Marstrander agus Robin Flower go dtí an Blascaod Mór mar shampla, agus ba iadsan a spreag an Criomhthanach agus an Súilleabhánach lena mórshaothair a chur ar phár.
Bhí an traidisiún seo filleadh ar an ndúchas go láidir i measc scríbhneoirí sa chéad seo caite chomh maith. Ba bhéas ag lucht ‘Innti’ imeacht siar go Corca Dhuibhne, áit a bhfuair siad ceárta anama agus teanga. Léiríonn an dán clúiteach ‘Fill Arís’ leis an Ríordánach an idé-eolaíocht sin go héifeachtach, an nós sin ag daoine imeacht siar ar thóir a gcuid féiniúlachta, a gcló ceart. Dar le Tadhg Ó Dúshláine gurb amhlaidh go mbítear ag lorg na gné stairiúla sin dínn a ceileadh orainne nár rugadh sinn sa Ghaeltacht.
Ní féidir é a mhíniú ach go bhfuil fhios agat gur ceileadh nó gur baineadh de do mhuintir fhéin an saibhreas sin go léir ach gur mhair sé i bpócaí beaga agus ná rabhaise ach ag déanamh athghabháil, tóraíocht taisce, ar chuid an-bhunúsach, an-thábhachtach díot féin a thug léirsteant agus tuiscint duit ar an saol, gaois agus aigne do mhuintir ar fad romhat, ag dul siar na cianta, gur mhair sé sin anso fós, ceilte ort, i ngan fhios duit, go dtí go raibh sé de dhán duit nó de phribhléid agat teacht chun na Gaeltachta.
(Agallamh le Ó Dúshláine 2018)
Is éard atá spéisiúil fé na filí comhaimseartha atá faoi thrácht anseo ná gur dheineadar cinneadh fanacht sna dúichí ar bhogadar chucu. Níor leanadar an cosán céanna a lean lucht INNTI. Dhírigh na filí seo ar shocrú níos buaine. Is cuid den bpobal áitiúil iad anois. Ach an mbraitheann siad gur nasc dlisteanach an nasc atá acu leis an gceantar? An bhféachann na filí seo orthu féin mar bhaill bharántúla dá bpobail anois? Cén tuiscint atá ag na nuachainteoirí seo ar a bhféiniúlacht féin?
Léirigh an tOllamh Máirín Nic Eoin (2005) ina leabhar clúiteach Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge gur mór an difríocht atá idir an scríbhneoir Gaeltachta agus an scríbhneoir Gaeilge nár tógadh leis an teanga. Dar le Nic Eoin go mbíonn síorcheistiú ar siúl ag an scríbhneoir Gaeilge nár tógadh leis an teanga maidir lena mbarántúlacht mar scríbhneoirí Gaeilge. Is gá toil agus féinmhuinín ar leith a bheith ag an scríbhneoir dara teanga sa Ghaeilge, a deir sí.
Taispeánann Walsh & O’Rourke (2015) an dlúthbhaint atá idir féiniúlacht agus féinfheasacht an nuachainteora agus an t-athrú a thagann ar a gcleachtas teanga. Athraíonn tuiscint an nuachainteora ar a f(h)éiniúlacht féin de réir mar a athraíonn a gcleachtas teanga. Áitím go n-éiríonn leis na nuachainteoirí seo ceangal níos láidre a bheith acu lena mbaile nua ar shlite éagsúla; trí nasc ar leith a chruthú le tírdhreach agus miotaseolaíocht na háite; trí úsáid chomhfiosach a bhaint as leaganacha canúnacha ina gcuid filíochta; agus trí ról ar leith a ghlacadh chucu féin sa phobal nua.
Aithníonn Simon Ó Faolaín go maireann sé ar thairseach agus nach bhfuil sé go hiomlán compordach le haon fhéiniúlacht ar leith. Ní maith leis go dtugtar fear cathrach ná fear tuaithe air. Rugadh i mBaile Átha Cliath é, ach tá sé in Iarthar Dhuibhneach ó bhí sé seacht mbliana d’aois. ‘gur saghas duine mé atá ag titim idir dhá stól. Ní duine ceart Gaeltachta mé nó ní duine ceart Galltachta mé mar chaitheas an chéad seacht mbliain de mo shaol i mBaile Átha Cliath, i dTamhlacht’ (Agallamh le Ó Faoláin 2018). Aithníonn sé nach mbíonn a chuid smaointe i dtiúin le muintir na háite agus go ndéantar breithiúnas míchóir go minic ar dhaoine más ón gceantar iad. Cé nach dóigh leis féin go bhfuil fíorspéis ag muintir na háite san fhilíocht, deir sé go ndein an pobal bréag-ghaisce faoi fhéin nuair a d’fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta.
Bhí tigh amháin ar cíos againne agus ar feadh tamaill bhíodh dochtúir in aice linn agus bhí comharsan Tom, feirmeoir, bhí sé thíos sa bhóthar, an Clochán Dubh, sin an baile fearainn buailte le Cill Mhaoilchéadair ar an dtaobh ó thuaidh agus bhí sé ag caint le duine éigin ansan thuas, bhí sé ag rá ‘Táimidne níos fearr ná sibhse mar tá file agus dochtúir againn i gCill Mhaoilchéadair agus níl faic agaibhse’. Níl aon spéis acu sa rud ach an rud so fé easpa breithiúnais. Daoine an-dheasa is ea iad ach ní dóigh liom go ndeineann siad é d’aon ghnó ach níl siad in ann breithiúnas a dhéanamh fé aon rud más ón gceantar duine amháin agus nach ón gceantar an duine eile.
(Ó Faoláin 2018)
Is seandálaí é Ó Faoláin agus éiríonn leis ceangal a dhéanamh leis an tírdhreach áitiúil, a thugann dar leis, barántúlacht níos láidre dó mar scríbhneoir Gaeltachta. Deir sé go mbaineann an-tábhacht le huaigheanna agus le do mhuintir a bheith curtha san áit a maireann tú ó thaobh do chuid féiniúlachta de. Níl a leithéid amhlaidh d’Ó Faoláin dar ndóigh, agus tugann sé le fios go seasann an focal ‘tuath’, focal atá débhríoch, isteach dó in áit an easnaimh seo. Ciallaíonn ‘tuath’ treabh agus clann agus d’fhéadfá brí eile, taobh tíre, a lua leis chomh maith. Líonann an taobh tíre an bhearna sin, gan a shinsir a bheith curtha ar an leithinis agus tugann deis níos fearr don bhfile ionannú leis an gceantar.
Dhein Ceaití Ní Bheildiúin and Louis Mulcahy íobairtí móra chun an teanga a fhoghlaim nuair a bhogadar go Corca Dhuibhne ar dtús. Theastaigh uathu thar aon rud eile nach gcuirfidís le meath na teanga a bhí chomh soiléir dóibh ag an am. Níor léigh Ceaití Ní Bheildiúin mar shampla aon leabhar Béarla le linn a céad deich mbliana i gCorca Dhuibhne! D’éirigh léi ceangal a aimsiú leis an teanga tríd an bhfilíocht agus dar léi, gur thug an fhilíocht deis di dul thar tairseach isteach go dtí a baile nua, cé gur bhain eispéireas taiscéalaíochta leis na hathruithe seo ar fad agus gur thaitin an leathcheol agus an leatheolas a bhain lena raibh ar siúl aici léi.
Bhunaigh Louis Mulcahy a ghnó féin i gCorca Dhuibhne, ‘Potadóireacht na Caolóige’ a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige. D’éirigh sé an-ghníomhach i saol cultúrtha agus cruthaitheachta Chorca Dhuibhne agus bhunaigh sé an Fhéile Bheag Filíochta sa bhliain 2006. Tá an ghníomhaíocht phobail seo aitheanta i gcúrsaí litríochta mar mhodh éifeachtach don chine isteach chun ionannú a dhéanamh lena p(h)obal nua. Taispeánann Graham, Graham & Marcia (2001) gurbh fhéidir le cine isteach nasc níos láidre a chothú trí pháirt ghníomhach a ghlacadh sa phobal.
Thus, in-migrants whose backgrounds deny them
the ability to claim the status of insiders in terms of established local ‘roots’ can nevertheless claim the status
of insiders in the alternative sense of community involvement, as many of them did.
(Graham, Graham & Marcia 2001: 36)
Is téama lárnach i mo chuid taighde dochtúireachta féin an bhaint a bhíonn ag nuachainteoirí le cothú na cruthaitheachta agus i soláthar ‘creative affordances’ nó gnéithe cothaithe a chuireann an chruthaitheacht chun cinn. Is beag imeacht filíochta a eagraíonn na heagrais phobail atá sa cheantar (cé go dtugann siad tacaíocht dóibh) agus gur faoi na filí, ar nuachainteoirí iad den gcuid is mó, a bhíonn sé na féilte agus ócáidí filíochta a chur ar bun.
Baineann Paddy Bushe leas as miotaseolaíocht áitiúil chun nasc níos láidre a dhéanamh le ceantar Uíbh Ráthaigh a chuireann lena bharántúlacht mar bhall den bpobal ann.
Bíonn áit lárnach ag an gcarachtar miotaseolaíochta Aimhirghin agus ag Clann a Mhíle a thug an fhilíocht go hÉirinn don gcéad uair, de réir an Leabhar Gabhála. Ba i mBá na Scealg a thángadar i dtír don gcéad uair. Labhair Bushe ag Éigse na Brídeoige 2019 mar gheall ar a lárnaí is atá an scéal seo dá fhéiniúlacht. Aithníonn Gearóid Denvir an bhailíocht
a bhaineann leis an gceangal seo a dhéantar le tírdhreach
agus le miotaseolaíocht.
Landscape is personal and tribal history made visible. The native’s identity - his place in the total scheme of things - is not in doubt, because the myths that support it are as real as the rocks and the waterfalls he can see and touch.
(Denvir 2005: 108)
Tugann Paddy Bushe (2018) suntas do róil agus do thionchar na bhfilí, nó na nuachainteoirí seo i gcothú na cruthaitheachta i gCorca Dhuibhne. Dar leis go mbíonn Simon Ó Faoláin, Áine Moynihan agus Louis Mulcahy chun tosaigh in eagrú imeachtaí ealaíne agus gur buntáiste ar leith is ea é seo don gceantar.
Áitíonn Simon Ó Faoláin (2018) nach bhfuil aon áit eile sa Ghaeltacht atá ar comhchéim le Corca Dhuibhne maidir le beogacht shaol na n-ealaíon agus maidir leis an méid imeachtaí filíochta a eagraítear sa cheantar. Rith sé féin club filíochta i dTigh Uí Chatháin, i mBaile an Fheirtéaraigh ar feadh deich mbliana darb ainm ‘Aos Cró’. Tá sé ina chathaoirleach ar an bhFéile Bheag Filíochta faoi láthair agus bhíodh baint mhór aige, agus é fostaithe mar Oifigeach Litríochta, leis an gcomhlacht ealaíne ‘An Lab’. Chuirtí léamha filíochta i dteannta ceoil ar siúl go minic ag am lóin sa Daingean gach Aoine. Tá sé fostaithe le sé mhí anuas chomh maith mar scríbhneoir cónaitheach le Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Déanann Ó Faoláin gáire faoin ‘common denominator’ idir na himeachtaí filíochta ar fad a bhíonn ar siúl sa cheantar: is minic gurb é fhéin a bhíonn á n-eagrú.
Bhunaigh Áine Moynihan, arb as Loch Garman ó dhúchas di, an comhlacht amharclannaíochta AnnÓg sa bhliain 2007. D’éirigh léi foirgneamh seasmhach a fháil a bhuí le maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta agus tugadh ‘An Lab’ air. Bhí an áit oiriúnach dar léi do go leor imeachtaí éagsúla agus dhein sí a dícheall ardán ar leith a chur ar fáil d’fhilí agus d’ealaíontóirí an cheantair le linn na ndeich mbliana a chaith sí ann. Ní mhaireann an Lab mar gur díshealbhaíodh iad ón bhfoirgneamh Meán Fómhair 2017. Tá easpa mhór dá bharr maidir le hinfreastruchtúr agus le hardán a bheith ar fáil don bhfilíocht agus do na healaíona trí chéile, easnamh tromchúiseach dar le go leor d’fhilí an cheantair. Anuas ar ‘Lón Anama’ a d’eagraítí ar an Aoine sa Daingean, chuirtí ‘Fíochán Filí’, camchuairt filíochta, ar bun a thaistil timpeall na tíre, ag cruthú gréasáin idir filí Gaeilge ó cheantair éagsúla.
Bíonn ról lárnach ag Paddy Bushe agus a bhean chéile Fíona i saol na cruthaitheachta in Uíbh Ráthach. Bhunaíodar ‘Éigse na Brídeoige’ tríocha bliain ó shin agus tá Fíona ina stiúrthóir ar an Éigse. Bhunaíodar an fhéile filíochta ‘Éigse na Gréine’ nó ‘Amergin Solstice Poetry Gathering’ ar a bhfuil Paddy ina stiúrthóir cruthaitheach uirthi. Cuireann Paddy Bushe go mór le saol cultúrtha agus le forbairt Uíbh Ráthaigh, agus aithnítear é fhéin agus a bhean chéile mar ghníomhairí pobail, a chuir flosc le hobair na pleanála teanga agus Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh, a fhéachann roimhe chun dul in aghaidh an mheatha atá tagtha ar dhaonra Uíbh Ráthaigh le caoga bliain anuas.
Is dóigh liom go bhfuil gaol ar leith idir an borradh atá faoin bhfilíocht i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire agus ról na nuachainteoirí a bhog isteach ón dtaobh amuigh, leithéidí na bhfilí a pléadh anseo, Ceaití, Simon, Áine agus Louis. Cuireann siad go mór leis na ‘gnéithe cothaithe’ atá ar fáil dóibh siúd ar spéis leo an fhilíocht. Ní bheadh an borradh nó an bheogacht chéanna sa dúthaigh gan tionchar agus ról gníomhach na nuachainteoirí seo. Cruthaíonn siad na hardáin is mó a chothaíonn na healaíona, agus an fhilíocht go speisialta. Baineann an grúpa filí seo le traidisiún liteartha ar fhág mórán daoine a tháinig isteach go hIarthar Duibhneach, a lorg air. Cén saghas traidisiún liteartha a bheadh i gCorca Dhuibhne murach gur tháinig Robin Flower agus Carl Marstrander go dtí an Blascaod ag tús an 20ú haois agus murach go spreagadar Muiris Ó Súilleabháin agus Tómás Criomhthain peann a chur le pár? Cén chuma a bheadh ar oidhreacht liteartha Uíbh Ráthaigh murach gur tháinig an bailitheoir béaloideasa Séamus Ó Duillearga síos go dtí sráidbhaile Chill Rialaigh le cuairt a thabhairt ar Sheán Ó Conaill sna 1930idí?
Baineann na filí atá luaite againn anseo le traidisiún
liteartha níos leithne a mbíodh agus a mbíonn tionchar an-láidir ag ‘nuachainteoirí’ air agus lena ngníomhartha cumhachtacha fileata éiríonn leo an ceangal stairiúil seo
a choimeád beo inniu.