AN COMHAR SOLAIS
Bhíos i gColáiste Phádraig, Droim Conrach mar mhac léinn chéad bhliana nuair a chéad chuala mé mar gheall ar Comhar. Bhí Eoghan Ó hAnluain ina léachtóir againn san am, agus ráinig é a bheith ina eagarthóir ar an iris ag an am céanna. Mar is dual do shármhúinteoir ba mhinic an cúrsa á thréigint aige d’fhonn dul i leataobh na slí agus ábhar a phrioc a mheanma féin á chur inár láthair aige. Lá de na laetha sin, thug sé isteach dán le Réamonn Ó Muireadhaigh a bhain le Hemingway, más buan nó más iomrallach mo chuimhne. Scríobh sé amach ar an gclár dubh é (dhéantaí é sin) agus dhein scagadh ar na híomhánna agus ar an teanga a bhí ann. Níorbh é an dán féin ba thábhachtaí, ach gur léir gurbh earra é a tháinig chuige mar eagarthóir ar Comhar, agus bhí sé ar tinneall é a roinnt linn. Níor bhain litríocht na Gaeilge feasta leis an ábhar oifigiúil a bhí ar an gcúrsa, ach le hábhar a bhí á scríobh go beo agus go bríomhar lenár linn féin lasmuigh den doras!
Is chuige sin a chuir mé aiste mar gheall ar an gcogadh idir Biafra agus an Nigéir go dtí Eoghan agus Comhar ó oileán Fernando Po (a bhfuil Bioko anois air) nuair a bhíos sa chearn sin den domhan le linn na barbarthachta ann. Dúradh liom i bhfad ina dhiaidh sin go raibh duine i mBéal Feirste a raibh de chúram air aon rud a bhí scríte i nGaeilge mar gheall ar an gcogadh a aistriú go Béarla do na húdaráis in Lagos. Is dá dheasca sin a cromadh ar mo chuidse litreacha isteach is amach a oscailt is a scrúdú! Cé dúirt nár shín anáil Comhar i bhfad is i gcéin?
Ní gá arís eile na scríbhneoirí uile go léir, na haistí léannta, na hailt spreagúla, na léirmheasanna luachmhara, na díospóireachtaí solasmhara agus eile a áireamh uair amháin eile mar mholadh ar Comhar. Ba é Comhar fóram litríochta agus machnaimh na Gaeilge. Ba chuid den síol iad a leathnaigh is a chraobhaigh foilsitheoireacht leabhar agus litríochta na teanga sna 50idí agus na 60idí den aois seo caite, agus atá farainn i gcónaí.
Ní hionann a bhfuil ar an idirlíon agus an cló fuar álainn buan. Sneachta na bliana seo caite is ea a bhfuil ar an idirlíon. Candaí flas, an rud a leánn id bhéal. Bulgóidí as píopa phaiste. Cuil Bhealtaine na haon uaire. Broim nach ngabhann breith uirthi. Miam ghaoithe sa tséideán bruithne. Cuimilt cuileoige ar thóin bhéiste. Mún dreancaide sa chibearspás. Cloch is ea an cló, puth beag gairid is ea an prionta sealadach ar líne.
An meon a deir nach bhfuil aon rud i ndán don iris chlóite, is é an meon céanna é a shíleann go mbeidh deireadh le leabhair. Meon amú, meon baoth, meon amaideach, meon maslach, meon de chuid an naíonra shaonta, meon de chuid na haimsire caite. Rithfeadh sé leat go gcaithfí gníomh mór gránna dána dalba a dhéanamh dá leomhfaí drannadh leis an iris Comhar a dhíbirt go dtí an liombó digiteach sin amuigh
sa doircheacht agus an chaidhp bháis dheiridh a chur ar
chló-iriseoireacht na Gaeilge le teann sprionlaitheachta agus easpa tuisceana.